English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Óráid

Aitheasc Príomhchainteora a thug an Taoiseach Micheál Ó Máirtín TD tráth ar seoladh moltuarascáil iCommunity le The Wheel agus Comhairle Thuaisceart Éireann maidir le Beartaíocht Dheonach


Oifigí na Cathrach, Cé an Adhmaid, 3 Deireadh Fómhair 2022


Réamhrá

Is cúis mhór áthais dom a bheith páirteach anseo inniu ag ócáid sheolta thuarascáil The Wheel agus Chomhairle Thuaisceart Éireann maidir le Beartaíocht Dheonach ar thionscadal iCommunity.

Is mian liom ar an gcéad dul síos a cuid ábaltachta agus a cuid díocais ina Príomhfheidhmeannach ar The Wheel ón mbliain 2000 i leith a thréaslú le Deirdre Garvey a bheidh ag dul i mbun chúraimí eile ina saol i gceann roinnt míonna;

Thug sise an líonra ó laethanta fhíorthús na beartaíochta anall go dtí an lá atá inniu ann nuair is glór abhcóidíochta, nasc ceangail agus brostaitheoir bisiúlachta The Wheel i ndáil le hobair fhíorthábhachtach líon is mó ná 2,000 d'eagraíochtaí in earnáil an phobail agus na gcarthanas.

Is iontach mar a thaitnigh liom bualadh le Deirdre agus oibriú in éineacht léi leis na blianta. Is fuinniúil dochloíte an crann seasta thú ag gach duine atá ceangailte le The Wheel agus is spreagúil an t-aighne thú maidir le hacmhainn thairbheach an tsaoránaigh i saol an lae inniu inár dtimpeall.

Tá mé cinnte go leanfaidh tú i mbun ceannródaíochta den chineál céanna i mbun do chuid dualgais nua, ag oibriú le do chuid comhghleacaithe iomadúla agus le do chuid cairde ar fud earnáil na saorálaíochta ar fud an oileáin seo agus níos faide ó bhaile.

Is breá an rud oiread daoine a fheiceáil i láthair anseo tráthnóna - ní a léiríonn an beocht agus an iléagsúlacht atá ag rith le hearnáil na n-eagraíochtaí pobail agus deonacha, na bhfiontar sóisialta agus na gcarthanas.

Is tábhachtach an cion tairbhe a dhéanann an togra iCommunity maidir le tionscnamh an Oileáin Chomhroinnte an Rialtais trína bhféachtar le dreamanna uile an phobail agus gach traidisiún polaitíochta a spreagadh i mbun tuiscint comhthola a chothú faoin saol in éineacht san am atá le theacht, a mbeidh bonn treise faoi ag Comhaontú Aoine an Chéasta.

Tá sin á dhéanamh ar na modhanna seo a leanas:

- Clár oibre a chur chun cinn maidir le comhobair is airde aidhm agus is mó tionchair le Feidhmeannacht Thuaisceart Éireann agus Rialtas na Breataine, faoi chreatchóras Chomhaontú Aoine an Chéasta; dírithe ar na mór-réimsí deacrachta a chuirtear romhainn ar fad ar an oileán a shárú;

- Deiseanna nua a aimsiú maidir le comhoibriú agus infheistíocht trasna teorainneacha agus idir dreamanna, lena n-áirítear Ciste an Oileáin Chomhroinnte dar luach €1billiún;

- Treisiú leis an tuiscint ar réimse an oileáin ar fad maidir le cúrsaí eacnamaíochta, sóisialta, cultúir agus polaitíochta, trí ollchlár oibre seachas mar a tharla riamh maidir le torthaí taighde a fhoilsiú;

- Agus, trí spás a chothú - le Sraith Idirphléití an Oileáin Chomhroinnte agus eile - ina mbreathnaítear chun cinn ar a bhfuil i ndán ar an oileán seo le meon tairbheach, gan dochar do ghnéithe féiniúlachta ná aidhmeanna aon duine - aontachtóir, náisiúnaí nó eile.

