Aitheasc tosaigh ón Taoiseach Micheál Martin ag seoladh Thuarascáil Fhóram Uile-Oileáin na mBan
-
By: An Taoiseach ; Micheál Martin
- Foilsithe: 8 Meán Fómhair 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Mo mhíle buíochas leat a Margaret.
Tá ríméad orm a bheith in bhur dteannta maidin inniu chun tuarascáil Fhóram Uile-Oileáin na mBan a sheoladh.
Ar an gcéad dul síos, ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do cheannaireacht Chomhairle Náisiúnta na mBan as an bhFóram seo a thionóil mar chuid den obair ar thionscnamh Oileán Comhroinnte an Rialtais, agus chun na naisc agus an teagmháil idir mná ar fud phobail uile an oileáin a neartú.
Tá ag éirí leis an bhFóram caidrimh shibhialta a dhoimhniú agus spreagadh níos mó a thabhairt do chomhoibriú ar bhonn trasteorann ar bhealaí praiticiúla chun feabhas a chur ar an oileán.
Is obair ríthábhachtach í sin chun saol an athmhuintearais a fhorbairt san am atá romhainn, obair a bhfuil an rialtas i mbun ceannródaíochta ina leith trína thionscadal um Oileán Comhroinnte, le Comhaontú Aoine an Chéasta mar bhonn agus thaca aige.
Táimid ag obair ar chomhpháirtíochtaí uile-oileáin le Feidhmeannas Thuaisceart Éireann, Rialtas na Ríochta Aontaithe agus le hÚdaráis Áitiúla; agus le hionadaithe ón tsochaí shibhialta, atá ríthábhachtach.
Táim sásta go raibh an Rialtas ábalta tacú le Fóram na mBan trí Chiste Athmhuintearais na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus táim níos sásta fós gur bronnadh maoiniú le déanaí i gcomhair an dara téarma dár gcuid oibre.
Tá go leor i dtuarascáil an Fhóraim nár mhór a phlé agus a machnamh a dhéanamh ina leith.
Ba mhaith liom díriú inniu ar thrí réimse:
- ról na mban i gcothú na síochána
- obair agus moltaí an Fhóraim; agus
- comhthéacs na hoibre seo mar chuid den tionscadail um Oileán Comhroinnte
Mná i gcothú na síochána
Ní gá dom a insint don tionól atá tagtha le chéile anseo inniu go bhfuil a leanas fíor faoi mhná ar an oileán seo agus ar fud na cruinne:
- Go bhfuil gannionadaíocht fós á déanamh ar thuairimí mná, a gcuid taithí agus na hábhair a mbíonn spéis acu iontu; agus
- Nach dtugtar a ndóthain aitheantais don obair a dhéanann mná agus nach mbaintear leas leordhóthanach as an obair sin
Is í sin lom lár na fírinne, agus is bocht é faraor go mbaineann sé le próisis síochána agus leis an tsochaí i gcoitinne.
Is laigí iad sin, deiseanna nár tapaíodh nár mhór dúinn leanúint dár ndícheall a dhéanamh chun iad a réiteach.
Cuirfidh an riachtanas sin borradh faoin Rialtas Straitéis Náisiúnta do Mhná agus do Chailíní, a thiocfaidh in áit na seanstraitéise, a fhorbairt. Cuirfear tús le comhairliúcháin i leith na stráitéise sin i mbliana.
Déanfaimid creat uile-Rialtais a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm chun leanúint de chumhachtú na mban a chur chun cinn, ag obair go dlúth leis an tsochaí shibhialta.
Tá Fóram na mBan ag leagan na béime atá de dhíth ar aghaidh a thabhairt ar ghannionadaíocht agus ar ról na mban sa tsochaí shibhialta a fhorbairt ar bhonn uile-oileáin.
Daingníonn Comhaontú Aoine an Chéasta an ceart chun comhdheis a fháil beag beann ar aicme, creideamh, míchumas, inscne ná eitneacht; agus an ceart do mhná rannpháirtíocht pholaitiúil iomlán agus chothrom a ghlacadh.
