An Taoiseach, Micheál Martin T.D. Díospóireacht an Bhuiséad
-
By: An Taoiseach ; Micheál Martin
- Foilsithe: 28 Meán Fómhair 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- An Phaindéim & Téarnamh
- Bearta Costais Maireachtála
- Athrú Aeráide
- Infheistíocht agus Seirbhísí Poiblí
- Tithíocht
- Sláinte
- Oideachas
- Cultúr agus Na Meáin Chumarsáide
- Conclúid
Dáil Éireann, Dé Céadaoin an 28 Meán Fómhair 2022
A Cheann Comhairle,
Leis an gcallán ar fad atá ann na laethanta seo i dtaobh an Bhuiséid, tá sé tábhachtach go seasfaimis siar chun breathnú ar an treo ina bhfuil an geilleagar ag dul agus an cumas atá ann tacú le seirbhísí poiblí láidre.
Tá sé dochreidte a laghad uaireanta a rinne lucht an fhreasúra oiread is trácht ar an ngeilleagar le dhá bhliain go leith anuas - agus anois ó tharla méadú mear ar leibhéil fostaíochta a bheith bainte amach againn - níl focal dá laghad le rá acu, fiú ag na páirtithe a mbíonn sé de nós acu ligean orthu féin gurb ionann iad agus glór na n-oibrithe.
Tá deighilt bhunúsach sa Teach seo idir na daoine sin atá ag iarraidh an obair dhian a dhéanamh ó thaobh beartais a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm chun dul chun cinn eacnamaíochta agus sóisialta a chinntiú, agus na daoine nach mbíonn ach ag gaotaireacht, fad a bhíonn polaitíocht shoiniciúil ar bun acu. Is deighilt í idir iad sin ar mhaith leo fadhbanna a réiteach agus iad sin ar mhaith leo fadhbanna a chur chun tairbhe dóibh féin.
Leis an scaoll atá faoin bhfreasúra agus é ar a mhine ghéire ag iarraidh teacht ar líne ionsaithe a bheadh seasmhach, treisítear an dearcadh gur buiséad cothrom uaillmhianach é seo trína gcabhrófar le daoine in am an ghátair agus trína ndéanfar dul chun cinn ar shaincheisteanna práinneacha.
Fad a chosnaíonn sé geilleagar na tíre agus an cumas atá ann poist a chruthú agus seirbhísí poiblí a mhaoiniú, cinnteofar leis go mbeimid in ann cora chun donais amach anseo a sheasamh.
Agus dar ndóigh, má tá rud amháin foghlamtha againn le dhá bhliain go leith anuas, is é sin go bhfuil cora chun donais ag tarlú níos minice agus níos minice, agus bheadh sé mífhreagrach gan pleanáil a dhéanamh ina leith.
An Phaindéim & Téarnamh
An rud is tábhachtaí ar fad a bhaineann leis an gcúlra don Bhuiséad seo ná go dtaispeánann sé go bhfuil Éire tagtha tríd an bpaindéim agus an cúlú eacnamaíochta is sciobtha a bhuail le linn na haoise seo caite, agus í breá láidir arís.
Dáiríre píre, tá sé dochreidte nach bhfuil Sinn Féin agus dreamanna eile ábalta aitheantas a thabhairt don mhéid a baineadh amach agus don mhéid a rinne an rialtas seo, gníomhaíochtaí a raibh buntábhacht leo, chun cabhrú an tír a chur ar a boinn arís i ndiaidh na paindéime, chun saol daoine a shábháil agus chun an téarnamh is gasta a taifeadadh san Eoraip a spreagadh.
Ag croí an scéil seo, tá bearna sa Teach seo atá ag méadú i rith an ama. Níor tharla sé riamh roimhe seo go raibh freasúra ann a raibh a leithéid de neamhshuim seo aige sa phictiúr foriomlán eacnamaíochta. Níor tharla sé riamh roimhe seo go raibh freasúra ann nach raibh imní dá laghad air faoin ngá atá le geilleagar sách láidir a bheith ann chun ioncam a ghineadh le haghaidh tacaíochtaí sóisialta.
Léiríonn na fíricí go bhfuil an éigeandáil a bhuail an tír seo agus an chuid eile den domhain, a raibh an taobh sláinte poiblí agus an taobh eacnamaíochta ag baint leis, sáraithe anois.
Rolladh amach ceann de na cláir vacsaínithe is rathúla ar domhan anseo in Éirinn, bhí i bhfad níos lú básanna i gceist anseo i gcomparáid le tíortha eile agus cinntíodh téarnamh eacnamaíochta an-tapa anseo.
Tá breis is 400,000 níos mó post sa gheilleagar inniu ná mar a bhí an lá a chuaigh an rialtas seo i mbun oifige.
Sábháladh gnólachtaí, poist agus airgead teaghlach de bharr na n-idirghabhálacha a rinneamar. Sin an fáth a bhfuil na hacmhainní ar fáil againn inniu chun réimse beart nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo a chur i bhfeidhm, chun cabhrú le teaghlaigh agus gnólachtaí i lár géarchéim drámatúil idirnáisiúnta.
Chuir an Rialtas €45 billiún ar fáil, ar cuireadh breis is €20 billiún den mhéid sin ar fáil mar thacaíocht dhíreach d’oibrithe agus do ghnólachtaí.
