Ráiteas an Taoisigh maidir leis an gComhairle Eorpach, an Bhruiséil
- Foilsithe: 13 Nollaig 2017
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
A Cheann Comhairle,
Is cúis áthais dom labhairt os comhair na Dála an lá sula mbíonn an Chomhairle Eorpach ar siúl sa Bhruiséil amárach agus Dé hAoine.
Beidh an Chomhairle Eorpach á tionól i gceithre fhormáid éagsúil i rith an dá lá sin.
Beidh an príomhchruinniú Déardaoin dírithe ar chomhoibriú sóisialta, oideachais agus cultúir chomh maith le cúrsaí slándála agus cosanta.
Tráthnóna amárach, tiocfaimid le chéile faoi scáth Chlár Oibre na gCeannairí, mar chuid den díospóireacht ar a bhfuil i ndán don Eoraip, chun plé a dhéanamh ar chúrsaí imirce.
Maidin Dé hAoine, beidh an tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta á phlé ag Cruinniú Mullaigh Limistéar an Euro.
Tiocfar le chéile ina dhiaidh sin i leagan amach Airteagal 50 - gan an Ríocht Aontaithe san áireamh - chun plé a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir le hidirbheartaíocht faoi cheisteanna Brexit.
Tagróidh mé ar dtús do chruinniú na Comhairle Eorpaí tráthnóna Déardaoin ag a mbeidh Conclúidí faoi chúrsaí Sóisialta, Oideachais agus Cultúir á meas agus á n-aontú. Beidh níos mó le rá ag an Aire McEntee faoin ábhar seo ina cuntas achoimre féin ach is mian liom a thabhairt chun aire anseo go leanann an t-ábhar sin ó phlé a bhí ar siúl i Gothenburg i mí na Samhna. Bhí páirt ghníomhach agam féin sna cruinnithe sin agus seasaim leis an toradh ginearálta a tháinig ar an bplé.
Maidir leis an ábhar faoi chúrsaí slándála agus cosanta, beidh fáilte á chur roimh an Buanchomhar Struchtúrtha, nó PESCO, a sheoladh agus déanfar plé freisin le hArd-Rúnaí NATO faoin gcomhoibriú idir an tAontas Eorpach agus an eagraíocht sin.
Déantar foráil le PESCO do mhodh inar féidir le Ballstáit acmhainn bainistíochta maidir le géarchéim mhíleata a thabhairt chun cinn i ndáil le bearta oibríochta faoin gComhbheartas Slándála agus Cosanta. Bhí Éire lánpháirteach sa phlé ar PESCO a chur ar bun, agus d'aontaíomar lena chur ar bun agus, mar is eol do na Teachtaí, rinneadh díospóireacht sa Dáil an tseachtain seo caite agus vótáladh i bhfabhar rannpháirtíocht na hÉireann ann.
Is mian liom a dheimhniú don uile dhuine go bhfuil an neodracht mhíleata atá de pholasaí lárnach againn le fada ar bun gan athrú. Ní ghlacaimid páirt i gcomhghuaillíocht fhoirmeálta mhíleata. Ní fhágann sin, áfach, mar atá ráite agam cheana, go bhfuilimid neodrach maidir leis an uile ní.
Is ábhar buartha ag gach duine san Eoraip nithe atá ina mbagairt orainn go léir, mar shampla, sceimhlitheoireacht, cibear-ionsaí agus gáinneáil ar dhrugaí, agus tá gach ciall le hoibriú in éineacht chun dul i ngleic lena leithéid. Trí pháirt a ghlacadh in PESCO, réiteofar an bealach do comhoibriú níos dlúithe i leith rudaí den chineál sin.
Tugtar chun cuimhne chomh maith an dea-cháil atá ar an tír seo maidir le Feachtais Síochánaíochta de chuid na Náisiún Aontaithe agus Feachtais maidir le Comhbheartas Slándála agus Cosanta an AE. Is ar bhonn deonach a tharlóidh páirt a ghlacadh i dtionscadail faoi leith de chuid PESCO; agus is ar bhealach a chuireann lena mbíonn ar bun againn sna feachtais sin a ghlacfaidh an tír seo páirt iontu dá bhrí sin.
