English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Óráid

Aitheasc an Taoisigh, Micheál Ó Máirtín, agus cistí faoi Scéim an Oileáin Chomhroinnte do Chistí Forbartha na nÚdarás Áitiúil á bhfógairt

Seiceáiltear i gcomórtas leis an gcaint

Amharclann Halla an Bhaile, an Cabhán, 29 Meán Fómhair 2022

Is breá liom a bheith i láthair i mbaile an Chabháin inniu, bualadh libh uilig, agus, i gcomhar leis an Aire Darragh O’Brien, na cistí a cheadaítear faoi Scéim an Oileáin Chomhroinnte do Chistí Forbartha na nÚdarás Áitiúil a fhógairt.

Is mian liom buíochas a ghabháil le Comhairle Chontae an Chabháin agus le hAmharclann Halla an Bhaile as an gcóir atá á chur acu orainn anseo inniu.

Is áit é Halla an Bhaile atá ceangailte le cúrsaí cultúir, cruthaitheachta agus staire. An Tiarna Farnham a thug an talamh ar ar tógadh an halla a osclaíodh go hoifigiúil sa bhliain 1910. Comhairle Baile an Chabháin a bhíodh sa Halla ar dtús sula mbíodh sé ina ionad cruinnithe ag pobal an Chabháin i gcoitinne.

Bhí sé ina Halla Damhsa, ina Amharclann, ina Phictiúrlann, ina Ionad Cruinnithe agus fiú amháin ina Halla Biongó. Is áit é mar sin ina dtugtar óg agus aosta le chéile, ina gcothaítear cairdeas agus ina spreagtar comhchaidreamh. Áit inar féidir le daoine a theacht le chéile, cúrsaí spéise a phlé agus nithe a bhfuil tábhacht acu leo a bheartú.

Ach féach anois muid, níos mó ná 100 bliain dár gcionn, ag teacht le chéile maidir le nithe is ábhar spéise againn uilig agus ag beartú gnímh in éineacht.

Ba mhaith liom comhghairdeas a ghabháil leis an gcúig Údarás Áitiúil déag agus an naoi gComhairle Áitiúla i dTuaisceart Éireann ar bronnadh €4.3 milliún orthu le borradh a chur faoin obair trasteorann ar bhonn comhpháirtíochta faoinár Scéim Oileán Comhroinnte do Mhaoiniú Forbartha sna hÚdaráis Áitiúla atá á stiúrú ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.

Thairis sin, ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na comhairlí uile a chuir isteach ar an Scéim.

Nuair a sheol mé tionscnamh an rialtais maidir le hOileán Comhroinnte sa bhliain 2020, leag mé amach an aisling maidir le clár ardaidhme saindírithe do chomhoibriú infheistíochta ar mhaithe leis an oileán ar fad.

Chomh maith le tairbhe a dhéanamh maidir le tionscadail mhóra fhadtéarmacha trasteorann de leithéid Chanáil Uladh agus Droichead Chaol Uisce, bhí fonn orm sraith nua de thograí straitéiseacha Thuaidh-Theas a fheiceáil á bhforbairt agus á gcur chun cinn.

Tá an dá sprioc sin á dtabhairt i gcrích faoin tráth seo agus tá Ciste an Oileáin Chomhroinnte agus an scéim seo ag treisiú leis an obair.

Tá Ciste an Oileáin Chomhroinnte, dar luach €1 billiún, á thabhairt i gcrích trí bhearta páirtnéireachta uile-oileáin le Feidhmeannacht Thuaisceart Éireann, Rialtas na Ríochta Aontaithe, Údaráis Áitiúla agus le páirtnéirí oideachais agus páirtnéirí sa tsochaí saoránaíochta ar fud an oileáin ar fad.

Go dtí seo, tá níos mó ná €120 milliún ceadaithe as Ciste an Oileáin Chomhroinnte.