Is cearta bunúsacha iad sin agus ní mór seasadh leo. Teastaíonn tiomantas polaitiúil agus gníomhartha nithiúla chun sin a bhaint amach mar aon le comhoibriú rialtas.
Mar a dúirt, Melanee Verveer, Ambasadóir na Stát Aontaithe, ag cruinniú de chuid an Fhóraim i mbliana “tá dlúthbhaint ag folláine na mban agus folláine náisiúin lena chéile”.
Tugtar aitheantas dó sin i Rún 1325 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, a bhfuil a chur i bhfeidhm bunúsach do chur chuige an rialtais maidir le cothú na síochána, sa bhaile agus thar lear.
Feicimid go soiléir an ról ríthábhachtach a bhíonn ag mná i gcothú na síochána agus i dtaobh leanúint den tasc athmhuintearas a bhaint amach ar an oileán seo:
- mná cróga amhail Máiread Maguire agus Betty Williams, a labhair amach go láidir ar son na síochána le linn na laethanta ba mheasa de na Trioblóidí;
- agus bhí tionchar ríthábhachtach ag Comhghuaillíocht Ban Thuaisceart Éireann - lena n-áirítear Jane Morrice agus Avila Kilmurray (baill den Fhóram seo) - ar na hidirbheartaíochtaí a raibh an Comhaontú mar thoradh orthu.
D'ainneoin an mhéid a rinne roinnt daoine sa tsochaí chun eagla a chur orthu nó chun a gcuid oibre a imeallú.
B’ionann Comhghuaillíocht Ban Thuaisceart Éireann agus guth breá láidir agus soiléir a bhí ar son athmhuintearais agus íospartaigh foréigin, agus d’oibrigh sí, agus le dreamanna eile, chun a chinntiú gur áiríodh forálacha ábhartha i dtéacs Chomhaontú Aoine an Chéasta.
B’fhorálacha fadbhreathnaitheacha iad - a bhain le ceisteanna ceartais, oideachais, tithíochta agus ról na sochaí sibhialta - atá fós ina mbreithniúcháin bhunúsacha sa Phróiseas Síochána.
Is í fírinne an scéil ná go mbíonn comhaontuithe níos uileghabhálaí, níos cuimsithí mar thoradh ar idirbheartaíochtaí síochána a mbíonn mná páirteach iontu; díríonn siad de ghnáth ar riachtanais shochaíocha agus ar chearta an duine agus ní ar dháileadh na cumhacha polaitiúla amháin.
- Agus bhí róil thábhachtacha ag mná ar an oileán seo i dtaobh deiseanna síochána a dhaingniú agus i dtaobh glacadh leo: i bpobail, sa tsochaí shibhialta agus i saol na polaitíochta.
Mar aon le leasuithe sóisialta a thabhairt chun cinn, maidir le comhionannas pósta agus rochtain ar sheirbhísí ginmhillte ó Thuaidh agus ó Dheas, cuir i gcás, le blianta beaga anuas.
Tá go leor i láthair inniu a rinne obair mhór chun na gaiscí sin a bhaint amach.
Tá sibh ag tabhairt an taithí agus an tuiscint sin libh go dtí an Fóram anois, iad comhcheangailte le meoin agus cumas na mbaill níos óige.
Ag féachaint i dtreo na todhchaí ar an oileán seo, ar bhealach uileghabhálach, ag léiriú meas ar gach féiniúlacht.
Tá an Fóram ag leagan béime, agus is ceart sin, ar go bhfuil an iomarca daoine fós ann nach dtugtar deis labhartha dóibh - mná, daoine óga, mionlaigh eitneacha agus grúpaí imeallaithe - san obair leanúnach atá á déanamh chun síochán a chothú.
Cuidíonn anailís an Fhóraim linn na réimsí a dteastaíonn níos mó birt agus idirghníomhaíochta ina leith a aithint, d’fhonn comhionannas a fheabhsú agus pobail níos uileghabhálaí a fhorbairt.
Tá sé sin ríthábhachtach chun athmhuintearas ar an oileán seo a neartú tuilleadh.