Bhí sé seo costasach, ach ba bheart riachtanach agus oiriúnach é, i bhfianaise an chineáil dúshláin a bhí romhainn agus i bhfianaise riachtanais mhuintir na tíre.
Bhí dúshláin nua ag teacht chun cinn de réir mar a bhíomar ag teacht as an bPaindéim, chomh maith le harmáil soláthairtí fuinnimh na hEorpa agus an domhain ag an Rúis.
Tá na rátaí is airde boilscithe leis na deicheanna de bhlianta anuas i gceist anois.
Tá sé seo ag cur isteach go mór ar ionchais fáis an gheilleagair, agus tá éiginnteacht nach beag ag baint leis freisin
Tá an tionchar is mó ag an gcás seo á imirt ar líonta tí a bhfuil ioncaim níos ísle acu, mar go n-ardaíonn an sciar dá gcuid ioncaim a chaitear ar fhuinnimh chuig leibhéil nua fad atá siad ag iarraidh brúnna eile a bhaineann le costas maireachtála a láimhseáil.
Ar fud na hEorpa, tá boilsciú, arb iad an costas fuinnimh atá ag ardú, an cogadh san Úcráin agus deacrachtaí leanúnacha sa slabhra domhanda soláthair is cúis leis, ardaithe go dtí na leibhéil is airde anois leis na deicheanna de bhlianta, agus anuas air sin tá dúshlán idirghlúine ann i dtaobh an chostais maireachtála.
Mar a tharla le linn COVID, ní bheidh aon easpa ar an Rialtas, agus le Buiséad 2023, cuirfimid freagairt chuimsitheach, spriocdhírithe agus éifeachtach i bhfeidhm chun poist a chosaint agus chun cuidiú le teaghlaigh.
Baintear trí phríomhrud amach leis an straitéis buiséid a d’fhoilsigh an tAire McGrath agus an tAire Donohue inné; cinntítear leis go bhfuil na hacmhainní ar fáil dúinn chun aghaidh a thabhairt ar éigeandálaí nua; cuirtear mórthacaíocht ar fáil do theaghlaigh chun cuidiú leo nuair atá praghsanna á n-ardú de thoradh cúinsí idirnáisiúnta; agus déantar beart leis i dtaobh réimse saincheisteanna poiblí ríthábhachtacha.
Glacann gach duine leis, má tá siad ionraic faoi na brúnna móra a bhaineann le praghsanna atá ag ardú, gur cúiseanna idirnáisiúnta iad na príomhchúiseanna boilscithe anseo. Léiríonn na fíricí go bhfuil boilsciú in Éirinn díreach faoi bhun an mheáin san Eoraip agus sa Ríocht Aontaithe.
Le cúnamh Dé ní bheidh ach tionchar gearrthéarmach ag cuid de na fachtóirí atá ag ardú praghsanna, go háirithe praghsanna fuinnimh, agus rachaidh praghsanna ar mhalairt treo go luath, de réir na treochta stairiúla. Tá cuid eile díobh a mbeidh tionchar buan acu, is dócha.
Cibé cúis atá leis, tuigimid go hiomlán scála an tionchair atá leis na praghsanna seo atá ag ardú agus táimid ag freagairt air sin leis na bearta ata mar chuid de Bhuiséad ar fiú €11 billiún é. Tá sé ar an gclár tacaíochtaí díreacha is mó riamh do theaghlaigh agus do ghnólachtaí, i dtéarmaí coibhneasta agus i dtéarmaí glana araon.
Mar aon le feabhsuithe cánach agus coimirce sóisialaí a chur ar fáil, cuimsítear gníomhartha ar fud réimse iomlán saincheisteanna sa Bhuiséad seo. Cabhraíonn sé go díreach le teaghlaigh a bhfuil leanaí iontu. Cabhraíonn sé le daoine níos sine. Cabhraíonn sé le mic léinn. Cabhraíonn sé le printísigh. Cabhraíonn sé le cíosaithe. Cabhraíonn sé le gnólachtaí beaga. Cabhraíonn sé le feirmeoirí - agus cabhraíonn sé le go leor grúpaí eile nach iad.
Agus, mar ab amhlaidh leis an gcéad dá Bhuiséad a leagamar amach, is ag na daoine is mó a dteastaíonn siad uathu a bheidh na buntáistí is mó.
Le linn dhíospóireacht na hoíche aréir, chualamar an-chuid uafás bréige ó lucht an fhreasúra ag rá gur Buiséad do lucht an airgid é an ceann seo. Is seafóid é sin - agus is conclúid é sin nach féidir a theacht air ach amháin trí mhíléiriú a thabhairt ar na pacáistí cánach agus trí neamhaird a thabhairt ar na tacaíochtaí díreacha ar fad atá á maoiniú againn.
An rud atá feicthe againn ná iarracht thruamhéalach shoiniciúil chun an reitric atá in úsáid i ndíospóireachtaí sa Bhreatain le déanaí a thabhairt isteach anseo. Is léir go dtaitneodh sé go mór le lucht an fhreasúra dá mbeadh pacáiste cúlchéimnitheach curtha amach againn a bheadh dírithe go mór orthu sin a thuilleann níos mó airgid. Ní hé sin a rinneamar, chabhraíomar le gach aon teaghlach agus rinneamar sin ar bhealach forásach - ach tá an seamsán céanna ar siúl acu ar aon chaoi.
