English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Óráid

Oráid an Taoisigh Micheál Martin ag Béal na Blá

Seiceáil in aghaidh seachadta

A Mhéara Chorcaí, a Thánaiste, a Aire Gnóthaí Eachtracha agus Cosanta, a bhaill an Oireachtais, a ionadaithe pobail go léir agus a dhaoine uaisle idir cléir agus tuatha, is pribhléid mhór domsa mar Thaoiseach bheith i láthair anseo tráthnóna inniu ag an suíomh stairiúil ag Béal na Bláth.

Is áit lárnach í seo i stair agus oidhreacht na hÉireann, an suíomh seo in Iarthar Chorcaí ag a bhfuilimid bailithe inniu i gcuimhne ar an laoch agus ar an gaiscíoch Éireannach Mícheál Ó Coileáin a caillleadh anseo céad bliain ó shin.

De réir mar a bhí cuimhneachán bliana ó bhásaigh Mícheál Ó Coileáin ag teannadh linn, bhailigh grúpa beag le chéile san áit seo chun onóir a thabhairt d’fhear a bhí fós le feiceáil go soiléir acu. Sheas dlúthchairde leis ón arm chomh maith lena dheirfiúr anseo os comhair cros shimplí adhmaid a chuir duine acu in airde. D’inis siad scéalta gearra faoina shaol agus ghuigh siad ar a shon sular imigh siad, iad go mór faoi bhrón faoina bhás.

Agus muid ag bailiú le chéile anseo inniu chun comóradh céad bliain ó bhásaigh sé a cheiliúradh, níl an ceangal díreach pearsanta sin againn leis agus a bhí acu. Níl duine ar bith anseo a raibh aithne acu ar an gcarasma a bhí air, fuinneamh na hóige a bhí aige, an glór domhain a bhí aige ná an láidreacht a bhí aige nuair a chroith sé lámh leat.

Ach fós féin is léiriú tábhachtach ar chuimhneachán agus ar bhuíochas é an comóradh seo. Is comhartha ómóis é do dhuine de chuid na laochra móra i stair na hÉireann, fear a raibh ról luachmhar aige maidir le neamhspleáchas a bhaint amach d’Éirinn.

Maidir leis an traidisiún polaitíochta a léiríonn Fine Gael, bhí an áit seo le fada mar áit chun casadh le daoine agus chun cuimhneamh ar cheannaire a thug inspioráid speisialta dóibh i gcónaí.

Mar sin féin, is suíomh tábhachtach é do gach duine a thugann onóir dár dtroid chun neamhspleáchas a bhaint amach agus dár ndaonlathas agus a bhfuil meas acu air sin.

Oibríodh le chéile go crua i dtraidisiúin dhaonlathacha dhifriúla chun meas a léiriú agus tuiscint nua a fháil ar a chéile agus tá sé sin ar cheann de na gaiscí is fearr a baineadh amach sa chéad seo caite

Ní mór dúinn aitheantas a thabhairt don ról speisialta a bhí ag muintir Uí Choileáin agus ag an gCoiste Comóraidh san obair seo leis na deicheanna de bhlianta anuas.

Mar gheall ar an obair a rinne siad caoga bliain ó shin spreagadh duine de chuid mo réamhtheachtaithe, Jack Lynch, chun teach Uí Choileáin a cheapadh mar leacht cuimhneacháin náisiúnta agus é a thabhairt faoi chúram an stáit. Ag an am céanna, ghlac Jerry Cronin, Aire Cosanta Fhianna Fáil le cuireadh chun freastal ar an gcomóradh seo agus leag sé bláthfhleasc thar ceann an rialtais. Tráth tábhachtach a bhí ann freisin nuair a fuair mo chomhghleacaí Brian Lenihan, atá ar shlí na fírinne, cuireadh chun labhairt anseo dhá bhliain déag ó shin.