Leanfaidh an rialtas den infheistíocht seo ar leibhéal níos airde ná mar a rinneadh riamh cheana - faoin gcóras Thuaidh/Theas agus faoin gcóras Thoir/Thiar - ar mhaithe le hinfheistíocht i saol an oileáin chomhroinnte san am atá romhainn.

Tugtar aitheantas ag an ócáid seo inniu don ról sonrach, don taithí faoi leith agus don saineolas atá ag gabháil leis na hÚdaráis Áitiúla:

  • ag obair leis an bpobal agus i measc an phobail, i riocht is gur rímhaith is féidir libh gnéithe riachtanais ar leibhéal áitiúil agus réigiúnach a thabhairt chun suntais
  • maidir le deiseanna a thabhairt faoi deara inar féidir toradh níos suntasaí nó níos fearr ar bheartaíocht a thabhairt i gcrích le comhoibriú trasteorann
  • maidir leis an gcaidreamh, an mhuinín agus an comhar a chothú atá riachtanach maidir le tionscadail éifeachtúla trasteorann a thabhairt i gcrích

Baineann Comhaontú Aoine an Chéasta go bunúsach le hoibriú ar bhealaí praiticiúla ar fud dhreamanna éagsúla an phobail agus trasna teorainneacha ar mhaithe le saol níos fearr agus le hathmhuintearas ar fud an oileáin.

Tá buntábhacht ón tús leis na hÚdaráis Áitiúla maidir leis an gcuspóir sin.

Trí na cláir EU PEACE agus INTERREG a thabhairt i gcrích i ndiaidh a chéile agus le hobair ar chomhar páirtnéireachta i réigiúin teorann an Iarthuaiscirt, an Láir agus an Oirthir.

Leis an scéim seo inniu, tá aird á tharraingt ag an rialtas ar an ról, an cumas agus an dea-theist ar thaithí agus ar thoradh saothair na n-údarás áitiúil i mbun cothú na síochána ar an mbealach praiticiúil seo.

Acmhainní a chur ar fáil maidir le tionscadail ardaidhme comhinfheistíochta a thabhairt chun cinn; a fhónann maidir le fuinneamh, nuálaíochta agus toradh saothair breise a thabhairt i gcrích maidir leis an gcomhoibriú trasteorann san am atá romhainn.

A chur ar chumas na gcomhairlí feidhmiú le barr éifeachtúlachta agus cuspóirí maidir le forbairt réigiúnach á dtabhairt i gcrích;

Agus treisiú leis an gcuspóir príomhthábhachta faoi Phlean Forbartha Náisiúnta an Rialtais infheistíocht a dhéanamh ar mhaithe le hoileán is idircheangailte, is rachmasaí agus is inbhuanaithe ag an uile dhuine.

Tá na cistí forbartha is gá á dtabhairt anois maidir le 25 togra agus táim ag tnúth go mór leis an dul chun cinn ar na comharthograí suntasacha seo a fheiceáil.

Téann, ní amháin réimse éagsúlachta na dtograí a cuireadh tríd an bpróiseas, i bhfeidhm orm ach an scaipeadh fada fairsing ar fud an oileáin chomh maith, ní a bhfáiltítear go mór roimhe.

Tá comhar páirtnéireachta idir údaráis áitiúla i réigiún na teorann le fada agus beifear ag treisiú leis sin faoin scéim.

Is ábhar misnigh freisin páirtnéireacht comhbheartaíochta nua a fheiceáil ag teacht chun tosaigh - mar shampla Port Láirge i gcomhar le Comhairle Lár & Oirthear Aontroma; Ceatharlach leis an Aird agus Tuaisceart an Dúin; Comhairle Chontae na Gaillimhe i gcomhar le hArd Mhacha, Dhroichead na Banna agus Creag Abhann; gan Comhairle Cathrach Chorcaí a fhágáil as an áireamh, Comhairle atá ag obair i gcomhar le Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin agus le Comhairle Cathrach Bhéal Feirste ar dhá thogra faoi leith.