Tá sé ráite i ngach aon tuarascáil neamhspleách a rinneadh sa tír seo nó go hidirnáisiúnta go raibh ár mbeartais thar a bheith forásach ó thaobh acmhainní a athdháileadh. Mura bhfuiltear sásta glacadh leis sin, níltear sásta glacadh leis an saol mar atá.
Tá nádúr forásach buiséad lárnach dár gclár rialtais, ach tá sé tábhachtach a chur in iúl nach n-aontaímid in aon chor le tuairim Shinn Féin nár cheart do dhaoine ar mheánioncam ná ar ioncam níos airde cead a bheith acu buntáiste a bhaint as athrú ar bith ar cháin ioncaim.
Is meon nialasach é seo, agus creidim nach bhfuil an meon sin ag muintir na hÉireann.
Nuair a chuirtear gach íocaíocht shóisialta agus beart eile a bhaineann le hioncam san áireamh, is léir gur Buiséad cothrom forásach é seo - gabhaigí áit éigin eile má tá troid uaibh ar an ábhar seo.
I ráiteas a eisíodh inné, dheimhnigh an Chomhairle Fioscach Chomhairleach neamhspleách go bhfuil na tacaíochtaí speisialta atá á gcur ar fáil tríd an mBuiséad níos spriocdhírithe fós ná mar a bhí i mblianta roimhe seo fiú.
Léiríodh freisin le seachtain anuas go bhfuil ar rialtais a bheith cúramach sa chaoi a bhfreagraíonn siad do bhoilsciú. Is iomaí bealach inar féidir leo cor chun donais a chur sa scéal.
Bhíomar meáite ar phráinn thionchar an bhoilscithe a láimhseáil, ach ar gan cúrsaí a dhéanamh níos measa freisin agus sláine bunúsach an airgeadais phoiblí a chosaint.
Mar gheall ar an soláthar cúlchistí, is féidir linn freagairt do chásanna nua ar bith agus is féidir linn cosaint a thabhairt i dtaobh shaincheisteanna cearta ioncaim a bhféadfadh sé nach bhfuil siad buan.
Fáiltím ó chroí roimh an ráiteas ón gComhairle Fhioscach Chomhairleach maidir leis an mBuiséad. Tá sé deimhnithe aici go bhfuil na croíthuairimí atá mar bhonn faoin mBuiséad ar aon dul le réamhaisnéisí neamhspleácha.
Luaigh an Chomhairle freisin “Tá fáilte roimh úsáid an Chúlchiste. Tá sé de réir chomhairle na Comhairle chun róspleáchas an Stáit ar fháltais bhreise cánach corparáide a laghdú de réir a chéile agus chun cosaint a fhorbairt ar féidir leas a bhaint aisti nuair a bheadh cor chun donais sa gheilleagar amach anseo.”
Mar a dúirt mé cheana, luaigh an Chomhairle gur cuireadh méadú suntasach ar chaiteachas mar fhreagairt ar bhoilsciú agus go bhfuil formhór an mhaoinithe dírithe ar ghrúpaí a bhfuil géarghá acu.
Dúirt an Chomhairle Fhioscach Chomhairleach freisin go bhfuil cothromaíocht bainte amach sa Bhuiséad, dar léi, idir tacaíocht a chur ar fáil agus gan a bheith ag cur le boilsciú.
Mar sin, is é tátal an chomhlachta ar leag an tOireachtas freagracht air athbhreithniú a dhéanamh ar bheartas fioscach, sa chéad athbhreithniú neamhspleách atá déanta aige ar an mBuiséad, gur Buiséad forásach, flaithiúil agus freagrach atá ann.
Rinneadh measúnú ar éifeachtaí dáileacháin Bhuiséad 2023 chomh maith trí leas a bhaint as múnla SWITCH na hInstitiúide Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta agus cinneadh go raibh sé thar a bheith forásach.
Cuirfidh bearta Costais Maireachtála an gheimhridh borradh 5% faoi ghlanioncam indiúscartha na líonta tí is lú ioncaim, is é sin, na daoine sin sa dá dheicíl ioncaim is ísle, i gcomparáid le 0.7% do na líonta tí is mó ioncaim - na daoine sin sa dá dheicíl ioncaim is airde.
Cuirfidh croíphacáiste Bhuiséad 2023 borradh 5.8% faoi ghlanioncam indiúscartha na líonta tí is lú ioncaim, i gcomparáid le borradh 2.3% i gcás na líonta tí is mó ioncaim.
Tá a fhios agam go bhfuil sé míchompordach don lucht freasúra, ach is cothromaíocht é sin a bhfuil príomhthábhacht aici dúinn le go mbeimid in ann beart a dhéanamh de réir ár mbriathair do mhuintir na tíre.
Is fadhb mhór í sna díospóireachtaí seo go bhfuil siad thar a bheith neamhchothrom. Ar thaobh amháin, tá tograí mionsonraithe curtha i dtoll a chéile ag an Rialtas i ngach réimse de chaiteachas poiblí agus cánacha, tá costáil déanta orthu síos go dtí na figiúirí cruinne agus tá an tionchar gearrthéarmach agus meántéarmach de na bearta seo léirithe acu.
Ar an taobh eile, tá giotán cainte faoi pholasaithe agus figiúirí nach féidir a réiteach, ná baol air, ná nach gcuirtear a mhalairt de rogha ar fáil leo.
Maidir leis an gcostáil atá cloiste againn ó Shinn Féin i ndáil le tithíocht, cuir i gcás, níl iontu ach fantaisíocht amach agus amach.
