Aitheasc an Taoisigh ag Fóram Éire Ildánach, Caisleán Bhaile Átha Cliath
- Foilsithe: 13 Nollaig 2017
- An t-eolas is déanaí: 23 Deireadh Fómhair 2018
A Choimisinéir, a Airí, a fheisirí tofa, agus a chairde go léir
Tá daoine ann arb é a mheasann siad le cultúr, modh éalaithe ó fhadhbanna an domhain. Feictear domsa gur cuid den réiteach ar na fadhbanna atá ann.
Cuidíonn cúrsaí cultúir linn tuiscint a fháil ar na daoine atá ionainn féin sa lá atá inniu ann – ar an gcineál ónar eascraíomar san am a caitheadh – agus ar shaol níos fearr a d'fhéadfaí a chruthú don am atá romhainn.
Ar ócáid mar seo, ní hannamh an rud tosú le sliocht ó James Joyce, ó W.B. Yeats, nó ó Shéamus Heaney.
Nó d'fhéadfadh go mbeadh spreagadh againn ó Sally Rooney, ó Cholm Tóibín, ó Phaula Meehan nó ó dhuine ar bith eile de scríbhneoirí cumasacha na hÉireann a chuireann féith na samhlaíochta agus na cruthaitheachta ag obair le cás an duine sa lá atá inniu ann a iniúchadh.
Mar a deir Emma Donoghue, tá fírinne de chineál eile sa scéalaíocht. Is maith an scáthán ar an saol an saothar ealaíne a chuidíonn linn léargas grinn a fháil orainn féin.
Is ar an gcúis sin atá oiread tábhachta leis an tsamhlaíocht agus leis an gcruthaíocht agus is dá bharr sin atá muid cruinnithe le chéile anseo inniu.
Is ón tsamhlaíocht agus an chruthaitheacht a oibriú ar eolas agus ar an stuaim a eascraíonn nuáil agus dul chun cinn dáiríre.
Albert Einstein féin a dúirt tráth amháin nach ar aon leibhéal a tharlaíonn fadhb a réiteach agus a tharla cruthú na faidhbe an chéad uair.
Is cinnte go raibh an fhírinne ansin aige. Ní gá ach cuimhneamh ar an Eoraip.
Na hailtirí a bhain leis an Eoraip nua-aimseartha – Adenauer, Monnet, Schuman – níor fhéach siadsan le sean-naimhdeas na gcianta a leigheas ná le tubaiste dhá chogadh domhanda a mhaolú trí ábhar gearáin faoi leith anseo agus ansiúd a réiteach le bearta déthaobhacha.
Ina ionad sin, is é a rinne siad, beart samhlaíochta thar na bearta samhlaíochta – sa chaoi is gur chuir siad rompu snaidhmeanna eiseachais a scaoileadh ar leibhéal eile ar fad.
Is de thoradh na cruthaitheachta sin, ó thaobh éirime agus meoin, an réimse forleathan de dheiseanna cultúir, sóisialta agus eacnamaíochta a bhfuil tairbhe againne astu inniu.
Is toradh an Eoraip féin ar an mbeart cruthaitheachta is uilechuimsithí i stair na polaitíochta ó thús ama.
Meon agus méin bun agus barr na hEorpa riamh anall – síocháin, muintearas, tráchtáil, athchairdeas, an ceart agus an cóir, caoi agus deis, folláine agus barr maitheasa.
Agus sin méin agus meon a bhfuiltear tugtha dá gcaomhnú anseo sa Phoblacht sin againne, eadrainn ar fad ar an oileán amháin seo agus idir na hoileáin seo, i measc mhuintir na hEorpa agus sa chaidreamh atá againn leis an saol mór ar fud na cruinne.
Cuireann an Clár Éire Ildánach bonn daingean faoi mheon den chineál seo. Tharla istigh i scoil mé an tseachtain seo caite nuair a bhí an plean 'Óige Ildánach' á sheoladh againn.
Déantar talamh slán de sa phlean sin go gcuireann oideachas cultúir ar chumas dhaoine óga an tuiscint chultúir atá acu féin agus an bonn tuisceana atá ag daoine eile a chíoradh agus a ransú.
Is acmhainn foghlama acu an iléagsúlacht cultúir, spreagtar tuiscint ar dhearcadh tuairimíochta eile ar an stair agus tuigtear an tábhacht atá leis an oidhreacht agus lena caomhnú.
Is é is dóigh linne go mbaintear leas le hoideachas cruthaitheachta as na scileanna samhlaíochta atá ó nádúr sa leanbh agus san ógánach agus ina n-uirlisí téagartha maidir le foghlaim, ilchuimsitheacht agus deiseanna.
Is den bhunriachtanas dá réir sin maidir le dea-shláinte agus maitheas mhuintir na tíre agus leis na deiseanna is fearr a thabhairt sa saol don uile dhuine go mbeadh áit lárnach ag an gCultúr agus ag an gCruthaitheacht i gcúrsaí oideachais. Tá tábhacht leis sin freisin ó thaobh meon saoránachta, méin comharsanachta agus pobal tréitheach téagartha a chruthú lena gcothaítear ár dtuiscint féin ar an saol agus an aisling atá ag muintir na hEorpa ar fad.