Moltaí Fhóram na mBan i leith oibre
Ní hamháin go bhfuil deis riachtanach tugtha ag an bhFóram le tabhairt faoi idirphlé sibhialta faoi stiúir ban; tá sé ag spreagadh tuiscint níos fairsinge ar an luach a bhaineann le hidirghníomhaíocht dá leithéid.
- Is dea-shampla é cur chuige uileghabhálach an Fhóraim ar an gcaoi ar cheart tabhairt faoi rannpháirtíocht shibhialta ar bhealach níos leithne ar an oileán seo;
- agus, tá na dearcthaí a ardaíodh ag an bhFóram ag cur leis an díospóireacht phoiblí níos leithne. Díospóireacht atá ar bun cheana féin ar oideachas; foréigean bunaithe ar inscne; agus rannpháirtíocht na mban sa pholaitíocht, cuir i gcás.
Cuideoidh na moltaí atá leagtha amach ag an bhFóram leis an gclár oibre agus leis an bplé a mhúnlú.
Breithneoidh an rialtas moltaí an Fhóraim agus deanfaidh sé iad a phlé go dearfach, i gcomhairle le Feidhmeannas Thuaisceart Éireann agus le Rialtas na Ríochta Aontaithe de réir mar is gá.
Baineann gnéithe bunúsacha uile-oileáin leis an gcúig réimse ar tugadh aghaidh orthu i moltaí an Fhóraim, gnéithe nach bhfuil forbairt iomlán déanta orthu.
Tá an Fóram ag cur treoir ar fáil, ag cur moltaí praiticiúla chun cinn chun réiteach a fháil air sin.
Leag an Fóram béim ar an ngá tromchúiseach práinneach atá ann, mar shampla, aghaidh a thabhairt ar an bplá foréigin in aghaidh na mban; agus an luach a bhaineann le cuir chuige i gcomhar agus idirghníomhaíocht i gcomhar ina leith, ó Thuaidh agus ó Dheas.
Aontaíonn an rialtas go huile agus go hiomlán leis sin agus beidh sé ag tionól Idirphlé maidir le hOileán Comhroinnte go gairid ar an gceist chriticiúil sin. Cuirfear fáilte roimh an Aire Dlí agus Cirt, Helen McEntee, agus roimh Aire Dlí agus Cirt Thuaisceart Éireann agus ceannaire Pháirtí Comhghuaillíochta Thuaisceart Éireann, Naomi Long, a bheidh rannpháirteach san Idirphlé.
Ag tabhairt páirtithe leasmhara le chéile ó cheann ceann an oileáin chun féachaint ar an gcaoi a mbeimid ábalta níos mó oibre i gcomhar a dhéanamh - sa rialtas agus sa tsochaí shibhialta.
Leagann an Fóram béim freisin ar ról an oideachais i dtaobh tuiscint agus athmhuintearas a chothú. Tá an Rialtas ag iarraidh níos mó a dhéanamh sa réimse sin freisin, ag obair le Feidhmeannas Thuaisceart Éireann agus le Rialtas na Ríochta Aontaithe.
Ba mhaith leis an rialtas soghluaisteacht mac léinn ar fud an oileáin agus na Breataine a mhéadú; tacú le comhoibriú níos treise idir forais ardoideachais agus bhreisoideachais; agus tús a chur le clár printíseachta trasteorann.
Tá béim curtha freisin agam ar ról bunúsach an oideachais i ndáil le bheith mar bhonn taca faoin síocháin, rathúnas agus dul chun cinn.
Ciallaíonn comhthéacs pobail agus oidhreacht ar leith Thuaisceart Éireann go bhfuil sé i bhfad níos casta tabhairt faoi leasú oideachais agus riachtanais pobail imeallaithe a shásamh.
Ach táimse, agus tá an rialtas ar a bhfuil mé i gceannas, ag iarraidh oibriú le Feidhmeannas Thuaisceart Éireann agus le Rialtas na Ríochta Aontaithe chun dlús a chur le comhoibriú agus tacaíocht, go háirithe ar shaincheisteanna gnóthachtála oideachais.
Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don bhéim a leagann an Fóram ar rannpháirtíocht na mban sa pholaitíocht, ó Thuaidh agus ó Dheas, agus aitheantas a thabhairt do mholadh an Fhóraim cuótaí inscne a bheith i bhfeidhm agus iarrthóirí á roghnú. Thacaigh mé go láidir leis sin san am atá caite agus tacaím fós leis.
Is mná iad 22.5% de na Teachtaí Dála sa Dáil, sin an méid, tá cúrsaí beagán níos fearr i dTuaisceart Éireann i ndiaidh an toghcháin Tionóil i mí Bealtaine agus is mná iad 35% de na Comhaltaí den Tionól Reachtach.
Níl aon dabht faoi ach go gcaithfimid bealaí níos fearr a aimsiú chun rannpháirtíocht agus ionadaíocht na mban a fheabhsú, ag gach leibhéal de shaol na polaitíochta.
Breithneoimid moltaí Fhóram na mBan go cúramach, chomh maith le moltaí Thionól na Saoránach ar Chomhionannas Inscne.
Chuaigh breathnóireacht an Dr Jane Morrice i bhfeidhm go mór orm, atá luaite i dtuarascáil an lae inniu - d’ainneoin na deicheanna de bhlianta atá caite aici ina ceannaire sibhialta agus polaitiúil i dTuaisceart Éireann - dúirt sí gur ionann an Fóram agus an chéad uair di teagmháil rialta a bheith aici le mná as an Deisceart.
Chuaigh sé i bhfeidhm orm freisin nach raibh mórán taithí ag Jane, ná ag mórán eile ón bpobal Aontachtach, ar chultúr, stair agus modh maireachtála na hÉireann ar an taobh ó Dheas den teorainn.
Níl aon dabht go raibh sin fíor faoi go leor daoine ó Dheas, nach raibh mórán cur amach acu ar chultúr, féiniúlacht, tradisiún agus pobal na nAontachtaithe i dTuaisceart Éireann.
Tá an Fóram ag tabhairt obair riachtanach chun cinn d’fhonn na bearnaí atá fós suntasach a laghdú i dtaobh an chaoi a ndéanaimid an caidreamh eadrainn a chothú ó gach aon taobh den teorainn agus ó thraidisiúin éagsúla ar an oileán seo.
D’fhonn na seansmaointe teoranta nó contráilte tríd is tríd atá againn faoi dhaoine eile a chaitheamh in aer.
D’fhonn an chastacht a bhaineann le gach uile phobal agus an teacht chun cinn atá déanta iontu a thuiscint.
Agus d’fhonn éagsúlacht a aithint agus meas a léiriú ar an éagsúlacht sin gan bheith míshoiléir faoinár leasa comhroinnte.
Labhair Máire Mhic Ghiolla Íosa nuair a rinneadh 8ú Uachtarán na hÉireann di i mí na Samhna 1997 faoi go bhféadfadh pobail ar an oileán seo droichead láidir agus socair a thógáil ar a mbeimid ábalta siúl an dá threo le chéile.
Tá Fóram Uile-Oileáin na mBan agus an clár Teagmhas ag cuir codanna tábhachtacha den droichead sin ar fáil agus iad ag déanamh an-obair ar an tionscnamh um Oileán Comhroinnte.
An tionscnamh um Oileán Comhroinnte
Táimse agus an rialtas tiomanta d’obair a dhéanamh le gach pobal agus traidisiúin pholaitiúla, d’fhonn comhaontú a neartú maidir le todhchaí i gcomhar agus d’fhonn tairbhí follasacha a sholáthar do mhuintir an oileáin, le Comhaontú Aoine an Chéasta mar bhonn agus thaca aige.