Is cuimhin liom an tráth ar seoladh tionscnamh an Oileáin Chomhroinnte beagnach dhá bhliain ó shin - suas an t-ard uainn as seo i gCaisleán Bhaile Átha Cliath - bhí Deirdre Garvey páirteach linn agus labhair sí faoi eagraíochtaí pobail agus deonacha a bheith ullamh fonnmhar maidir le ceannródaíocht a dhéanamh i mbun na beartaíochta seo.

Faoin gcumas sainiúil atá sna heagraíochtaí freastal do mhodhanna soicheallacha, praiticiúla, torthúla ag dreamanna i measc an phobail cur le chéile agus oibriú in éineacht maidir le deacrachtaí atá rompu go léir.

Is maith is cuimhin liom an rud a dúirt Deirdre faoin tsochaí shibhialta: “the building of consensus and respect for diversity through dialogue and engagement is our very DNA.”

Dúirt mise an lá sin go n-oibreodh an Rialtas le The Wheel agus le Comhairle Thuaisceart Éireann maidir le Beartaíocht Dheonach chun bonn treise a chur faoi thionscadal nua mórshuntasach;

D'fhonn cuidiú leis an tsochaí shibhialta agus dreamanna an phobail a thabhairt le chéile, agus oibriú i gcomhar maidir le réimsí atá ina ábhar buartha ag an uile dhuine.

Mar téann sin go bun na cúise maidir lena raibh rún agam a thabhairt i gcrích le tionscnamh an Oileáin Chomhroinnte.

Dá réir sin, is mór an chúis áthais dom gur tharla ó shin i leith:

- gur thug The Wheel agus Comhairle Thuaisceart Éireann maidir le Beartaíocht Dheonach togra ardaidhme iCommunity chun cinn;

- go bhfuair sibh cúnamh ó Chiste Athmhuintearais na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus ó aonad an Oileáin Chomhroinnte i mo Roinn féin;

- gur chuidigh Feidhmeannacht Thuaisceart Éireann freisin leis an togra. Agus is mian liom a rá gur breá liom go bhfuil an tAire Pobal, Deirdre Hargey CTR, i láthair anseo inniu agus go mbeidh sí páirteach sna himeachtaí;

- Agus, mar a leagtar amach i dtuarascáil an lae inniu, is díol suntais an toradh atá tugtha i gcrích ar obair thréan na bliana tosaigh seo ag tionscnamh iCommunity.

Is tráthúil inniu an dul chun cinn sin a mholadh agus an obair dhian ar fad a rinneadh a thréaslú leo;

Cluas a thabhairt don lón machnaimh agus aird a thabhairt ar an lón comhairle ó na moltaí a chuirtear chun tosaigh sa tuarascáil;

Agus, féachaint chun cinn maidir le ról tréan leanúnach a bheith leis an togra seo agus le hearnáil na n-eagraíochtaí pobail agus deonacha i gcur chuige an Oileáin Chomhroinnte agus i múnlú a dtiocfaidh i ndán do mhuintir an oileáin seo.


Comhaontú Aoine an Chéasta

Agus sin á dhéanamh againn, is fiú a mheabhrú chomh lárnach agus atá rannpháirtíocht sa tsaoránaíocht maidir le Comhaontú Aoine an Chéasta.

Tagraítear sa Chomhaontú féin maidir leis an tsochaí shibhialta don “ról ríthábhachtach ... i ndaingniú na síochána agus an chomhaontaithe pholaitiúil”.

Arna thuiscint gurb é atá i gceist i gcónaí le cothú na síochána agus le dul chun cinn maidir leis an athmhuintearas ná na daoine go bunúsach:

- An dóigh ina mbíonn aird againn ar a chéile; tuiscint dá chéile agus glacadh lena chéile ar fud dhreamanna éagsúla an phobail;

- Agus an dóigh ina gcruthaímid in éineacht saol tairbheach ar an oileán lena mbaineann soicheall agus rachmas, cibé leagan amach a bhíonn air sin.