Cuidíodh na nithe sin agus comharthaí eile flaithiúla agus oscailte linn a chinntiú go bhfuil go leor comhthuisceana ann i náisiúnachas daonlathach na hÉireann maidir le breathnú siar ar an stair agus ar an ról a bhí ag na bunaitheoirí chun neamhspleáchas a bhaint amach.

Is mór an onóir agus pribhléid dom a bheith anseo i mo Thaoiseach agus i mo cheannaire ar Fhianna Fáil le bheith libh chun ómós a thabhairt do Mhícheál Ó Coileáin. Táim bródúil as an bpríomhról a bhí ag mo Roinn maidir leis an gcuimhneachán seo a athfhorbairt agus é a dhéanamh sábháilte agus éasca le teacht air ionas go mbeadh na glúnta atá le teacht in ann leanúint le cuairt a thabhairt ar an áit agus ómós a thabhairt.

Inniu tá sé ina chomhartha inspioráideach, díreach mar a bhí sé riamh, maidir leis an méid is féidir linn a bhaint amach fiú mura bhfuil seans maith againn.

Sa saol gearr, 31 bliain, a bhí aige, tháinig sé as baile umhal in iarthar Chorcaí le bheith ina cheannaire chun troid ar son neamhspleáchas a bhaint amach - troid a raibh ceann de na stáit daonlathais is leanúnaí agus is faide sa domhan inniu ina chúis leis.

Tháinig gach ní a bhain sé amach ina shaol óna chumais iontacha agus ón aitheantas a thug a phiara dá cheannaireacht.

Cé go bhfuil achoimre a scéil agus an tionchar a bhí aige orainn ar eolas againn ar fad, ní mór dúinn níos mó a dhéanamh chun an obair iontach a rinne sé ar son na hÉireann a thuiscint agus a aithint.

Scríobh iar-chomhghleacaí seo a leanas chuige:

Ard, dorcha, dathúil agus láidir, bhí sé bríomhar agus tionscantach, agus bhí diabhlaíocht ann chun é a chur in oiriúint do ról an treallchogaí iontaigh. Bhí an cumas a bhí aige chun cúrsaí airgeadais a phlé, chomh maith le cumhacht a chainte, eisceachtúil d’fhear dá aois agus dá oideachas. Ach is é féith an ghrinn a bhí ann a sheas leis faoi na coinníollacha ar fad.”

Bhí Mícheál Ó Coileáin múnlaithe go mór ag an bpobal inar rugadh agus tógadh é. Corcaíoch bródúil go smior a bhí sa cheannaire seo. Ní dhearna sé dearmad riamh ar a cheantar féin in Iarthar Chorcaí.

Bhain an Coileánach an méid sin sásaimh as éachtaí agus gaiscí spóirt na tíre seo, bhí baint aige leis an gCumann Lúthchleas Gael agus ón gceangal sin leis an spórt Gaelach, d'fhoghlaim sé luach agus tábhacht na n-eagraíochtaí pobail Éireannacha, a thug seans den scoth do mhuintir na tíre seo uilig a bheith páirteach iontu.

Nuair a bhí an Coileánach críochnaithe lena scolaíocht, thosaigh sé láithreach ag cur le, ag tacú le agus ina theannta sin bhí sé gníomhach i mbunú agus eagrú na n-eagraíochtaí a raibh dlúthbhaint acu lenár n-athbheochan cultúrtha.

Anseo in Iarthar Chorcaí bhí sé sáite sna saintréithe sainiúla maidir le neamhspleáchas, diongbháilteacht agus comhbhá. Bhí tionchar ag an bpobal sin air agus b’in é i gcónaí an láidreacht ab fhearr a bhí aige.

I ndiaidh dó 10 mbliana a chaitheamh ag obair in Londain i bpoist éagsúla chléireachais, tháinig sé ar ais go hÉirinn ag tús na bliana 1916, agus bhí sé bliana go leith drámatúla ann ansin inar athraíodh an tír ó bhonn.

