Aitheasc an Taoisigh, Leo Varadkar T.D., do Sheanad Éireann
- Foilsithe: 1 Feabhra 2018
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
A Chathaoirligh, a Sheanadóirí, is cúis áthais dom labhairt libh inniu Lá Fhéile Bhríde, an chéad lá den earrach, agus féile a dtugtaí Imbolc uirthi i seanreacht na págántachta – an tráth den bhliain chun pleananna a bheartú agus gach rud a athneartú.
Téamaí den sórt sin is spreagadh do m'aitheasc anseo inniu, an chéad uair agam a theacht i láthair i mo Thaoiseach dom. In ionad cuntas a thabhairt daoibh ar ghnó an Rialtais, agus tuairisc ar a fheabhas atáthar ag cruthú i gcúrsaí eacnamaíochta, ar an gcaoi a bhfuiltear ag tabhairt faoin ábhar dúshláin a bhaineann le himeacht na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach, le cúrsaí tithíochta agus le cúrsaí sláinte – ceisteanna a bhfuil sibh ar an eolas go maith fúthu cheana féin – is mian liom mo chuid tuairimí faoi athnuachan agus athchóiriú ar chúrsaí polaitíochta in Éirinn a chur in bhur láthair.
Bíonn gá ó am go chéile seasamh siar ionas gur léir cé chomh mór agus atá an t-athrú atá tagtha ar chúrsaí polaitíochta sa tír. Seacht mbliana ó shin, tháinig Fine Gael, le Páirtí an Lucht Oibre ina bpáirtnéirí ag an am sin, isteach sa Rialtas agus é á mholadh againn cur chuig an bpolaitíocht ar bhealach nua.
Bhí claochlú á bheartú againn maidir leis an modh ina reáchtáiltear cúrsaí polaitíochta ó lá go chéile. Rinneadh tagairt do 'réabhlóid daonlathais'. Bheadh roinnt a shílfeadh nár tugadh i gcrích a raibh á thuar.
Ach is é fírinne an scéil gur tháinig athrú chun feabhais leis an ré nua polaitíochta. D'fhéadfadh duine a bheith ag caitheamh i ndiaidh nósanna áirithe a ghabh leis an ‘tSeanpholaitíocht’ ach is lú go mór an tairbhe a thagadh dá thoradh. Thug an Rialtas trí phacáiste d'Athleasú an Oireachtais isteach idir na blianta 2011 agus 2016 agus is léir gurbh fhiú mórchuid mhór na mbeart leasaithe sin agus tá siad á gcoinneáil ar bun dá bharr sin.
Mar a tharlaíonn, fágann roinnt de na bearta leasaithe, cé nach chuige sin a tugadh isteach iad, gur fusa Rialtas mionlaigh a bheith i réim anois ná mar ba dhócha a leithéid faoi na seanchórais.
Áirítear ar na bearta leasaithe a tugadh isteach in imeacht na gcúig bhliana sin:
Táimse den tuairim gur chóir déanamh mar a chéile maidir le Cathaoirligh an Tí seo a thoghadh an chéad uair eile.
Tá difríocht mhór tagtha i dtreis sa dá Theach dá thoradh seo ach is fada an bealach atá le treabhadh go fóill sula mbíonn cothromaíocht ó thaobh inscne tugtha i gcrích againn.
Tá aistriú ollmhór ó thaobh tionchair agus cumhachta i gceist leis seo, ó státseirbhísigh, ó chomhairleoirí agus ó Airí go dtí an pharlaimint.
Rinneadh níos mó billí den sórt sin a rith le cúig bhliana anuas ná mar a rinneadh le leithchéad bliain roimhe sin. Tugtar san áireamh reachtaíocht a chuireann cosc ar fhraiceáil agus deireadh leis an gcosc ar thithe ósta oscailt ar Aoine an Chéasta, gan ach an dá shampla a lua as an iliomad eile atá i gceist.