Déantar foráil sa Chomhaontú freisin d'Fhóram Saoránaíochta i dTuaisceart Éireann agus d'Fhóram Comhchomhairleach Thuaidh/Theas.

Tá de rún leo sin go dtreisíonn siad agus go gcuireann siad bonn daingean faoin gcumhachtroinnt agus faoi na hinstitiúidí polaitiúla Thuaidh/Theas, ach níl siad á gcur i bhfeidhm san am i láthair.

Níl aon dearmad á dhéanamh ag an Rialtas ar na forálacha saoránaíochta seo agus leanfar den chaidreamh leis na páirtithe uile d'fhonn an chomhthoil a chothú is gá ionas go mbíonn na gnéithe buntábhachtacha seo den Chomhaontú ar bun.

Agus, mar atá faoi láthair, is ríléir an gá atá le glór glé agus an ról atá le sochaí na saoránaíochta - na gnéithe iléagsúla go léir - maidir le Próiseas na Síochána:

- D'fhonn cuidiú le béim a choinneáil ar an mbuntábhacht atá le Feidhmeannacht nua cumhachtroinnte agus le cruinnithe na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas a chur ar bun, gan aon mhoill breise.

Feictear sainordú an daonlathais faoi mar a thug muintir Thuaisceart Éireann i dtoghchán Thionól Thuaisceart Éireann i mí Bealtaine á shéanadh.

Ní mór don uile dhuine i bpost freagrachta díriú ar an ábhar sin ionas go gcuirtear an Fheidhmeannacht ar bun in athuair, ag obair ar mhaithe leis an uile dhuine i dTuaisceart Éireann. Is géire an call leis sin nuair atá geimhreadh ag teannadh linn a mbeidh deacrachtaí eacnamaíochta le sárú lena linn chomh maith le cineálacha eile cruatain.

Tá cuid mhór dóibh siúd atá páirteach i sochaí na saoránaíochta i dTuaisceart Éireann ag cuidiú lena áitiú gur chóir teacht ar sheifteanna comhaontaithe idir an AE agus an Ríocht Aontaithe maidir leis an bPrótacál a chur i bhfeidhm.

D'fhonn réiteach a fháil ar ábhar imní atá ag daoine agus ag an lucht gnó, an tráth céanna a dtugtar i gcrích oiread buntáiste as an bPrótacál agus is féidir don uile dhuine i dTuaisceart Éireann, agus táim buíoch díbh as sin.

Ach an toil chuí á léiriú ag lucht polaitíochta, tá mé cinnte gur féidir teacht ar sheifteanna a bheidh ina réiteach ar na ceisteanna a bhaineann leis an bPrótacál a chur i bhfeidhm.

Tá deis anois ann brostú arís leis an bplé idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe agus leanfaidh an Rialtas den obair ar mhaithe leis sin.

- Is de riachtanas freisin go leantar den chion tairbhe a dhéanann sochaí na saoránaíochta maidir leis an gcomhchaidreamh ar fud dhreamanna i measc an phobail agus trasna teorainneacha a chur ina cheart agus a chothú in athuair.

D'fhonn cuidiú leis na réimsí deacrachta agus teannais a d'eascair ón mBreatimeacht le blianta beaga anuas a mhaolú;

Agus dul ar aghaidh le clár oibre ar mó tairbhe agus dea-thoradh a bheidh air. Dírithe go hiomlán ar an oileán a fheabhsú mar áit ag gach dream.

Maidir leis an uile cheann de na ceisteanna sin, tá rólanna agus réimsí freagrachta le cur i gcrích ag ceannairí polaitíochta Thuaisceart Éireann, mar atá ag an dá Rialtas, urraí an Chomhaontaithe.

Geallaimse i mo Thaoiseach dom, go ndéanfaidh Rialtas na hÉireann a chion féin agus go leanfar ag obair go hionraic macánta ar mhaithe leis na hInstitiúidí ar fad, na prionsabail ar fad agus gach a ngealltar faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Déanfar sin i mbun caidrimh le sochaí na saoránaíochta agus le haird ar dhreamanna den uile thraidisiún ar fud an oileáin.