Maidir le cúrsaí imirce, beidh scrúdú á dhéanamh faoin modh is fearr chun teacht ar pholasaí éifeachtúil inbhuanaithe lena mbíonn meas ar na coincheapanna maidir le freagracht agus dlúthpháirtíocht, an tráth céanna a mbeidh iniúchadh á dhéanamh ar na bunchúiseanna le himirce agus ar mhodhanna chun imirce ollsluaite a sheachaint. Tá i gceist go mbeidh tuairimí á gcur in iúl ar bhealach oscailte scaoilte agus é de chuspóir leis sin go bhfaighfí réiteach ar chuid de na constaicí is conspóidí a ghabhann leis an ábhar.
Ní bheidh, dá réir sin, aon chonclúidí foirmeálta i gceist. Cuirfidh an tAire McEntee sonraí níos mine ar fáil faoin ábhar seo ina cuntas achoimre féin.
Maidin Dé hAoine, beidh Cruinniú Mullaigh Limistéar an Euro á thionól i bhfoirm leathnaithe 27 agus cur i láthair á dhéanamh ag Uachtarán Draghi an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus ag Uachtarán an Ghrúpa Euro atá ar tí éirí as oifig. Beidh an bhéim ar threisiú leis an Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta (EMU) agus leis an Aontas Baincéireachta den chuid is mó.
Ina ball bunaidh den Euro di, aontaíonn Éire leis na bearta a dhéanamh atá riachtanach chun an t-airgeadra aonair a chaomhnú don am atá romhainn. Tagann i gceist leis sin, go háirithe, an t-aontas baincéireachta a thabhairt chun críche, trí thaiscí na saoránach a chosaint ar bhonn uile-Eorpach.
Táthar den tuairim chomh maith go mbeadh Aontas na Margaí Caipitil, ar bhonn dáiríre, ina leibhéal tairbheach breise maidir le heacnamaíocht na hEorpa.
Go ginearálta, is dóigh linn gur gá díriú go háirithe ar a bhfuil aontaithe cheana féin a thabhairt i gcrích ina iomláine. D'fhoilsigh an Coimisinéir Eorpach moltaí ardaidhmeacha ar an 6 Nollaig. Déanfaimid iad sin a iniúchadh go géar agus a mbeadh i gceist leo a mheas go staidéarach.
Beifear, i ndeireadh na dála, ag cruinniú le chéile i bhformáid Airteagal 50 chun an dóigh a bhfuil an idirbheartaíocht maidir le Brexit ag dul ar aghaidh a phlé.
Mar is eol go maith do na Teachtaí, beidh seo ina chruinniú cinniúnach ag a socrófar an ndearnadh dóthain dul chun cinn maidir le trí ábhar chéim a haon - gealltanas airgid na Ríochta Aontaithe, cearta shaoránaigh an AE agus na ceisteanna a bhaineann go háirithe le hÉirinn - gur féidir dul ar aghaidh anois go dtí an dara céim.
Beidh an leagan amach a bheadh ar an gcaidreamh ina dhiaidh seo idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe le plé lena linn sin, chomh maith le haon socruithe eatramhacha a n-aontófaí orthu.
Tar éis babhtaí fada dianidirbheartaíochta le seachtainí anuas, tháinig an tAontas Eorpach ar chomhaontú tréan tairbheach faoi cheisteanna a bhaineann le hÉirinn go háirithe; agus tá mé den tuairim go bhfuil dul chun cinn sásúil déanta faoin tráth seo ar na ceisteanna sin.
Tá Comhaontú Aoine an Chéasta, ó thús go deireadh, á chaomhnú faoin gcomhaontú seo.
Beidh de cheart i gcónaí ag gach duine a rugadh i dTuaisceart Éireann saoránacht na hÉireann, agus saoránacht san AE dá réir, a bheith acu.