Tá sé in am dúinn deireadh a chur leis an gcur i gcéill seo ó pháirtithe an fhreasúra a bhíonn an maíomh “go bhfuil costáil déanta ar an uile rud” ach a bhíonn ag coinneáil na sonraí i bhfolach, gan aghaidh a thabhairt ar chostas iomlán na seirbhísí ná ar thionchar na gcánacha.
Bearta Costais Maireachtála
Mar atá ráite agam, cuidíonn an Buiséad €11 billiún seo le teaghlaigh agus le gnólachtaí éifeachtaí na bpraghsanna atá ag ardú a láimhseáil.
Níl aon ‘síothlú’ ag baint leis seo - cúnamh díreach suntasach atá i gceist, óna mbeidh an buntáiste is mó ag dul chuig na daoine is mó a dteastaíonn sé uathu.
Ar an mbeart aonair is mó, a mbeidh costas chóir a bheith €900 milliún ag dul leis, ná méadú buan €12 ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh - an méadú is mó riamh ar na híocaíochtaí seo agus cuid den phacáiste coimirce sóisialaí is mó riamh.
Diúltaímid do thuairim Shinn Féin gur cheart níos lú a thabhairt do phinsinéirí. Tá ár gcuid tacaíochta tuillte acu agus leanfaimid de bheith ag cur i gcoinne na tuairime sin gur cheart caitheamh leo go míchothrom. Beidh feidhm ag an méadú sin do gach duine a fhaigheann príomhíocaíocht leasa shóisialaigh.
Beidh tairbhí i gceist do theaghlaigh íseal-ioncaim ar bhealaí éagsúla.
Beidh tuilleadh teaghlach incháilithe don Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht, tá méadú á chur ar an Liúntas i leith Leanbh Cáilithe agus ar an Liúntas Breosla, agus tá méadú á chur ar íocaíochtaí do chúramóirí agus do dhaoine ar scéimeanna fostaíochta pobail freisin. Tá sé seo anuas ar bhearta eile aon uaire a rachaidh chun tairbhe dóibh, a bhfuil sé mar aidhm leo dul i ngleic le boilsciú.
Agus rachaidh ciorrú 25% ar chostas cúraim leanaí chun tairbhe do theaghlaigh a bhfuil leanaí óga iontu - mar chuid de phacáiste lena gcuirfear méadú suntasach ar thacaíocht dóibhsean a oibríonn san earnáil agus ar thacaíocht d’áiteanna cúraim leanaí ar ardchaighdeán.
Is cinneadh stairiúil é seo, atá ina chéim chinntitheach i dtreo cúram leanaí a bheith ar fáil a bheadh inrochtana agus inacmhainne don uile dhuine. Cinnteoidh an tAire O’Gorman go gcuirfear an tacaíocht seo i bhfeidhm go gasta le go mbeidh sé ag dul chun leasa teaghlach gan mhoill.
Is ionann gach ceann díobh seo agus buanfheabhsú i dtacaíocht stáit a chabhróidh go díreach le líonta tí a bhfuil cúnamh de dhíth orthu.
Ach i bhfianaise an mhéadaithe ollmhóir ar phraghsanna fuinnimh táimid ag dul níos faide ná seo agus tá i bhfad níos mó á dhéanamh againn.
Tá an iomarca beart i gceist le gach ceann díobh a phlé as féin, ach ní mór an laghdú €600 ar bhillí fuinnimh atá á chur i bhfeidhm againn a lua.
Is ionann seo agus beart tacaíochta praiticiúil téagartha iontaofa láithreach do gach líon tí ag pointe thar a bheith deacair.
Roghnaíomar an bealach seo chun cuidiú le daoine le billí mar gur bealach níos dírí agus níos inbhuanaithe a bhí ann ná na roghanna eile. Is é seo an cur chuige atá in úsáid i bhformhór na dtíortha.
Tá sé an-difriúil ón ngiotán cainte pobalach atá molta ag Sinn Féin chun uasteorainn a chur le praghsanna. Mar atá feicthe againn in áiteanna eile, is féidir leis sin an bonn a bhaint ó mhargaí agus níl sé inbhuanaithe.
Agus ba mhaith linn a bheith an-soiléir faoi - rachaimid sa tóir ar bhrabúis amhantair ag cuideachtaí fuinnimh. Sa chás go bhfuil siad faoi úinéireacht an stáit, rachaidh na brabúis ar ais chun tacaíochtaí agus seirbhísí poiblí a mhaoiniú - sa chás nach bhfuil, glacfaimid céimeanna eile.
Oibreoimid san Eoraip chun cur chuige comónta a aontú maidir leis na brabúis seo, agus, más gá, rachaimid níos faide ná sin.
Tá a fhios agam gur bhreá le lucht an fhreasúra a mhaíomh go bhfuilimid, ar bhealach éigin, ag dul i bpáirt leis na cuideachtaí móra fuinnimh seachas le muintir na hÉireann, ach is é fírinne an scéil ná go bhfuilimid ag déanamh gach ar féidir linn chun costais a laghdú do dhaoine agus chun bac a chur ar bhreis brabús.
Tuigimid an ról criticiúil a bhíonn ag earnáil láidir ghnó maidir le poist a chruthú agus a bheith ag tacú le geilleagar agus sochaí na tíre araon.