Tionscadal iCommunity

Is i gcomhthéacs sóisialta agus polaitíochta íogair, neamhaontaithe, dúshlánach mar sin a cuireadh tionscadal iCommunity i bhfeidhm le bliain anuas:

- Le béim ar an gceangal a bhí ann cheana féin a neartú agus ar bhealaí le ceangal nua inbhuanaithe a chónascadh;

- Leis an bhfonn láidir sin á chothú is léir ar eagraíochtaí pobail agus deonacha oibriú in éineacht ar mhaithe le cuspóirí atá acu i gcoitinn;

- Leis an tuiscint go bhfuil cuid mhór i sochaí na saoránaíochta nach raibh de scóip ná de dheis acu go fóill breathnú ar chomhoibriú trasteorann;

- Agus, go bhfuil roinnt daoine i dTuaisceart Éireann a bhfuil idirbheartaíocht uile-oileáin ina ábhar buartha nó amhrais dáiríre acu, rud nach mór a admháil agus a phlé.

Is léiriú an tuarascáil seo inniu ar an mborradh ríthairbheach a eascraíonn ó chomharobair idir daoine ó thuaidh agus ó dheas - maidir le nithe a bhfuil tábhacht acu féin leo agus ag dreamanna sa phobal lena mbaineann siad.

Mar shampla fiontraíocht shóisialta a fhorbairt; oibriú ar mhaithe le hathrú cóir; agus uilechuimsitheacht i gcúrsaí digiteacha a chur chun cinn.

Is ábhar misnigh a léamh gurb é ba mhinice le daoine a fhreagairt nuair a fiafraíodh díobh cé mar a bhraith siad tar éis freastal ar cheardlann de chuid iCommunity faoi aidhmeanna díobh sin a luaitear thuas nó aidhmeanna eile, gur 'dóchas' a bhí á bhraith acu.

‘muinín' agus ‘spreagadh’ ba mhinice ina dhiaidh sin.

Ní mór dúinn an dóchas, an muinín agus an spreagadh sin a chothú sa chomhchaidreamh saoránaíochta ar fud an oileáin.

Mol pobail ‘i’ atá i gceist, agus ar an tuarascáil a léamh dom, tá ceithre cinn de na focail dar túslitir 'i' atá ceangailte leis an tionscadal a théann i gcion go mór orm:

Inclusivity; innovation; impact; agus, initiative.

- Is mol pobail an ceann seo agaibhse a shaothraigh chun daoine ar an oileán a thabhairt san áireamh agus isteach faoina scáth gan bheann ar thraidisiún ná ar an dream lena mbaineann siad.

Agus, ní is tábhachtach, daoine a bhaineann le dreamanna mionlaigh ó thaobh eitneachta - cibé iad nua nó seanbhunaithe ar an oileán - ar mór an sciar de mhuintir an oileáin iad, ó Thuaidh agus ó Dheas.

Is tairbheach an rud a ndearcadh sin agus a dtaithí ar an saol mar lón eolais maidir le gnéithe éagsúla den chomhchaidreamh idir gach dream ar fud an oileáin.

- Agus, tá nuáil i gceist leis an mol pobail seo, ar díol suntais na bealaí inar sáraíodh deacrachtaí a bhain leis an bpaindéim, le fad láithreacha óna chéile agus leis an éagsúlacht maidir leis an túsphointe ag dreamanna éagsúla i measc an phobail.

Trí leas a bhaint as modhanna nua den tsamhlaíocht, ar líne agus idir daoine ar aghaidh a chéile:

D'fhonn cuidiú le tuairiscí comónta a thabhairt chun suntais maidir le cúiseanna maithe le comhoibriú trasteorann;

Agus d'fhonn leathnú ó chuspóirí comónta go bearta faoi leith ionas go dtuigtear na modhanna agus na nithe atá i gceist le hobair i gcomhar.

