English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Óráid

Ráiteas an Taoisigh: Tuarascáil an Choimisiúin Imscrúdúcháin ar Árais Máithreacha agus Naíonán agus ábhair bhainteacha ar leith

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 13 Eanáir 2021
  • An t-eolas is déanaí: 7 Aibreán 2021

Dáil Éireann, Dé Céadaoin, an 13 Eanáir 2021

Tá sé de dhualgas ar phoblacht a bheith freagrach as a cuid gníomhartha féin. A bheith toilteanach aghaidh ar thabhairt ar an bhfírinne chrua - agus glacadh le gnéithe de stair na tíre a dhéanann thar a bheith míchompordach sinn.

Is deis atá sa tuarascáil mhionsonraithe agus thar a bheith deacair le léamh seo dúinn go léir mar shochaí le haitheantas a thabhairt don teip ollmhór a tharla maidir le comhbhá, tuiscint agus cineáltas bunúsach thar thréimhse an-fhada go deo.

Bhíothas ábalta an tuarascáil seo a chur i dtoll a chéile a bhuíochas don mhisneach thar na bearta a bhí acu sin go léir a roinn an méid a tharla dóibh féin go pearsanta leis an gCoimisiún.

Tá an méid a bhí ó na daoine a tháinig slán agus nach raibh faighte go dtí seo acu faighte anois leis an tuarascáil seo; a nglór, a n-indibhidiúlacht, agus an ceart go bhfaighidís aitheantas.

Sula ndéanaim cur síos níos mionsonraithe ar an tuarascáil, tá sé tábhachtach a rá nach mbeifí ábalta í a chur i dtoll a chéile murach dúthracht sheasta na n-iar-chónaitheoirí, a gcuid ionadaithe agus lucht taighde a bhí i mbun feachtasaíochta ina dteannta.

Ba mhaith liom aitheantas ach go háirithe a thabhairt don pháirt ríthábhachtach a bhí ag Catherine Corless, a bhfuil bunú an Choimisiúin ina thoradh díreach ar an obair a rinne sí ag láthair Áras Máithreacha agus Naíonán Thuama.

Thar ceann an Rialtais, is mian liom buíochas a ghabháil leis an triúr Coimisinéirí - an Cathaoirleach, an Breitheamh Yvonne Murphy, an tOllamh Mary Daly agus an Dr. William Duncan - agus lena bhfoireann.

Tugtar an ról ceannasach a bhí ag an eaglais agus ag an gcód morálta a bhí aici chun solais ina dTuarascáil agus nochtar go lom inti teipeanna an Stáit.

Tá cuntas críochnúil curtha i dtoll a chéile acu ar an bhfreagra a thug an tír seo ar riachtanais ar leith mhná singile agus a gcuid leanaí ag an am is mó a raibh tacaíocht agus cosaint de dhíth orthu.

Ba chóir gur nithe iad sin a bheadh le fáil acu ó aithreacha a gcuid leanaí, óna dteaghlach agus cairde, óna bpobal agus óna Stát, ach níorbh amhlaidh a bhí go minic.

Cuirtear teistiméireachtaí go leor de daoine a tháinig tríd seo, teistiméireachtaí a bhí deacair agus dian a thabhairt, i láthair go mion i dtuarascáil an choiste faoi rún arna hullmhú ag an gCoimisiún.

Nuair a bhí mé ag léamh torthaí an Choimisiúin agus tuarascáil an choiste faoi rún, ba é an rud is suntasaí a sheas amach dom ná an náire a cuireadh ar mhná ó tharla iad ag iompar clainne agus gan iad pósta agus an smál cruálach a fágadh ar a gcuid leanaí.

Sna teistiméireachtaí sin, déanann na mná cur síos ar an mbrú a bhí orthu a chinntiú nach bhfaigheadh aon duine ar an mbaile amach go raibh siad ag súil le páiste.

Tugann bean amháin le fios nach raibh cead aici filleadh ar an scoil nuair a fuarthas amach go raibh sí ag súil le páiste mar go dtarraingeodh sé droch-cháil ar an scoil.

Leagann píosaí ó na cuntais a thug finnéithe béim ar an mbealach a bhítí ag caitheamh le mná:

"Chaith mo theaghlach liom mar a bheadh duine den dara grád, bhí an tsochaí dúghafa le gach rud a chur faoi cheilt"

"Ní bheidh aon duine do d'iarraidh anois" a dúirt máthair fhinné nach raibh ach 14 bliana nuair a fuarthas amach go raibh sí ag iompar páiste.

"Cuir chun bealaigh í!" a dúirt athair chailín 19 mbliana nuair a insíodh dó go raibh sí ag súil le páiste.

Sna deicheanna de bhlianta níos luaithe atá i gceist sa tuarascáil, déantar cur síos i bhfianaise a thug finné gur fhág easpa gnéasoideachais mearbhall ar mhná óga agus go minic ní bhíodh a fhios acu cén chaoi ná cén fáth ar éirigh leo a bheith ag iompar páiste fiú. Bhí cuid de na mná seo ag iompar páiste mar gheall gur éigníodh iad agus/nó mar gheall ar chiorrú coil.

Bhí an tsochaí anuas ar leanaí a rugadh taobh amuigh den phósadh agus caitheadh leo mar a bheadh díbeartaigh ann i scoileanna agus sa tsochaí níos leithne. Faraor, tagadh i dtír ar roinnt de na leanaí a cuireadh chun cónaithe le teaghlaigh agus pobail eile ina dhiaidh sin, deineadh faillí chomh maith le mí-úsáid orthu iontu. Ní féidir sin a mhaitheamh.