Tá brú as cuimse roimh chuideachtaí beaga agus meánmhéide mar gheall ar phraghsanna fuinnimh agus tá ár gcúnamh ag teastáil uathu. Is é sin an fáth a bhfuilimid ag tabhairt isteach tacaíocht spriocdhírithe do chuideachtaí easpórtála atá dian ar fhuinneamh agus beart níos leithne chomh maith atá oscailte do gach gnólacht.
Beidh sé seo nasctha go díreach le costais mhéadaithe agus d’fhéadfadh go mb’fhiú suas le €10,000 in aghaidh na míosa é.
Cabhróidh sé seo leo na dúshláin ollmhóra atá rompu a chur tharstu, agus cabhróidh freisin an spreagadh eacnamaíochta níos leithne a cuireadh ar fáil tríd an mBuiséad.
Athrú Aeráide
Tá an gá práinneach chun neodracht ó thaobh carbóin de a bhaint amach treisithe ag an mborradh atá tagtha ar phraghsanna fuinnimh. Tá dlúthbhaint idir an dúshlán drámatúil maidir leis an athrú aeráide a mhaolú agus soláthar inbhuanaithe inacmhainne fuinnimh a aimsiú, tá siad fite fuaite ina chéile.
Rinne an tAire Ryan achoimre inné ar ghníomhartha atá á gcur i bhfeidhm againn ar fud an gheilleagair chun iompar poiblí a fhás, chun úsáid fuinnimh a laghdú agus chun tacú le neamhspleáchas fuinnimh.
Táimid ag méadú agus ag cur dlús lenár bhfeachtas chun geilleagar nua a chruthú bunaithe ar fhuinneamh glan - geilleagar ina gcuirfear poist mhaithe ar fáil ar fud na tíre, lena ndéanfar ceannaire san fhuinneamh in-athnuaite agus in éifeachtúlacht fuinnimh d’Éirinn.
Chomh maith leis seo, táimid ag brú ar aghaidh le bearta chun an bhithéagsúlacht ar cheart a bheith ina sainchomhartha den oileán seo a chosaint agus a athshlánú.
Tá roinnt daoine anseo a mbíonn caint mhór acu i dtaobh an athraithe aeráide, ach nuair a thagann an crú ar an tairne, cuireann siad i gcoinne gach cinnidh dheacair. Agus mar a tharlaíonn leis an méid sin réimsí eile, tugann siad cúl droma do rud ar bith a cheapann siad a bhféadfadh tóir a bheith air - is cuma chomh bunúsach is atá sé chun aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb.
Agus dar ndóigh, bíonn siad ina iománaithe ar an gclaí chomh fada is a bhaineann sé le spriocanna sonraithe a leagan amach agus seasamh lena bhfocal i dtaobh na spriocanna sin.
Is cuid bhunriachtanach de phlean inchreidte chun dul i ngleic le hathrú aeráide iad cánacha carbóin. Is í sin an fhírinne ghlan. Mar sin, ní aontóimid go brách le seasamh Shinn Féin i gcoinne cánacha carbóin. Tá na cánacha riachtanach i ndáil le hiompar a athrú agus aistriú cóir ionchuimsitheach chuig múnla inbhuanaithe eacnamaíochta agus comhshaoil a mhaoiniú araon.
Is ionann an beartas seo agus dearcadh comhroinnte an rialtais seo agus, chomh tábhachtach céanna, tá sé riachtanach i dtaobh an dúshláin stairiúil a shárú maidir le hathrú aeráide a mhaolú. Mar a aontaíomar sa Chlár Rialtais, tá gach cent a thuilltear de thoradh na Cánach Carbóin ag dul go díreach chun tacú le daoine a bhfuil tearcrochtain fuinnimh acu, chun infheistíocht a dhéanamh in éifeachtúlacht fuinnimh, chun cuidiú le hoibrithe agus le pobail a bhfuil an t-aistriú ag imirt tionchair orthu agus chun tionscal nua sa réimse seo a fhorbairt.
I bhfianaise scála an bhrú ar phraghsanna breosla ghníomhaíomar chun cúiteamh a dhéanamh ar thionchar na n-athruithe ag an gcaidéal - ach ná cúlaímis, ach ní chúlóimid, ó chroíchlár athraithe aeráide an rialtais seo.
Agus ba cheart go mbeadh an Buiséad seo ina chúnamh chun na cosa a bhaint den tuairim chontráilte gur bagairt do gheilleagar na tuaithe atá i ngníomhú chun dul i ngleic leis an athrú aeráide.
A mhalairt ar fad atá fíor, i ndáiríre. Buailtear earnáil na feirmeoireachta, níos mó ná earnáil ar bith eile, ag na teagmhais adhaimsire atá ag tarlú níos minice agus níos minice. Ach níos tábhachtaí arís, rachaidh fuinneamh inbhuanaithe níos saoire agus earnálacha ardchaighdeáin bia go díreach chun tairbhe d’fheirmeoirí agus do gheilleagar na tuaithe go ginearálta.
Agus, le bheith soiléir faoi, leanfaimid de cibé rud a theastaíonn a dhéanamh lena chinntiú go mbeidh geilleagar tuaithe bríomhar rathúil againn sa tír seo, fad atá aghaidh á tabhairt againn ar ghéarchéim na haeráide agus na bithéagsúlachta go práinneach ag an am céanna.
