Ráiteas an Taoisigh maidir leis an Tánaiste a bheith ag Éirí As
- Foilsithe: 28 Samhain 2017
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Tháinig Frances Fitzgerald chugam ar maidin lena chur in iúl dom go raibh sí ag éirí as mar Thánaiste agus mar Aire Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta. Tá sí ag éirí as chun Olltoghchán luath agus gan gá a sheachaint agus a d’fhágfadh an tír gan rialtas agus Oireachtas go ceann roinnt míonna, b’fhéidir, le linn tréimhse an-tábhachtach d’Éirinn.
Ní mór don rialtas díriú ar idirbheartaíochtaí an Bhreatimeachta, ar an gcéad chéim agus an dara céim, sna seachtainí agus sna míonna atá romhainn. Tá Bille Airgeadais agus Bille Leithreasa le hachtú. Tá reachtaíocht le rith a bhaineann le pá a athnuachan sa earnáil phoiblí agus le méaduithe leasa shóisialaigh agus pinsin.
Tá obair thábhachtach an Choiste ar an 8ú leasú ar an mBunreacht le tabhairt chun críche againn a réiteoidh an bealach do reifreann an bhliain seo chugainn. Thitfeadh na nithe sin ar fad sa chás go mbeadh olltoghchán le gairm.
Ní féidir cur isteach ar obair an rialtais ná na parlaiminte le linn na tréimhse tábhachtaí seo. Is trua liom go bhfuil sí ag éirí as.
Is é mo thuairim go láidir go bhfuil bean mhaith ag imeacht as oifig gan éisteacht cheart ná chóir a bheith faighte aici.
Is comhalta den chéad scoth den Rialtas í Frances chomh maith le bheith ina comhghleacaí dílis. Is í a bhunaigh an Roinn Leanaí agus Tusla. Chuir sí athrú faoi dhó ar an mBunreacht chun cearta leanaí agus an ceart ar chomhionannas pósta a chumhdach.
Bhí sí ar dhuine de na hAirí Dlí agus Cirt is mó a rinne athchóiriú riamh nuair a bhunaigh sí Údarás Neamhspleách Póilíneachta faoi chathaoirleacht Josephine Feehily, an tÚdarás Rialála Seirbhísí Dlí agus thug isteach díol mór reachtaíochta ar mhaithe le hathchóiriú ina measc an tAcht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha). Thacaigh sí i gcónaí le sceithirí agus thug cód eitice isteach sa Gharda Síochána chun iad a chosaint.
Cheapfá, mar gheall ar an tslí ar scaoileadh eolas de réir a chéile le cúpla lá, go raibh cúrsaí níos mó ná mar atá. Cad é mar bhús a chothaigh an scéal agus bhí sé dodhéanta aici éisteacht chóir a fháil bunaithe ar na fíricí. Tá súil agam go mbeidh athrú air sin sa tréimhse atá ag teacht.
Cé nach bhfuil na fíricí ar fad againn go fóill, tá cúpla rud ann atá ar eolas againn. Ní raibh baint ná páirt ag Frances le straitéis dlí an Iar-Choimisinéara, lena ceapadh ná lena treorú. Chuir a cuid oifigeach féin comhairle uirthi nach raibh aon ról aici sa scéal. Tá sé deimhnithe ag an Ard-Aighne ó shin gurbh amhlaidh an cás agus go mbeadh sí ag gníomhú go míchuí agus go mí-oiriúnach dá bhféachfadh sí cur isteach ar obair Choimisiún O’Higgins.
Tá fhios againn ó na ríomhphoist nach raibh aon eolas ag Frances Fitzgerald faoi nó go raibh éisteacht an Choimisiúin faoi lán seoil agus go raibh an t-eolas a bhí aici teoranta.
Tá súil agam go léireoidh staidéar socair, tomhaiste ar an bhfianaise gur ghníomhaigh an Tánaiste mar is cuí agus tá súil agam go bhfaighidh Binse Fiosraithe Charleton sin amach go cinnte sna seachtainí atá romhainn agus go mbeidh a hainm glanta. Táim ag súil go leanfaidh sí i mbun oibre sa saol polaitíochta agus poiblí ar an leibhéal is airde.