Táimid á dhéanamh sin ar na bealaí seo a leanas:
- trínár gcaidrimh shibhialta agus pholaitiúla a neartú, caidrimh Thuaidh/Theas agus Thoir/Thiar;
- trí dheiseanna nua a fhorbairt d’fhonn comhordú agus infheistíocht a dhéanamh ar fud teorainneacha agus pobal an oileáin, lena n-áirítear trí Chiste um Oileán Comhroinnte €1 billiún an rialtais;
- an tuiscint atá againn ar sholáthar seirbhisí agus éagsúlachtaí i bhfeidhmíocht i bpríomhréimsí dár sochaí agus geilleagar ar fud an oileáin go léir a neartú trí chlár taighde coimisiúnaithe suntasach, clár nach raibh a leithéid ann riamh cheana;
- agus, trí áit a chothú d’fhonn féachaint ar an todhchaí ar oileán na hÉireann ar bhealach dearfach, ar bealach nach gcuireann as d’fhéiniúlacht ná d’uaillmhianta aon duine - aontachtaithe, náisiúnaithe nó eile.
Tá an tSraith Idirphléití maidir le hOileán Comhroinnte lárnach dár gcur chuige, a raibh nach mór 2,000 saoránach agus ionadaí sibhialta rannpháirteach go díreach ann go dtí seo; go leor díbhse anseo inniu san áireamh.
Tá na hIdirphléití ag tabhairt daoine le chéile - ó gach réigiún, pobal agus traidisiún polaitiúil - d’fhonn an chaoi a bhféadfaimis, i dtéarmaí cearta, an t-oileán a roinnt le chéile ar bhealach níos fearr sna blianta amach romhainn.
Tá a chinntiú go dtugtar aird níos fearr ar thuairimí daoine ar minic iad a bheith faoi ghannionadaíocht - lena n-áirítear mná, daoine óga agus mionlaigh eitneacha mar thosaíocht.
Is saibhrede go mór ár gcur chuige nuair atá raon leathan tuairimí san áireamh.
Déantar ábhair imní chearta choitianta do mhuintir an Tuaiscirt agus an Deiscirt araon a phlé sna hIdirphléití: amhail turasóireacht inbhuanaithe a fhorbairt; rannpháirtíocht sa spórt a leathnú; agus forbairt tuaithe.
Chomh maith le dul i mbun plé le ceisteanna sochaíocha níos doimhne maidir le féiniúlacht agus cultúr; saincheisteanna a dteastóidh comhráite i bhfad níos uileghabhálaí, níos oscailte ina leith ar an oileán seo.
Ag cuidiú linn tuiscint níos fearr a bheith againn ar scéalta éagsúla agus dearcthaí éagsúla an oileáin agus mar a dhéanann pobal, áit agus am na scéalta agus dearcthaí sin a mhúnlú.
Tá na hIdirphléití maidir le hOileán Comhroinnte ag cur áiteanna ar fáil chun tús a chur le comhráití níos doimhne agus chun tionscadail agus tionscnaimh um beartas nua ar nós an chinn seo a fhorbairt.
Lean tionscnamh atá i bhFóram na mBan é féin ceann de na comhráití ba luaithe a bhí againn mar chuid den tsraith Idirphléití le hionadaithe na mban; mar sin thabharfadh an obair shuntasach atá an Fóram sin a dhéanamh anois muinín duit.
Tá rannpháirtíocht leanúnach na sochaí sibhialta riachtanach ar an oileán seo.
Bhí an ceart ar fad ag Síona Cahill nuair a dúirt i dtuarascáil an Fhóraim nach féidir linn beag is fiú a dhéanamh den chumhacht a bhaineann le háiteanna fiúntacha agus sábháilte a bheith ar fáil i gcomhair idirphlé agus foghlama.
Agus bhí an ceart aici nuair a chuir sí in iúl dúinn nach dtarlaíonn dul chun cinn ar an toirt ná i gcaitheamh bliana. Tógann sé na glúnta tiomantas dá leithéid a bhaint amach.
Leanfaidh an rialtas seo de bhéim a leagan ar idirphlé oscailte agus uileghabhálach mar dhlúthchuid dá gcur chuige Comhroinnte chomh maith le tús áite a thabhairt agus acmhainní a chur ar fáil dó.