Is ábhar ríméid freisin an caighdeán rí-ard agus an réimse forleathan a bhaineann leis na tograí a cuireadh chun cinn.

Nuair a bhí gairm iarratais á fhógairt agam féin agus ag an Aire Darragh O’Brien i mí Aibreáin, ní fhéadfaí a bheith ag tnúth le tograí níos téagartha, níos nuabheartaí agus níos suntasaí ná an chuid atá le tabhairt chun cinn anois.

Tráth a bhfuil costas fuinnimh as compás, is breá a fheiceáil go mbeidh Comhairlí ag obair in éineacht ar straitéisí dícharbónúcháin, ar an ngeilleagar ciorclach agus ar fhoinsí inbhuanaithe breosla dá gcuid feithiclí.

Is obair thábhachtach í sin a dtiocfaidh polasaithe go háitiúil agus go réigiúnach faoina scáth agus a chuirfidh leis na creatchórais fhorghinearálta, ó Thuaidh agus ó Dheas, maidir le ré neodrach carbóin ar an oileán seo san am atá le theacht.

Ar an gcuma chéanna, is ábhar ríméid seifteanna bunaithe ar a bhithéagsúlachta agus ar ghnéithe an dúlra a bheith ceangailte le hoiread de na tograí.

Is dea-shampla an obair i gcomhar idir Comhairle Chontae an Chabháin agus Comhairle Ceantair Fhear Manach agus na hÓmaí maidir le Binn Chuilceach ar fhírinne an dúlra agus ar an neamhaird ag gnéithe den bhithéagsúlacht ar theorainneacha.

Ní mór dúinn seifteanna maidir leis an dúlra a bheartú in éineacht ó Thuaidh agus ó Dheas; d'fhonn oidhreacht luachmhar an dúlra agus na bithéagsúlachta a chaomhnú agus an leas is fearr don phobal, don oileán agus go deimhin don domhan a thabhairt i gcrích.

Beidh an obair thábhachtach atáthar a thabhairt chun cinn ina leith sin ar ar Gheopháirc Chuilceach á chur i láthair ag Gráinne O’Connor agus táim ag tnúth le tuilleadh eolais faoi a chloisteáil uaithise tráthnóna.

Tá Geopháirc Chuilceach ar cheann de na tograí a bhfuil maoiniú á dhéanamh orthu faoin scéim seo a bhfuil caomhnú na bithéagsúlachta agus turasóireacht inmharthanach á dtabhairt le chéile leo.

Agus tá sin, measaim, ar cheann de na torthaí chun sochair is féidir linn a thabhairt i gcrích ainneoin a raibh, agus a bhfuil go fóill, de strachailt i gceist le paindéim COVID-19.

Bhain cailliúint agus fulaingt leis an dá bhliain seo caite ar cráite cur síos air. Rinne daoine íobairtí go leor d'fhonn iad féin agus an pobal a thabhairt slán. D'fhan siad i bhfoisceacht dhá chiliméadar agus cúig chiliméad den bhaile agus ina gcontae féin ach ar sin a dhéanamh dóibh, nascadh an ceangal le timpeallacht a gceantar féin arís.

Chaith daoine níos mó ama ag siúlóid le canálacha, le bruach abhann nó i bpáirc foraoiseachta in aice láimhe; agus de réir mar a bhí srianta á scaoileadh, tosaíodh ar áiteanna eile ar an oileán a shiúl agus a thaisteal d'fhonn taitneamh a bhaint as réimsí breátha an dúlra.

Le haird ar an mborradh atá faoi spéis sa tsiúlóid, sa rothaíocht agus i ngníomhartha eile faoin aer, tá cistí forbartha á gceadú faoi scéim an Oileáin Chomhroinnte d'Údaráis Áitiúla d'ocht gcinn de thograí maidir le turasóireacht inmharthana.