Beidh breis is €80 milliún i gcáin charbóin ag dul go díreach chuig feirmeoirí an bhliain seo chugainn. Bainfear leas as seo chun maoiniú a dhéanamh ar an scéim nua agra-aeráide comhshaoil tuaithe atá leagtha amach againn sa Phlean Straitéiseach CAP atá againn.
Tacófar le suas le 50,000 feirmeoir a thugann faoi ghníomhartha a thacóidh le torthaí feabhsaithe maidir le bithéagsúlacht, aeráid, caighdeán aeir agus caighdeán uisce.
Mar gheall ar thionchar leanúnach an Bhreatimeachta ar an earnáil agraibhia, leithdháilfear os cionn €280 milliún ar an earnáil chomh maith. Tá plean gnímh uaillmhianach práinneach leagtha amach ag an Aire McConalogue, a mbeidh feidhm leis fad is a theastaíonn sé.
Léiríonn sé sin fíorthiomantas marthanach d’earnáil na feirmeoireachta, do ghnólachtaí agraibhia agus do cheantair thuaithe na hÉireann go ginearálta.
Infheistíocht agus Seirbhísí Poiblí
Tá tosaíocht aontaithe againn atá lárnach dár gclár rialtais, is é sin chun infheistíocht a dhéanamh i seirbhísí poiblí agus i gcláir infheistíochta a fhorbairt. Don tríú Buiséad as a chéile, beidh forbairtí suntasacha i gceist do sheirbhísí poiblí na tíre agus maoineofar an clár forbartha caipitil is mó i stair an rialtais seo.
Tithíocht
Bíonn gníomhú marthanach ar fud na n-earnálacha uile agus i gcaitheamh roinnt blianta as a chéile ag teastáil chun tithíocht inacmhainne a chur ar fáil. Glacann gach mac máthar go mbíonn am de dhíth chun dul chun cinn a dhéanamh maidir le ceist na tithíochta - agus léiríonn na fíricí go bhfuil toradh ag teacht ar Thithíocht do Chách anois, agus go bhfuilimid ag tosú tionchar suntasach a fheiceáil dá bharr.
An bealach le tithíocht a dhéanamh níos réasúnta ó thaobh costais de ná chun tuilleadh tithíochta a chur ar fáil, chun oiliúint a chur ar níos mó daoine chun tithe a thógáil agus a athchóiriú, chun moilleanna móra ar thionscadail tithíochta a bhaint agus chun cabhrú le ceannaitheoirí agus le cíosaithe ag tráthanna tábhachtacha.
Chualathas óráid i ndiaidh óráide sa Dáil inné ina ndearnadh ionsaí orainn i ngeall ar cheist na tithíochta, ag maíomh gur faoi bhos an chait atáimid ag grúpaí éagsúla agus go bhfuilimid tiomanta d’idé-eolaíocht na heite deise. Seafóid amach is amach é sin.
De thoradh an rialtais seo, is é an stát atá ar an ngníomhaí is mó ar fad atá ann anois i ndáil le tógáil tithe. Táimid ag déanamh idirghabháil dhíreach le hinacmhainneacht a chinntiú agus tá tús curtha againn le ré nua radacach i dtaca le tithíocht shóisialta a thógáil.
Caithfear €4.5 billiún ar árais chónaithe a thógáil agus a athchóiriú an bhliain seo chugainn - is é sin an clár tithíochta sóisialta agus inacmhainne is mó i stair na hÉireann, go héasca.
Taifeadadh an leibhéal is airde tithe á dtosú ó cuireadh tús le taifeadadh le linn an dá mhí déag go dtí mí Bealtaine.
Bhí an líon is airde ceannaitheoirí céaduaire i gceist anuraidh le cúig bhliana déag - tá rath ag teacht ar ár scéim Cabhair le Ceannach agus bearta eile agus an tionchar atá acu ag teacht chun solais.
Sa Bhuiséad seo, thugamar isteach raon beart chun tacú go díreach le daoine - lena n-áirítear cúnamh ar fiú €1,000 é in aghaidh an duine do chíosaithe le linn na chéad 12 mhí eile.
Níl réimse ar bith ann a mbíonn Sinn Féin chomh soiniciúil cruachroíoch ina leith ná réimse na tithíochta. Is ag tochras ar a cheirtlín féin atá sé chun teacht i dtír ar na brúnna tromchúiseacha atá roimh dhaoine aonair agus roimh theaghlaigh.
Mar ba léir nuair a chuaigh an tAire O’Brien i mbun díospóireachta le hurlabhraí Shinn Féin níos luaithe i mbliana, ní luíonn na giotáin chainte le réasún, ní sheasann siad nuair a dhéantar iniúchadh ar bith orthu.
Níl sna costálacha agus i líon na bhfoirgneamh ach cumadóireacht, a dearadh chun tabhairt le fios go bhfuil plean ann, cé nach bhfuil plean ar bith ann i ndáiríre.
Ach is cinnte go bhfuil sé fíor go bhfuil difríochtaí barrthábhachtacha eadrainn maidir leis na réimsí fánacha sin ina bhfuil sonraí tugtha ag Sinn Féin i leith a bheartas.
Tacaímid le prionsabal na húinéireachta tí agus le tús áite a thabhairt do leasanna na gceannaitheoirí céaduaire sa mhargadh. Tá Sinn Féin ag iarraidh deireadh a chur leis an scéim Cabhair le Ceannach, deireadh a chur leis Scéim an Chéad Bhaile agus deireadh a chur le Croí Cónaithe, an scéim maoine folmha agus tréigthe.