Agus tá ceangal aige sin ar fad le gnó an lae inniu anseo.
I mí Meithimh, dhá lá sula ndearnadh Taoiseach díom, agus mé fós i m'Aire Coimirce Sóisialaí, d'fhógair mé tionscnamh píolótach simplí go leor: an liúntas do chuardaitheoir poist a bheith ar fáil ag ranna áirithe ealaíontóirí.
Ó thaobh cúrsaí an bhuiséid go ginearálta, ní raibh ansin ach tionscnamh beag bídeach. I gcás na n-ealaíontóirí a mbeadh tairbhe acu as, níl an bhuntáiste airgid chomh mór sin.
Is é an suntas atá leis an tionscnamh dáiríre go bhfuil aitheantas á thabhairt ag an Stát don rud a dhéanann an t-ealaíontóir – lón fiúntach cultúir a chruthú don uile dhuine againn.
Ar an gcuma chéanna, baineann an Clár Éire Ildánach leis an uile dhuine againn – agus lena mbíonn ar siúl againn gach lá.
Tá acmhainn cruthaitheachta i ngach duine beo ba cheart a mhúscailt, a spreagadh agus a chothú ar feadh a saoil.
Le dearcadh den sórt sin ar Éire Ildánach, is léir gurb é nádúr an duine agus a thabhairt i mbarr a mhaitheasa atá i gceist leis.
Áitítear gurb é an uair is dílse an duine dá nádúr agus den fheidhmiúlacht atá ann, an tráth a mbíonn an acmhainn cruthaitheachta á hoibriú againn – agus go háirithe an t-am a mbíonn an chruthaitheacht á tapú againn in éineacht.
Táim go daingean den tuairim gurb é teist atá ar aon rialtas ar bith a fheabhas a théitear i ngleic leis an gcás ina bhfuiltear agus a fheabhas a leagtar amach pleananna do shaol níos fearr.
Leis an gClár Éire Ildánach, cruthaítear deis smaointeoireacht a dhéanamh go domhain agus go dána faoin am atá le theacht, faoin gcaoin inar féidir linn a theacht in inmhe go hiomlán mar dhaoine agus mar dhream.
Múnla nua atá in Éire Ildánach mar sin maidir le hathrú a chruthú.
Cuirtear mianach cruthaitheachta an duine aonair i gceartlár an chúraim.
Dearbhaítear leis an muinín agus an misneach atá againn ionainn féin - gur chun feabhais a rachaimid mar dhaoine agus mar shaoránaigh.
Más mar sin an pointe teilgin, beidh cuma eile ar fad ar an ní a bhainimid amach:
Ach ní leor aislingí agus cuspóirí. Ní foláir acmhainní agus infheistíocht chomh maith. Tá geallta agamsa cheana féin go dtiocfaidh méadú faoi dhó ar an gcaiteachas ar chúrsaí cultúir, ealaíne agus spóirt i rith tréimhse seacht mbliana. Déanaim sin a dheimhniú arís anseo inniu.
Ní mór breathnú níos faide romhainn ná sin féin:
- Is cinnte go bhfuil géarghá le tamall anuas le hinfheistíocht sa bhonneagar cultúir.
- Cuireann an Clár Éire Ildánach ar ár gcumas an cheist maidir leis sin a phlé go dian dúthrachtach – agus an cheist maidir lena athrú.
Mar is eol daoibh, tá plean náisiúnta caipitil 10 mbliana á ullmhú againn don tír seo agus rún againn an obair sin a thabhairt chun críche i dtús na hathbhliana. Tarlóidh mar chuid de sin cistí suntasacha a chur i leith na bhforas náisiúnta cultúir agus i leith ghnéithe den bhonneagar Ealaíne agus Oidhreachta ar fud na tíre ar scála nach bhfacthas a leithéid ó cuireadh tús leis an Stát. Táim ag tnúth leis an tráth a mbeidh mionsonraí faoi sin le fógairt ag an Aire Madigan an bhliain seo chugainn.
Is den chroímheon a bhaineann le hÉire Ildánach ó thráth a bhunaithe gur tréine a bheadh tréithe an daonlathais ag rith leis an mbonneagar cultúir agus tá leagtha amach go soiléir ag an Aire Madigan ar mian linn a thabhairt i gcrích.
Mar fhocal scoir, a dhaoine uaisle, guím gach rath oraibh féin agus ar an bplé a dhéanfaidh sibh anseo inniu.
Tá Maya Angelou ar dhuine de na filí is ansa liom féin. Bhí sise den tuairim nach féidir an chruthaitheacht a ídiú, dá mhéid dá dtapófaí an chruthaitheacht is ea is mó a chothófaí í.
Coinnímis dá bhrí sin ag cur na cruthaitheachta chun tairbhe d'Éirinn agus don domhan ar fad.
Go raibh maith agaibh.
Críoch