- Is mol pobail seo freisin atá dírithe ar thionchar. Déileáiltear le réimsí ábhair a bhfuil suntas faoi leith leo i saol na ndaoine agus bunús maith leo maidir le hidirbheartaíocht trasteorann.

- Agus is soiléir gur mol pobail atá ann lena mbaineann cuid mhór tionscantachta:

Le comhar nua páirtnéireachta á chothú idir grúpaí pobail agus deonacha, carthanais agus fiontair shóisialta;

Dáiríre, is léiriú mol iCommunity ar an gcumas faoi leith atá in earnáil na n-eagraíochtaí pobail agus deonacha daoine a chomhthionól agus an acmhainn iontach atá sna heagraíochtaí comhthoil agus aontú a chothú.


Moltaí iCommunity

Ba mhaith liom, mar fhocal scoir, labhairt ar na moltaí a chuirtear chun cinn sa tuarascáil seo inniu agus ar an gcaoi a dtagann tionscnamh an Oileáin Chomhroinnte faoina n-anáil.

Luaitear moltaí maidir le cúig cinn de théamaí nó de réimsí.

- Maidir leis an ngéarchéim i ndáil le hAthrú Aeráide agus Bithéagsúlacht, dírítear aird ar an riachtanas atá le cúnamh taca ionas go mbrostaítear le seifteanna bunaithe i measc an phobail a chur ar scála níos airde.

Is tréan mar a chuirtear an teachtaireacht seo in iúl i rith shraith Idirphléití an Oileáin Chomhroinnte; agus le hobair na Comhairle Náisiúnta Eacnamaíochta agus Sóisialach.

Tugaim faoi deara gur air ba mhinice a dhírigh daoine aird ag ceardlanna iCommunity mar “powerful and tangible opportunity for all-island collaboration”.

Tá an Rialtas go hiomlán ar aon intinn le lucht na tuairime sin agus tá beart dá réir á dhéanamh tríd an gClár Gníomhaíochta Pobail maidir le Cúrsaí Aeráide.

Beidh an dara príomhshraith á sheoladh i mbliana agus tá gné faoi leith maidir le beartaíocht trasteorann á thabhairt isteach, trí €3m as Ciste an Rialtais maidir le hOileán Comhroinnte a chur ina leith sin agus ar a laghad leath den chistíocht sin le caitheamh ar thionscadail a thabhairt i gcrích i dTuaisceart Éireann.

Cúnamh taca a thabhairt d'Údaráis Áitiúla cur leis an ngíomhaíocht maidir le cúrsaí aeráide trí oibriú leis an bpobal i gcomharsanachtaí éagsúla.

Beidh béim mhór á choinneáil air seo ag an Rialtas le cur chuige an Oileán Comhroinnte.

- tá moltaí á gcur chun cinn ag iCommunity freisin maidir le Fiontraíocht Shóisialta, Forbairt Tuaithe agus Ilchuimsiú Digiteach.

Le béim á chur ar dheiseanna maidir le hobair níos dlúithe i gcomhar agus le cúrsaí comhchaidrimh.

Rinneadh na téamaí sin a chíoradh freisin ag seisiún Idirphleití an Oileáin Chomhroinnte i Muineachán i mí Bealtaine arna thionól ag Heather Humphreys TD, an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail le breis agus 200 páirtí leasmhar, Thuaidh agus Theas, ag teacht i láthair.

Tá an Rialtas ag féachaint dá bharr le treisiú leis an gcomhoibriú a dhéantar maidir leis na réimse seo.

Go háirithe, trí bhealaí a scrúdú ina bhféadfaí Moil Chónasctha a chur ar bun ar bhonn comharoibre Thuaidh/Theas ina siocracha críochnúla maidir le hathchothú na tuaithe, fiontraíocht shóisialta agus ilchuimsiú digiteach.