Leanfaidh an Comhlimistéar Taistil ar bun, rud a ligeann dúinn taisteal go héasca idir an Bhreatain agus Éirinn.
Beidh de shaoirse i gcónaí ag saoránaigh de chuid na Breataine agus de chuid na hÉireann cónaí, obair agus staidéar a dhéanamh i dtíortha a chéile chomh maith le teacht a bheith acu ar thithíocht, ar chúram sláinte, ar phinsin agus ar leas sóisialach mar a bheidís ina saoránaigh den dá thír.
Tá an Ríocht Aontaithe tugtha do dhianteorainn a sheachaint mar 'choinníoll uileghabhálach' nach mór a shásamh i ndáil le gach socrú a dhéantar feasta.
Mar atá luaite agam roimhe seo, is é ba rogha linn féin maidir leis sin a thabhairt i gcrích go dtiocfaí ar chomhaontú domhain cuimsitheach idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe a ligfeadh dúinn leanúint i mbun trádála mar a dhéantar faoi láthair.
Má tharlaíonn, ina dhiaidh sin is uile, nach féidir teacht ar shocrú dá leithéid, tá socrú cúltaca déanta faoina gcoinneoidh Tuaisceart Éireann - agus b'fhéidir an Ríocht Aontaithe ar fad - ar aon dul go hiomlán le rialacha an Mhargaidh Inmheánaigh agus an Aontais Custaim de réir mar a bhaineann le teorainn a sheachaint, leis an gcomhoibriú thuaidh-theas agus le geilleagar uile-oileáin.
Is den tábhacht béim a leagan ar an gcomhaontú sin a bheith i réim i ngach cás, mura dtarlaíonn agus go dtí go dtarlaíonn gach rogha eile maidir leis an gcaidreamh san am atá romhainn idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe a aontú.
Tá soiléirithe ag an Ríocht Aontaithe chomh maith go bhfuil rún a chinntiú go mbíonn teacht gan chonstaic ag gnóthais Thuaisceart Éireann ar an Ríocht Aontaithe ina hiomláine agus nach dtiocfaidh aon bhac nua idir Tuaisceart Éireann agus an Bhreatain chun cinn mura n-aontaíonn Feidhmeannacht agus Tionól Thuaisceart Éireann leis.
Leanfaidh cistíocht ón AE, PEACE agus INTERREG, go dtí an bhliain 2020, agus beifear fabhrach lena choinneáil ar bun ina dhiaidh sin nuair a bhíonn an t-ábhar sin á mheas.
Tá geallta ag an Ríocht Aontaithe go gcinnteofar, i dTuaisceart Éireann, nach dtarlaíonn aon chúlú maidir le cearta daonna, bearta cosanta agus comhionannas deiseanna mar a leagtar amach i nDlí na hEorpa.
Agus, ní atá chomh tábhachtach céanna, leanfar de shraith faoi leith maidir le hÉirinn san idirbheartaíocht ar an gceist seo le linn an dara céim.
Ní mór nithe is ábhar buartha do phobal na nAontachtóirí i dTuaisceart Éireann a choinneáil san áireamh agus a dheimhniú dóibh nach bhfuil aon uisce faoi thalamh i gceist ag Rialtas na hÉireann. Tá mínithe go mion soiléir agam le linn na gcainteanna seo nach bhfuiltear ag féachaint le Brexit a úsáid mar mhodh ina dtabharfaí aontú na hÉireann i gcrích gan toiliú leis. Is cinnte go bhfuil ábhar dúshláin i gceist le Brexit ach, ábhar dúshláin mar sin ann nó as, is é is mian linn go mbeadh borradh i gcónaí faoi athmhuintearas agus faoi mheas.
Tá curtha in iúl go soiléir freisin againn nach mian linn teorainn a fheiceáil ar Muir Meann. Is é is rogha go mór linn i gcónaí go mbeadh saorchead taistil agus trádála ar fud na n-oileán seo faoi mar atá faoi láthair agus le fiche bliain anuas.