Tá i ndán go dtarraingeoidh siad sin cuairteoirí as gach cearn den oileán agus go gcuirfear borradh faoin chúrsaí eacnamaíochta go háitiúil agus go réigiúnach dá bharr sin ar bhealach is féidir a bhuanú.

Agus go deimhin, is ar an bhfiontraíocht agus ar an nuáil atá an bhéim maidir le cúig cinn eile de na tograí a bhfuil cistí á gcur ar fáil lena n-aghaidh, le haird faoi leith ar mhoil gnó trasteorann agus ar chloigíní earnála d'fhonn treisiú le réimsí buntáiste na réigiún.

Feictear dom gur togra an ceann ag Comhairle Chontae na Gaillimhe i gcomhar le hArd Mhacha, Dhroichead na Banna agus Creag Abhann maidir le bonneagar faoi ghnóthaí talmhaíochta agus bia ar mór an araíocht a bhainfeadh leis ar fud an oileáin ar fad.

Is fada cur chuige níos luathbheartaí lena mbaineann níos mó den chomhar á mholadh agam maidir le cúrsaí fiontraíochta agus nuálaíochta d'fhonn iomlán a mbeadh d'acmhainn eacnamaíochta ag baint le réigiúin cois teorann, agus go deimhin ar fud an oileáin ar fad, a thabhairt i gcrích.

Tá an rialtas ag cuidiú anois le hÚdaráis Áitiúla, le Gníomhaireachtaí, leis an lucht Fiontraíochta agus leis an lucht Nuálaíochta tograí infheistíochta trasteorann a chruthú a dhéanfadh fónamh dáiríre maidir leis sin a thabhairt i gcrích.

Is spreagúil ríspéisiúil an tráth seo, dá bhrí sin, ag an uile dhuine a bhfuil baint acu leis an scéim nua seo, agus sinn – mar a bhíonn i gcónaí i dtosach báire – díocasach, díograiseach, agus dírithe ar an aon aidhm amháin.

As seo go ceann bliana, beidh na pleananna á gcruthú agus na tograí á leagan amach níos mine agus níos géire agaibh.

Táimse ag tnúthán gur amhlaidh, faoi cheann bliana, a bheidh cuid mhór agaibh chomh fada chun cinn agus gur féidir cistí a lorg chun na tograí caipitil seo a thabhairt chun cinn le cúnamh ó fhoinsí cistíochta an dá thaobh den teorainn, Ciste an Oileáin Chomhroinnte san áireamh.

Agus an beart seo á sheoladh agam sa bhliain 2020, dúirt mé go soiléir go mbaineann bríonna difriúla le hOileán Comhroinnte – ag brath ar do chúlra agus do dhúchas, ó Thuaidh agus ó Dheas.

Ach, is mar thoradh ar an gcomhoibriú inár gcontaetha, inár gceantair agus inár bpobail a spreagtar tuiscint níos fearr eadrainn; ar na nithe atá i gcoitinn eadrainn agus na nithe atá éagsúil lena chéile; agus an bealadh is fearr le dul chun cinn a dhéanamh le chéile ar an Oileán seo.

Agus, sin an mhórsprioc atá á tabhairt i gcrích inniu leis an gcúig thionscadal nuasheolta agus fiche seo.

Is cúis bróid ag an rialtas cuidiú le gach ceann de na tograí agus sinn ag obair i gcomhar le gach cuid den phobal agus le gach dream polaitíochta ar an oileán maidir le hathmhuintearas agus saol in éineacht san am atá romhainn a mbeidh Comhaontú Aoine an Chéasta ina bhonn treise faoi.

Guím gach rath ar chomhar páirtnéireachta gach ceann de na Comhairlí i mbun obair na bliana seo romhainn agus táim ag tnúth le breis eolais a chloisteáil faoi na tograí agus na tionscadail i rith an tráthnóna.

Go raibh maith agaibh.