Tá leanúint de thabhairt faoi rannpháirtíocht dhearfach sa tsochaí shibhialta ar an oileán níos tábhachtaí fós an tráth seo i bhfianaise nach bhfuil Feidhmeannas Thuaisceart Éireann ná an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas ábalta feidhmiú go hiomlán arís, rud atá do-ghlactha.
Is chun dochair do mhuintir Thuaisceart Éireann é nach bhfuil a bhFeidhmeannas i bhfeidhm chun na cinntí a theastaíonn a dhéanamh agus an cheannasaíocht atá de dhíth a chur ar fáil, go hairithe agus muid ag tabhairt aghaidh ar gheimhreadh deacair a bheidh dúshlánach ó thaobh an gheilleagair de. Is ionann sin agus séanadh na mandáide a tugadh i dtoghcháin an cúigiú lá de Bhealtaine.
Mar atá ráite go soiléir agam, féachfaidh mé agus an rialtas le hoibriú i gcomhpháirtíocht le Príomh-Aire nua na Breataine, Liz Truss, agus a rialtas, mar aon le ceannairí na bpáirtithe polaitiúla go léir i dTuaisceart Éireann d’fhonn feidhmiú éifeachtúil an Fheidhmeannais agus na Comhairle Aireachta Thuaidh/Theas a bhaint amach.
Tá Comhaontú Aoine an Chéasta fós mar chreat riachtanach againn; an bhunchloch atá againn.
Beidh Rialtas na hÉireann i gcónaí ag obair go diongbháilte chun tacú le hoibriú Fhorais an Chomhaontaithe;
D’fhonn an méid atá bainte amach ó 1998 a chosaint;
Agus, d’fhonn muinín, tuiscint agus athmhuintearas a chothú ar fud phobal agus thraidisiún polaitiúla éagsúla go léir an oileáin.
Mar fhocal scoir, ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do cheannaireacht Chomhairle Náisiúnta na mBan, agus d’fhís agus do thiomantas Chathaoirleach na Comhairle, Margaret Martin; Stiúrthóir na Comhairle, Orla O’Connor; d’fhís agus do thiomantas Emma-De Souza ina Cathaoirleach agus ina hÉascaitheoir ar Fhóram Uile-Oileáin na mBan, chomh maith le hAilbhe Smyth a threoraigh an Clár Teagmhas.
Tá baill uile an Fhóraim ag cur le hidirghníomhaíocht shibhialta uileghabhálach agus fhiúntach atá mar chuid bhunúsach de bheocht ár n-oileáin chomhroinnte, sa lá atá inniu ann agus sna blianta amach romhainn.
Is éard a dúirt an sufragóir Angla-Éireannach, Charlotte Despard, sa bhliain 1928 faoin mbóthar leanúnach a bhí rompu amach chun comhionannais agus ceartas sóisialta iomlán a bhaint amach nuair a d’éirigh leo an vóta a bhaint amach do mhná:
“When an impossible dream comes through, we must move on to another”.
Trí Chomhaontú Aoine an Chéasta baineadh síocháin bhuan amach agus athdhearbhaigh muintir an oileáin, Thuaidh agus Theas, fís nua maidir lenár gcaidrimh ar an oileán.
Caidrimh atá bunaithe ar chomhpháirtíocht, ar chóimheas agus ar obair a dhéanamh ar bhealaí praiticiúla ar mhaithe le hathmhuintearas a bhaint amach.
Is é an jab atá anois againn ná an gealltanas a tugadh sa chomhaontú sin a sholáthar; is é sin fís lárnach an chomhaontaithe a bhrú chun cinn - inár bpolaitíocht agus sa tsochaí níos leithne.
Ag baint tairbhe as cumhacht sochaí níos cothroime agus níos uileghabhálaí agus i gcothú na síochána.
Táim ag tnúth leis an méid a chuirfidh Fóram na mBan leis an obair ríthábhachtach seo chun todhchaí chomhroinnte réitithe do chách a mhúnlú do phobail uile an oileáin sna blianta amach romhainn.
Go raibh maith agaibh.