Ní raibh suim ag Ó Coileáin riamh in adhradh a thabhairt do laochra agus cheap sé i gcónaí go raibh sé mar chuid de ghluaiseacht leathan.

I ndiaidh dó seirbhís a dhéanamh mar Aide de Camp do Joseph Mary Plunkett in Ard-Oifig an Phoist, bhí deis aige a mhachnamh a dhéanamh ar bhealaí nua chun cinn nuair a cuireadh é sa bpríosún.

Ba riarthóir thar a bheith iontach agus cruthaitheach é - rud ar tugadh aitheantas dó sa ról sinsearach a ghlac sé le Sinn Féin atheagraithe. Bhí páirt lárnach aige in éineacht le dlúthchara leis, Harry Boland, sa bhua ollmhór a bhí ag an bpáirtí a bhí faoi cheannaireacht de Valera i dtoghchán na bliana 1918.

Cor cinniúnach drámatúil a bhí sa toghchán sin sa stair - agus tá sé mar chuid lárnach den difear domhain idir iadsan a throid i gCogadh na Saoirse agus iadsan a rinne iarracht mí-úsáid a bhaint as an gcuimhne ar an troid sin.

Ag an gcéad nóiméad indéanta, fuarthas i dtroid an scarúnaí dlisteanacht iomlán dhaonlathach agus coimeádadh sin - dlisteanacht a bhí mar chuid lárnach sa dul chun cinn tapa agus sa bhua a bhí acu.

Bhí i bhfad níos mó diongbháilteachta ná tacaíocht phoiblí de dhíth chun an ceann is fearr a fháil ar impireacht a bhí ar fud an domhain - bhí cineál eagrúcháin nua ar leibhéal nua de dhíth, eagrúchán nár fhacthas riamh roimhe sin i dtroid ar son neamhspleáchas a bhaint amach. Bhí Micheál Ó Coileáin ina chuid lárnach de sin.

Agus an méid sin á fheiceáil, ní bheadh aon duine in ann argóint go raibh muintir na hÉireann réidh chun smacht a fháil ar an am a bhí amach rompu.

Urlabhraí macánta ab ea Ó Coileáin a bhí ar son an Chonartha agus bhí sé tiomanta do chosc a chur ar chogadh na gcarad.

Bhreathnaigh glúin nua staraithe ar na himeachtaí tubaisteacha ab chúis le cogadh na gcarad ag baint leas as raon foinsí nach raibh ar fáil riamh roimhe seo.

Tugtar dúshlán romhainn san obair a rinne siad breathnú arís, agus a bheith buíoch go háirithe as an méid iarrachtaí a rinneadh chun an bhearna a bhí idir na céilí comhraic a shárú.

Bhí comhaontú toghcháin Uí Choileáin agus an dréacht a bhí aige den bhunreacht ina chomharthaí misniúla agus cumhachtacha. D’fhéadfaidís oibriú, ach bhí daoine i Londain nach raibh mórán eolais acu ar Éirinn agus nach raibh mórán muiníne acu as an tír, a chuir cosc ar na tionscnaimh sin agus a rinne dochar ollmhór.

Chomh luath agus a d’éirigh leis an rialtas sealadach na buanna móra straitéiseacha a fháil sa chéad dá mhí de chogadh na gcarad, níl aon dabht go raibh rún ag Ó Coileáin deireadh tapa a chur leis an gcoimhlint.

Ní dhearna sé díspeagadh ar dhaoine eile mar gur chuimhnigh sé ar an méid a ndeachaigh sé tríd leo mar chomhghleacaithe agus mar chairde. Níor cheiliúir sé bás a gcéilí comhraic agus léirigh sé comhbhá dhomhain - thosaigh sé ag caoineadh go hoscailte nuair a chuala sé faoi bhás a n-iarchomhghleacaithe amhail Cathal Brugha.