Is é an t-aon rún a bhí againn a chinntiú go leanfadh forálacha Chomhaontú Aoine an Chéasta i bhfeidhm go hiomlán tar éis do Brexit tarlú agus go bhféadfadh daoine dul i mbun an ghnáthshaoil agus a gcuid gnó faoi mar a dhéantar faoi láthair.
Tugtar aitheantas go sainráite sa chomhaontú ar thángthas air d'fhorálacha Chomhaontú Aoine an Chéasta i ndáil le stádas bunreachtúil Thuaisceart Éireann agus prionsabal an toilithe.
Rinneadh, an tráth céanna, leas na náisiúnach i dTuaisceart Éireann a chosaint ó thús go deireadh na hidirbheartaíochta. Déantar agus déanfar a mbuncheart mar shaoránaigh de chuid na hÉireann, agus de chuid an AE dá réir sin, a chaomhnú. Ní bheidh aon dianteorainn ar an oileán seo.
Beidh na cearta seo, ar ndóigh, ar fáil ag an uile dhuine i dTuaisceart Éireann a thograíonn an ceart ar shaoránacht na hÉireann a fheidhmiú, gan bheann ar thuairimíocht polaitíochta ná ar chreideamh
Ó tá an comhaontú seo ar bun anois, is tábhachtaí arís go mbeadh Feidhmeannacht Thuaisceart Éireann agus an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas i mbun oibre arís. Tá buntábhacht leis na hinstitiúidí maidir le dul ar aghaidh in éineacht i mbun an dara céim de na cainteanna faoi Brexit.
Tá ardsuntas don uile dhuine ar oileán na hÉireann, ar oileán na Breataine in aice láthair agus i mBallstáit eile an Aontais Eorpaigh ar fad leis an gcomhaontú a socraíodh an tseachtain seo caite idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe.
Bhí an Rialtas docht, daingean, diongbháilte i mbun an chúraim agus ba mhaith liom buíochas a ghlacadh le ceannairí an fhreasúra agus lena gcuid páirtithe as ucht an cúnamh tréan praiticiúil a chuir siadsan ar fáil.
Tá buíochas mór ag dul chomh maith do lucht idirbheartaíochta an AE, faoi cheannas Michel Barnier, agus don Uachtarán Juncker, don Uachtarán Tusk, don Uachtarán Tajani agus d'ionadaithe eile institiúidí an AE, agus do na Ballstáit eile go léir ar ndóigh.
Bhí fiúntas gan chuntas leis an gcúnamh uathusan agus lena gcuid dlúthpháirtíochta. Léiríodh méin agus meon an Aontais Eorpaigh i mbarr feidhme agus an chúis gur fearr do na tíortha beaga a bheith ina mballstáit de chuid an Aontais.
Fágtar gan amhras ar bith gur san Aontas Eorpach is fearr an tír seo i gcroí agus i gceartlár theaghlach seo na hEorpa a raibh baint againn lena thabhairt chun cinn.
Admhaím freisin an dea-mhéin a léirigh an Príomhaire May agus an staidéar stuama a rinne sí ar cheisteanna is ábhar buartha againne.
Tá meas ag Éirinn ó thús ar an socrú daonlathach a rinne muintir na Breataine imeacht as an Aontas Eorpach. Is mian linn muintearas agus dea-mhéin leanúnach Rialtas na hÉireann agus mhuintir na hÉireann i rith na míonna agus na mblianta seo romhainn a dhearbhú dóibh.
A Cheann Comhairle,
Tá creat ar fáil leis an gComhairle Eorpach maidir le ceisteanna a réiteach ar leibhéal an AE atá ina n-ábhar dúshláin romhainn ar fad agus táim ag tnúth le dul i gcaidreamh le mo chuid comhghleacaithe le rún leas na hÉireann agus na hEorpa a dhéanamh.
Tabharfaidh mé tuairisc don Teach in am trátha ar thoradh shaothar na Comhairle Eorpaí.
Go raibh maith agaibh.
Críoch