Shocraigh muintir na tíre gan leathnú le réimse bhearta fiosrúcháin an Oireachtais. B'fhéidir gur chríonna sin uathu, cé gur muid féin a chuir an smaoineamh chun tosaigh. Shocraigh siad freisin gan an aois is óige a cheadaítear Uachtarán a dhéanamh de dhuine a ísliú. Ina ainneoin sin, tuigim gurb é is dóigh le neart daoine go bhfuil cuid mhór déanta agus cuid mhór eile amach romhainn go fóill. Dá réir sin, tar éis Olltoghchán na bliana 2016, bunaíodh Coiste Athleasú na Dála a mhol pacáiste breise de bhearta leasaithe.
Ní hé an Rialtas a leagann sin amach feasta, cé nach gciallaíonn sin nach mbíonn Teachtaí ag iarraidh ormsa am a chur de leataobh chun ceist faoi leith a phlé!
an Seanadóir Ó Céidigh.
Tháinig torthaí nach bhfacthas roimh ré ar roinnt de na bearta leasaithe, míréir maidir le ham cainte ag páirtithe níos lú ina measc, agus laghdú suntasach ar an am atá ar fáil sa Dáil ag an Rialtas maidir le reachtaíocht a rith. Táimse den tuairim – agus tá seo ráite agam cheana – gur gá athchothromaíocht arís ina leith sin.
Táim den tuairim chomh maith gur ábhar buartha an méadú mór ar líon na mBillí Comhaltaí Príobháideacha atá á bhfoilsiú faoi láthair gan aon réamhscrúdú ná dearbhú dea-cháilíochta. Tá níos mó ná céad Bille Príobháideach ag an Dara Céim faoi láthair. Ní théann billí de chuid an Rialtais ar aghaidh go dtí an dara céim gan iniúchadh cuí orthu ag oifig an Ard-Aighne, gan éisteachtaí ina leith ag coistí réamhreachtais, gan cinn na scéime ginearálta agus, go hiondúil, an bille féin, a fhoilsiú i bhfad roimh ré. Níor cheart dúinn glacadh a bheith againn le caighdeán níos ísle maidir le reachtaíocht arna tionscnamh ar mhodhanna eile.
Ainneoin an méid bheag sin, is chun tairbhe an daonlathais in Éirinn mórchuid mhór na n-athruithe agus chuidigh na bearta leasaithe le brí agus bisiúlacht as an nua a chur i seanfhorais.
Rith an tOireachtas reachtaíocht freisin lena gcinntítear oscailteacht agus follasacht bhreise.
Céim mhór chun cinn maidir le cúrsaí follasachta ab ea an tAcht um Brústocaireacht a Rialáil. Bíonn a fhios againn feasta cé a rinneadh stocaireacht, cé air a ndearnadh an stocaireacht, cén uair agus cén fáth.
Tá cosc go héifeachtúil anois freisin ar shíntiúis chorparáide i riocht is go gcinntítear nach féidir le heagraíochtaí cumhachtacha ná le lucht an róshaibhris an rachmas a úsáid chun tionchar a imirt ar chúrsaí polaitíochta ar an gcaoi a ndéanaidís san am a caitheadh.
Tá seo éagsúil go mór - agus i bhfad Éireann níos fearr - ná an cás i dtíortha eile ina mbíonn i bhfad an iomarca tionchair ag lucht airgid ar chúrsaí polasaithe.
A Sheanadóirí, is í mo thuairim féin go raibh leas agus tairbhe ag an tír as Bunreacht na bliana 1937. Agus sinn ag teannadh níos gaire don bhliain 2037 - agus comóradh an chéid - tá, rud nach féidir a sheachaint, gnéithe den Bhunreacht a éiríonn iomrallach agus ar gá leasú agus athnuachan a dhéanamh ina leith.
Deich n-uaire a leasaíodh an Bunreacht an chéad leithchéad bliain; beagnach a thrí oiread uaireanta le scór go leith bliain anuas. Is é reifreann na bliana seo maidir leis an 8ú leasú an séú ceann déag agus fiche.