Nuair a fuair na príosúnaigh phoblachtacha scéala go raibh sé féin básaithe, tuairiscíodh go raibh ciúnas ann agus go ndúradh paidreacha.

B’fhéidir gurb í an tubaiste is mó a bhain le bás Uí Choileáin ná gur chaill muid an misneach maidir le hathmhuintearas. Léiríodh an méid a cailleadh san áit seo leis an gcrá croí a bhí le brath sna himeachtaí an bhliain ina dhiaidh sin.

Ba cheart dúinn tuilleadh a dhéanamh chun cuimhneamh ar obair neamhthrócaireach Uí Choileáin chun iarracht a dhéanamh náisiúnaithe an Tuaiscirt agus a fhreasúra maidir le críochdheighilt na hÉireann a chosaint, críochdheighilt a cuireadh i bhfeidhm sa bhliain 1920.

Le linn na míonna sular bhfuair sé bás, lean sé air ag cur dúshlán roimh Londain chun cearta na náisiúnaithe sa Tuaisceart a chosaint. Arís agus arís, rinne sé iarracht stop a chur leis an bhforéigean sistéamach a bhí dírithe ina n-aghaidh.

Ní raibh sé ag iarraidh gníomh a dhéanamh ina mbeadh radhairc ar nós na radharc a bhí le feiceáil in áiteanna amhail an India, agus an Phalaistín mar thoradh air, nuair a cuireadh críochdheighilt i bhfeidhm sna tíortha sin. Leagadh amach na críochdheighiltí sin nuair a díbríodh na mionlaigh ar fad beagnach agus nuair a tharla lear mór foréigin agus tá cúis mhaith le creidiúint go bhféadfadh sin tarlú anseo.

D’airigh Ó Coileáin an fhearg go rímhaith maidir le stát a chruthú atá bunaithe ar líon na seicteach - ach níor chreid sé freisin gur féidir Éire nua a fhorbairt trí choimhlint mharfach idir an dá thraidisiún mhóra atá á roinnt ar an oileán.

Thug daoine neamhaird air sin le tamall rófhada. Nuair a rinneadh dul chun cinn ó thaobh na staire maidir le polaitíocht dhaonlathach i gComhaontú Aoine an Chéasta, tugadh dispeansáid nua, mar a thug Seamus Mallon air, do na glúnta atá ann anois - deis a bhí ann chun seicteachas agus deighilt shaorga a fhágáil inár ndiaidh.

Tá sé sin fós ina dúshlán dúinn. Chun an obair chrua a dhéanamh agus beart a dhéanamh de réir an bhriathair maidir le hoileán comhroinnte a thógail - oileán ina léiríonn muid ómós don am atá caite ach ina nglacann muid leis an obair níos crua ó thaobh cúnamh a iarraidh agus meas a bheith againn dá chéile.

Bhi tuiscint i gcónaí ag Ó Coileáin ar an scéal ar fad den tsochaí chasta agus an dúshlán atá romhainn chun í a thabhairt le chéile.

Nuair a bhreathnaíonn muid siar ar an méid atá bainte amach le céad bliain anuas, níl aon dabht agam go bhfeicfeadh Ó Coileáin tír atá athraithe ó bhonn - Stát na hÉireann inar cruthaíodh don domhan go raibh sé in ann nithe iontacha a bhaint amach nuair is féidir leis dul i bhfeidhm ar a chinniúint féin.

Tá daoine ann a mhaíonn in óráidí atá níos paiseanta ná sin nach bhfuil aon ní bainte amach ag Éire le 100 bliain anuas - agus is gearr go mbeidh muid ina stát ar teipeadh air. Leis an méid sin tugtar níos mó eolais dúinn faoina soiniciúlacht ná mar a thugtar dúinn faoi Éire.