Cabhraíodh leis na mílte líonta tí tríd na scéimeanna seo, agus cabhróidh siad leis na mílte eile sna blianta atá amach romhainn - ach mar sin féin, chaithfí na scéimeanna seo i dtraipisí de thoradh chur in éadan idé-eolaíoch Shinn Féin cabhair a thabhairt do dhaoine le háras cónaithe a cheannach.
Agus fad is a mhaíonn lucht Shinn Féin gur ábhar imní dóibh iad na deacrachtaí doshéanta atá roimh chíosaithe príobháideacha, is é fírinne an scéil ná go gcuirfeadh a gcuid pleananna deireadh leis an earnáil ar fad, nach mór.
Bheadh cúrsaí níos measa fós dá ndéanfaí úinéirí príobháideacha a bhlocáil ó bheith in ann srian a chur ar thionóntachtaí, dá gcuirfí cosc ar mhaoine a dhíol agus dá gcuirfí lear mór srianta eile i bhfeidhm.
Mar atá i gcás go leor réimsí eile, ba é príomhtheaictic Shinn Féin maidir le tithíocht ná bheith ag súil nach mbeadh an t-am ag lucht na meán, ná an fonn orthu, tuilleadh tochailte a dhéanamh faoi na giotáin chainte agus a bheartais a scrúdú go mion. Feictear leis an mBuiséad seo go bhfuilimid ag tráth anois ag a bhfuil soiniciúlacht Shinn Féin le feiceáil ag an saol mór.
Sláinte
Le linn na paindéime, chonaiceamar go léir sárchaighdeán ghairmithe sláinte agus chóras sláinte na tíre seo, a thug saol an méid sin daoine slán.
Cé go bhfuil dúshláin mhóra roimhe, tá fás suntasach tagtha ar chóras sláinte na tíre agus tá cóireáil á cur ar othair anois a bhfuil torthaí níos fearr le feiceáil uaithi ná mar a bhí riamh roimhe seo.
Ach ní mór dúinn dul níos faide fós agus is é sin go díreach atá á dhéanamh againn.
Leis an mBuiséad, táimid ag seasamh lenár bhfocal chun leanúint de chroí-acmhainn ospidéal géarmhíochaine na tíre a mhéadú - ina mbeidh níos mó gairmithe sláinte agus níos mó leapacha géarmhíochaine.
Cuirfear sraith tionscnamh ar bun lena nascfar é sin le hacmhainn chun cóireáil a chur ar na mílte daoine atá ar liostaí feithimh agus chun na hamanna feithimh roimh an uile dhuine a laghdú.
Ach táimid ag dul i bhfad Éireann níos faide chun rochtain agus caighdeán a fheabhsú.
I mbliana, bhaineamar muirir na n-othar cónaitheach i gcás othair atá faoi bhun 16 mbliana d’aois, agus bainfimid iad i gcás gach othair chónaithigh an bhliain seo chugainn.
An bhliain seo chugainn, leathnóimid na critéir incháilitheachta don chárta cuairte dochtúra, agus beidh na mílte daoine sa bhreis clúdaithe dá bharr.
Mar aon le bearta ginearálta den sórt seo, brúfaimid ar aghaidh leis na pleananna atá againn chun seirbhísí nua a fhorbairt.
Cuirfear tacaíocht ollmhór ar fáil do sheirbhísí sláinte na mban, lena n-áirítear an aoisteorainn do fhrithghiniúint saor in aisce a leathnú ó suas go 25 bliana d’aois go dtí suas go 30 bliain d’aois ó mhí Mheán Fómhair seo chugainn. Leis seo, cuirfear tacaíochtaí ar fáil den chéad uair maidir le cóireáil IVF, moil sláinte na mban a mhéadú agus maoiniú breise a chur ar fáil i leith scagthástála. Tá spriocanna uaillmhianacha an rialtais seo i leith na seirbhísí seo agus seirbhísí eile nach iad leagtha amach ag an Aire Donnelly.
Mar atá sonraithe ag an Aire Mary Butler, cuirfear méadú mór eile ar sheirbhísí meabhairshláinte i bhfeidhm. Cuirfear síneadh le tacaíochtaí do dhaoine níos sine a bhfuil réimse riachtanas acu, agus cuirfear síneadh freisin le forbairt straitéis néaltraithe an Aire, atá an-nuálach agus tábhachtach.
Leag an tAire Anne Rabbitte sonraí amach freisin i dtaobh nach mór €30 milliún de mhaoiniú nua i leith seirbhísí leathnaithe míchumais.
Oideachas
Bhí oideachas ina thosaíocht i ngach ceann de Bhuiséid an rialtais seo, agus táimid ag dul céim níos faide i mbliana chun scoileanna na tíre a láidriú, chun cabhrú le teaghlaigh, chun tacú le leanaí a bhfuil riachtanas speisialta acu agus chun an timpeallacht foghlama a fheabhsú don uile dhuine.
Leis an mBuiséad seo, tacófar le níos mó tionscadail tógála agus athchóirithe ná riamh.
Tiocfaidh laghdú eile ar an gcóimheas idir daltaí agus múinteoir.
Beidh os cionn míle Cúntóir Riachtanas Speisialta nua ann.
Cuideoidh na bearta seo linn, agus réimse beart eile, chun oideachas ionchuimsitheach ardchaighdeáin a fhorbairt tuilleadh.