- Cuirtear lón comhairle ó thionscadal iCommunity ar fáil freisin maidir le teacht ó phaindéim Covid-19, agus ba mhaith liom an cion tairbhe ollmhór, gaisce is ceart a lua leis, a rinne earnáil na n-eagraíochtaí pobail agus deonacha agus na gcarthanas ar fud na hÉireann a admháil agus a thréaslú leo.

Beidh, mar is ceart, an tionchar chun sochair, an nuáil agus an lón léargais tairbheach a thug an earnáil i gcrích i rith na paindéime lárnach as seo amach maidir leis an mbeartas poiblí a mhúnlú ar mhaithe le téarnamh ar fud na sochaí.

- Is mian liom chomh maith tagairt do na moltaí for-réiseacha i ndáil leis an tionscadal.

Tá an t-ábhar sin dírithe ar an acmhainn ionchais tairbhe as idirbheartaíocht uile-oileáin i réimse na saoránaíochta a bhíodh á ligean le sruth go dtí seo.

Is ábhar fiúntach machnaimh agus meastóireachta na moltaí a leagtar amach go sonrach sa tuarascáil.

Tabharfar faoi sin agus na Ranna Rialtais ar fad ag obair anois ar bheartas nua agus ar thionscnaimh infheistíochta agus comhoibre a leagan amach mar chuid de thionscnamh an Oileáin Chomhroinnte.

Cheana féin, agus an clár PEACEPLUS á leagan amach - le maoiniú ón Aontas Eorpach, ó Rialtas na Ríochta Aontaithe, ó Rialtas na hÉireann agus ón bhFeidhmeannacht - tá foráil á dhéanamh do théama nua.

Treisiú le comhoibriú ar leibhéal an tsaoránaigh maidir le réimsí dúshláin comónta atá le sárú ar bhonn trasteorann.

Cuirfear ar a laghad €20m de chistíocht ar fáil i rith ré feidhme sé bliana an chláir.

Agus, beidh scéim cistíochta nua maidir le sochaí na saoránaíochta á thabhairt isteach ag an Rialtas i mbliana faoi thionscnamh an Oileáin Chomhroinnte.

Fógróidh an tAire Gnóthaí Eachtracha Minister Simon Coveney TD an chéad ghairm phíolótach maidir le hiarratais roimh dheireadh na míosa seo.

Cuirfidh an scéim nua seo leis an obair rífhiúntach dá bhfónann Ciste Athmhuintearais an Rialtais, ciste a bhfuil dúbailt tagtha ar na hacmhainní a chaitear leis le blianta beaga anuas.

Agus, is cúis áthais dom gur ceadaíodh le gairid deontas faoin gCiste Athmhuintearais do iCommunity maidir leis an gcéad chéim eile den obair.


Conclúid

Tá meanma, fuinneamh agus ceangal le saol na ndaoine de dhlúth agus d'inneach i mbeartaíocht shochaí na saoránaíochta - ní go smior a théann sin ach go DNA féin - agus sin buntábhachtach agus dlús breise á chothú againn sa chomhchaidreamh ar fud dhreamanna éagsúla agus thraidisiúin éagsúla polaitíochta ar fud an oileáin.

Is ar an gcuma seo, seachas leanúint i muinín lipéid nó leastuairiscí atá seasc seanchaite, is féidir linn ar fad aithne agus eolas a chur ar a chéile;

Le cuspóirí comónta phobal na linne seo agus, dá réir, le torthaí saothair ina bhfuil spéis ag an bpobal.

Tá an chumhacht shimplí a bhaineann le ceangal idir daoine ina ghné bhunúsach de thoradh chomh maith agus is féidir ar Phróiseas na Síochána a thabhairt i gcrích. Tá cuid mhór tairbhe á dhéanamh ag mol iCommunity ina leith sin.

Ag dul na chéad chéimeanna eile chun cinn, le hábhar dóchais, meanman agus muiníne, i mbun chothú athmhuintearais ar an oileán, arna bhunú ar Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Go raibh míle maith agaibh.