Níor cheart dúinn dearmad a dhéanamh go brách go raibh Éire ar cheann de na tíortha is boichte ar domhan sa bhliain 1922. Tháinig athair Mhíchíl Uí Choileáin é féin slán as ceann de na gortaí is trámaí agus is marfaí a taifeadadh riamh.

Cé nach raibh ach cúpla acmhainn nádúrtha agus fíorbheag tionscal ag Éirinn agus go raibh sí scartha ó chuid shuntasach dá dúiche stairiúil, bhí dúshláin dhrámatúla roimh an stát a tháinig slán as an réabhlóid.

Agus d’éirigh le hÉirinn na dúshláin sin a shárú arís agus arís eile.

Tá dhá mhilliún duine níos mó ina gcónaí anseo inniu ná mar a bhí céad bliain ó shin.

Thaifead muid ceann de na méaduithe is airde agus is leanúnaí maidir le hionchas saoil i dtír ar bith - inniu tá sé 25 bliain níos faide ná mar a bhí sé sa bhliain 1922, agus tá na laghduithe sa mhortlaíocht naíonán agus máithreacha cothrom leis na laghduithe a fheictear in áit ar bith.

Tá gach glúin nua in ann teacht ar oideachas níos mó agus tá leibhéil níos airde oideachais bainte amach acu in Éirinn a bhfuil neamhspleáchas bainte amach aici.

Agus tá dul chun cinn déanta againn ó bhí muid mar cheann de na tíortha is imeallaí agus is boichte ar domhan go dtí an tír a bhfuil an ceangal is fearr aici ar bhonn domhanda maidir le trádáil agus fostaíocht.

Níl dabht ag aon duine go bhfuil dúshláin phráinneacha romhainn - ach tá siadsan a dhiúltaíonn don dul chun cinn atá bainte amach againn ag séanadh na fírinne.

Agus má theipeann orthu meas a bheith acu ar an méid atá bainte amach ag Éirinn, cén chaoi a bhfuil aon duine ag súil go gcosnóidh siad an dul chun cinn sin?

Tá sé ríthábhachtach d’Éirinn gur sheachain muid an damáiste a rinneadh san eite chlé agus eite dheas, damáiste a tharraing trioblóidí ar thíortha eile sa chéad seo caite.

Bhí claonadh leisciúil ann chun ‘polaitíocht chogadh na gcarad’, mar a thugtar air, a chur ar pholaitíocht na hÉireann. Mar sin féin, is é an fhírinne ná nár éirigh le páirtí ar bith a bhí ar son filleadh ar an bhforéigean níos mó ná 4% den vóta a bhuachan i ndiaidh na bliana 1923. D’éirigh leis na páirtithe a bhí i mbun an rialtais ó shin sin a dhéanamh mar gur oibrigh siad chun cogadh na gcarad a fhágáil ina ndiaidh agus chun Éire a fhorbairt ar mhaithe le gach duine.

Mar gheall ar an bpolaitíocht lárnach dhaonlathach a tháinig chun cinn in Éirinn, baineadh amach i bhfad níos mó ná mar a d’fhéadfadh aon chur chuige eile a bhaint amach.

Tá curtha ar ár gcumas ag polaitíocht na hÉireann rogha mhacánta idir páirtithe a dhéanamh, rogha atá difriúil maidir le saincheisteanna tábhachtacha, ach tá na páirtithe uile tiomanta do dhaonlathas, don ról atá ag Éirinn san Eoraip agus do dheiseanna nua a chruthú.

Tá an méid sin fíor maidir leis an ngné is fearr agus is tábhachtaí sa traidisiún a bhunaigh Wolfe Tone agus a bhí mar chuid lárnach do réabhlóid na hÉireann - is é an tiomantas sin ná coinnigh ag forbairt, a bheith oscailte maidir le smaointí nua agus a bheith dírithe ar riachtanais an lae inniu agus na todhchaí.