Le linn a gairme, bhí an Tánaiste ina ceannródaí i dtaobh chearta na mban agus chearta comhionanna agus ina ceannródaí freisin chomh fada is a bhain sé le tacú le leanaí agus comhrac i gcoinne gach cineál éagothroime agus éagóra.
Léiríonn an méid atá tite amach le cúpla lá arís go bhfuil fadhbanna móra laistigh den Roinn Dlí agus Cirt nach bhfuil ag feidhmiú mar ba chóir. Ina measc an tslí nár thángthas ar ríomhphoist thábhachtacha agus nár cuireadh ar aghaidh iad chuig Binse Fiosraithe Charleton nuair a thángthas orthu.
Táimse anois ag ordú fiosrú seachtrach faoi sin agus tá tuarascáil le bheith ar fáil faoi Nollaig. Aithníodh i dTuarascáil Toland fadhbanna córasacha laistigh den Roinn. Chuir an tAire Fitzgerald tús leis an bpróiseas an Tuarascáil a chur i bhfeidhm agus lean an próiseas sin faoina comharba Charlie Flanagan. Cuirfear dlús leis na hathchóirithe sin anois agus tá gníomh radacach beartaithe ag an Rialtas chun muinín an phobail a athbhunú sa Roinn Dlí agus Cirt arís.
Bunófar grúpa neamhspleách d’fheidhmiú athruithe chun:
a) measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta maidir le moltaí Thuarascáil Toland a chur i bhfeidhm;
b) athbhreithniú a dhéanamh ar chultúr na Roinne, moltaí a dhéanamh i dtaobh athrú, go háirithe de bharr fianaise a bheith ann go bhfuil cultúr dúnta agus ceilte fós sa Roinn agus gur mainníodh ar fhaisnéis chruinn a chur ar fáil domsa agus don Oireachtas;
c) scrúdú a dhéanamh ach go háirithe ar an gcaidreamh idir an Roinn agus na Gardaí lena chinntiú go bhfuil struchtúr cuí ar an gcaidreamh sin, go dtuigeann an dá eagraíocht an caidreamh agus go bhfuil sé ag feidhmiú ar bhealach a chinnteoidh cuntasacht agus feidhmíocht níos fearr;
d) tarraingt ar shaineolas an Údaráis Póilíneachta ina chuid oibre;
Cuirfidh an Rialtas tuilleadh eolais ar fáil faoi seo sna laethanta atá romhainn. Cinnteoidh Aire agus Ard-Rúnaí na Roinne Dlí agus Cirt go ndéanfar gach Ceist Pharlaiminte a fhreagairt chomh hiomlán agus chomh oscailte agus is féidir faoi réir Bhuan-Orduithe na Dála agus an dlí. Déanfar gach Ceist Pharlaiminte a cuireadh le déanaí a bhain le Maurice McCabe a athbhreithniú agus cinnteofar go bhfuil siad freagartha chomh iomlán agus chomh oscailte agus is féidir. Cuirfear aon fhaisnéis bhreise iomchuí ar fáil do na Teachtaí a luaithe agus is féidir.
Meabhraíonn a bhfuil tite amach dúinn roinnt de na bealaí ar deineadh beag is fiú do Maurice McCabe nuair a d’fhéach sé le léargas a thabhairt ar nithe míchuí a bhí ag tarlú. Mar Thaoiseach táim diongbháilte léargas glé a thabhairt ar nithe míchuí atá ag tarlú ionas go dtiocfaimid ar an bhfírinne agus go mbeidh cuntasacht ann mar is ceart.
Measaim fós nár ghníomhaigh an Tánaiste ach ar bhealach a bhí cuí. Ach is nithe iad seo anois a fhiosrófar agus a dtabharfar breithiúnas orthu ag binse fiosraithe.
Idir an dá linn, leanfaidh an Rialtas ag obair ar mhaithe le leas na tíre. Díreoimid ar an mBreatimeacht agus rachaimid i ngleic leis na fadhbanna eile atá le sárú againn. Ní chuirfear dá mbuile muid agus muid ag féachaint le gníomhú chun leas mhuintir na tíre ar fad.
Críoch