Tabharfar isteach leabhair saor in aisce do leanaí bunscoile, ar beart radacach é sin chun aghaidh a thabhairt go cuimsitheach ar cheann de na costais is mó a bhíonn roimh theaghlaigh. Rachaidh sé chun tairbhe leathmhilliún leanbh an bhliain seo chugainn.
Baineann an tiomantas atá againn d’oideachas leis an earnáil ardoideachais agus oiliúna freisin - áit a rachaidh cúnamh díreach chun leasa gach mic léinn agus a láidreoidh maoiniú méadaithe an córas tríd is tríd.
Cultúr agus Na Meáin Chumarsáide
Sa lá atá inniu ann, tráth a bhfuil deighiltí sa saol ag méadú, díospóireachtaí teasaí ar bun agus borradh ag teacht faoi phobalachas, tá sé níos tábhachtaí ná riamh a chinntiú go bhfuil pobail chultúir agus meán sóisialta in Éirinn atá ilchineálach agus gairmiúil. Chuireamar tús le ré nua inné ó thaobh tacaíocht do chultúr agus do na meáin chumarsáide in Éirinn.
Mar a d’achoimrigh an tAire Catherine Martin, beidh sí ag cur réimse scéimeanna nuálaíocha cuimsitheacha i bhfeidhm chun tacú le gníomhaíocht i ngach cearn den tír.
Fad a gheobhaidh an Chomhairle Ealaíon níos mó maoiniú ná riamh, cuirfear tionscnamh sonrach i bhfeidhm chun tacú le geilleagar cultúir na hoíche agus chun cuidiú le heagraíochtaí costais atá ag ardú a íoc. Leanfar leis an scéim bunioncaim d’ealaíontóirí. Cuirfear síneadh le tionscnaimh spóirt agus teanga.
Mar sin féin, tá sé tábhachtach an raon tionscnamh caiteachais agus cánach atá á gcur i bhfeidhm againn chun tacú le meáin chumarsáide na hÉireann a lua go sonrach.
Anois agus muid ag dul isteach sa tríú deich mbliana de rochtain ar an idirlíon agus i bhfianaise an chumhacht nua atá ag na meáin shóisialta, ní mór dúinn cinneadh a dhéanamh ar cibé a theastaíonn uainn meáin ghairmiúla a bheith againn sa tír seo nó nach dteastaíonn.
Mura ngníomhaíonn muid ina leith seo, beidh an tionchar céanna ag neart brúidiúil na teicneolaíochta agus na hiomaíochta anseo ná mar atá aige i gcuid mhór den domhain - beidh an lámh in uachtar sna meáin ag caighdeáin atá ag ísliú, ag fostaíocht atá ag titim agus ag spás poiblí atá ag éirí níos achrannaí. Agus má tharlaíonn sé sin, is é an chéad rud a bheidh thíos leis ná clúdach ar imeachtaí áitiúla.
Creidim gur gá dúinn tacú le hiriseoireacht ghairmiúil ar an gcaoi chéanna agus a bhfuil orainn tacú le cruthaitheacht chultúrtha na hÉireann.
Baineann an mhaith choiteann le gairm trína bhféachtar leis an bpobal a chur ar an eolas ar bhealach atá bunaithe ar eitic shoiléir, ar thaighde cothrom agus ar an gcumas í féin a cheistiú agus gach cuid den tsochaí a cheistiú freisin.
Bheimis in ann céad bliain eile inár ndaonlathas atá ag fás a chinntiú dá mbeadh córas meán cumarsáide againn a mbaineann an tslándáil leis chun cur ar a chumas a bheith ag feidhmiú de réir na gcaighdeán is airde.
Is é sin an fáth a bhfuilimid ag cur deireadh le CBL ar na meáin foilsithe agus ag cur méadú suntasach ar mhaoiniú díreach i leith craoltóireacht seirbhíse poiblí.
Táimid ag bunú scéim nua deontas meán lena dtabharfar tús áite do chlúdach daonlathais áitiúil agus an chórais dlí, agus táimid ag bunú coimisiún neamhspléach maidir le sábháilteacht ar líne agus na meáin - lena sásófar gá práinneach atá ag méadú.
Conclúid
Clár leathan gnímh atá sa Bhuiséad a fógraíodh inné.
Cosnaíonn sé geilleagar na tíre i gcoinne tuilleadh tionchar nach raibh aon súil leo amach anseo, fad a chuireann sé cúnamh ar fáil do dhaoine tráth a dteastaíonn sé go mór uathu.
Is buiséad cothrom forásach é, a théann chun tairbhe an uile dhuine, ach lena dtugtar an tacaíocht is mó dóibhsean a bhfuil an riachtanas is mó acu.
Leis an mbuiséad seo cuirtear taca faoi thionscnaimh chun dul i ngleic le géar-riachtanais agus le forbairt fhadtéarmach ar fud príomhsheirbhísí poiblí agus dúshláin náisiúnta.
Cumasaítear raon leathan tionscnamh nua leis an mbuiséad seo i réimsí amhail tithíocht, sláinte, oideachas, pobail thuaithe, cosaint shóisialta, cultúr, agus go leor réimsí eile nach iad.
Is plean uaillmhianach inchreidte mionsonraithe é chun cúnamh a thabhairt fad atá an tír in anacair agus seirbhísí poiblí a fhorbairt ar mhaithe le muintir na hÉireann ar fad.
críoch