Ní mór dúinn níos mó a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar an athbhreithniúchas nua a bhaineann le dóibhsean a dhéanann iarracht drochmheas a chaitheamh ar ghaiscí na hÉireann agus a dhéanann iarracht dlisteanacht a éileamh d’fheachtais fhoréigneacha atá eagraithe ag freasúra mhuintir na hÉireann.

Níor cheart dúinn aon trócaire a léiriú maidir lena n-iarrachtaí chun iad féin a cheangal leis na fir agus na mná a throid ar son réabhlóid na hÉireann níos mó ná céad bliain ó shin.

Is é an fhírinne ná gur athraigh glúin iontach réabhlóideach na hÉireann na féidireachtaí atá againn ó bhonn agus rinneadh gach cuid mhór den dul chun cinn atá déanta ag Éirinn ó shin tríd an bpolaitíocht lárnach agus dhaonlathach.

Cinntíodh le polaitíocht lárnach na hÉireann gur sheas Éire ar son na luachanna maidir le saoirse, cearta an duine agus daonlathas sa domhan.

Sin é an fáth go ndeachaigh muid isteach in aontas daonlathas na hEorpa, go bhfuil muid gníomhach maidir le riail an dlí a chur chun cinn mar phrionsabal bunúsach agus an fáth a bhfuil muid diongbháilte maidir leis an tacaíocht a thug muid don Úcráin de réir mar a sheasann siad in aghaidh ionsaí impiriúlach na Rúise.

Agus is é an traidisiún sin a chuirfidh ar chumas muid na dúshláin is mó atá romhainn inniu a shárú.

Tá sé ar chumas na bpáirtithe a bhfuil cláir dhifriúla acu bealach a aimsiú le bheith ag obair le chéile ar bhealach tairbheach agus tá sé sin ina chuid lárnach den rialtas seo. Sin é an fáth a bhfuil muid in ann agus a chuirfidh muid ar fáil cláir uaillmhianacha maidir le saincheisteanna criticiúla ar thithíocht, athrú aeráide agus sláinte. Sin é an fáth ar tháinig muid chugainn féin ón gcúlú eacnamaíochta a bhuail an tír go tapa le deireanaí agus a bhfuil geilleagar sách láidir ag an tír chun cuidiú le daoine maidir leis na praghsanna idirnáisiúnta atá ag ardú go tapa.

Tá fonn orainn comhthuisicint a fháil idir na páirtithe agus sin é an fáth go bhfuil cur chuige againn chun cuimhneamh ar na codanna is deacra sa stair fiú ar bhealach ionchuimsitheach, measúil agus tairbheach.

Léirítear an méid dul chun cinn atá déanta againn ó bhí an chéad chomóradh ar bhás Mhíchíl Uí Choileáin ann, leis an slua a bhailigh anseo inniu, na hionadaithe ó thraidisiúin dhifriúla a bhí i láthair agus an ról atá ag Óglaigh na hÉireann chun onóir a thabhairt do laoch a maraíodh.

Bhí tionchar domhain, buan agus dearfach ag Micheál Ó Coileáin ar Éire ina shaol gearr, 31 bliain ar fad.

Bhí tionchar ag idéil a phobail air agus chaith sé a shaol ar fad ag obair ar son na hÉireann.

Ceannaire fuinniúil ab ea é a bhí in ann daoine ag spreagadh agus, nuair a bhí sé i lár coimhlint fhuilteach, bhí sé in ann riarachán nua a thógáil agus gan aon ní aige.

Is mar gheall airsean a raibh muid in ann tír a fhorbairt, tír a bhfuil dúshláin mhóra fós roimpi agus a bhfuil athrú ó bhonn déanta uirthi chun feabhais.

Mar gheall air sin, agus inniu níos mó ná riamh, tá ár mbuíochas tuillte aige agus tá sé tuillte aige cuimhneamh a bheith ag daoine air mar an fear is iontaí in Éirinn a bhí riamh ann.