Chreid go leor de na leanaí sin gur tréigeadh iad agus tá sin le brath go mór i gcuntais na bhfinnéithe. Is mór an t-ualach orthu na cúinsí a bhain lena mbreith, na socruithe a rinneadh don luathchúram, an smál a cuireadh orthu agus an easpa leanúnach eolais atá ann faoina mbreith.

D'fhág go leor ban, leanaí agus fear an tír seo le héalú ón mbreithiúnas míchóir agus réamhchlaonadh fadsaoil a rinneadh ina leith mar gur cheap siad gurbh é an t-aon bhealach a bhí ann le clú a dteaghlaigh a chosaint.

Cé gur éirigh le go leor díobh saol maith a dhéanamh dóibh féin, níor éirigh le go leor eile díobh an ceann is fearr a fháil ar an tionchar a bhí ag na heispéiris mhóra seo ar a saol agus d'fhéadfadh gur fhulaing siad go leor fadhbanna tromchúiseacha pearsanta.

Ceann de na teachtaireachtaí is mó is léir ó na teistiméireachtaí sa tuarascáil seo ná go bhfuil an bealach a caitheadh leis na mná agus leis na leanaí ina thoradh díreach ar an mbeart a rinne an Stát agus a rinne muid féin mar shochaí.

Cuirtear ceisteanna troma os ár gcomhair leis an Tuarascáil seo.

Ghlac muid go fonnmhar le moráltacht agus smacht claon reiligiúin, le daorbhreithiúnachas agus cinnteacht mhorálta, ach thug muid cúl dár n-iníonacha.

Thug muid urraim don chráifeacht, ach theip orainn an cineáltas is bunúsaí a thaispeáint do na daoine ba mhó a raibh sé ag teastáil uathu.

Bhí meon a bhí iomlán aisteach againn i leith gnéasachta agus caidreamh collaí agus ba iad na máithreacha óga seo agus a mic agus iníonacha a bhí siar leis mar gheall ar an mífheidhmiú sin.

Chun go mbeidh muid ábalta aghaidh a thabhairt ar an bhfírinne dhorcha agus náireach a bhfuil cur síos déanta uirthi sa tuarascáil seo, ní mór dúinn a aithint gur cuid dár stair náisiúnta í.

Agus ní mór dúinn gach is féidir linn a dhéanamh a dhéanamh chun an t-aiféala mór, tuiscint agus tacaíocht a léiriú do na mná agus leanaí seo a caitheadh chomh gránna leo.

Agus mar sin, thar ceann an Rialtais, an Stáit agus a chuid saoránach, gabhaim mo leithscéal as an éagóir ollmhór ó ghlúin go glúin a rinneadh ar mháithreacha Éireannacha agus a gcuid leanaí a chríochnaigh suas in Áras Máithreacha agus Naíonán nó i dTeaghlach Contae.

Mar a deir an Coimisiún go soiléir - "níor chóir dóibh a bheith ann ar chor ar bith".

Gabhaim mo leithscéal as an náire a cuireadh orthu agus as an mbealach a caitheadh leo agus atá fós ina ualach ar roinnt acu go dtí an lá atá inniu ann.

Leis an leithscéal seo, ba mhaith liom a rá thar aon rud eile gur mar gheall ar an éagóir a rinne daoine eile oraibh a bhí sibh in institiúid. Níl aon locht ar aon duine agaibhse, ní dhearna aon duine agaibh dada mícheart agus ní aon chúis náire agaibh.

Bhí i bhfad níos fearr ná sin tuillte ag gach duine agaibh.

Tugtar aitheantas umhal don easpa measa a léiríodh do bhur ndínit agus cearta in bhur máithreacha agus leanaí a chaith tréimhse sna hinstitiúidí seo agus is méala mór sin.

Bhí sé de chumas iomlán ag Stát na hÉireann, mar an príomhúdarás maoiniúcháin ag an gcuid is mó de na hinstitiúidí seo, smacht iomlán a ghlacadh ar na hinstitiúidí seo, anuas ar an dualgas a bhí air cúram a dhéanamh maidir le saoránaigh a chosaint le réimeas rialála agus cigireachta.

Níor glacadh an t-údarás sin agus níor thacaigh an Stát leis an gcúram dualgais a bhí air.

Lig an Stát síos sibh, na máithreacha agus leanaí a bhí sna hárais seo.

Tugtar lear mór eolais nach raibh ar eolas cheana don phobal leis an tuarascáil seo.

Tá an fhírinne, a bhí faoi cheilt tráth, tugtha chun solais chun teipeanna ollmhóra an Stáit, na nEaglaisí agus na sochaí a nochtadh.

Cuireadh mná isteach sna hárais máithreacha agus naíonán agus sna teaghlaigh chontae mar nach raibh aon chúnamh eile á fháil acu ó aon duine eile.

Cuireadh iallach orthu an baile a fhágáil agus áit a aimsiú ina mbeidís ábalta fanacht ann gan chostas.

Bhí go leor díobh beo bocht.

Sna teistiméireachtaí pearsanta atá tugtha maidir le líon na mban a chríochnaigh suas sna hinstitiúidí seo, déantar tagairt iontu go minic don Sagart, don Dochtúir agus don Bhean Rialta.

Tá an leatrom atá le brath iontu, fiú anois, doshéanta.

Chuaigh mná, a bhí scanraithe uilig faoin méid a thitfeadh amach dá bhfaigheadh a muintir agus comharsana amach go raibh sí ag iompar páiste, isteach sna hárais máithreacha agus naíonán lena rún a choinneáil faoi cheilt.

Agus chuir an brú a bhí orthu an rún a choinneáil faoi cheilt tuilleadh as dóibh, agus bhí baint mhór ag an ualach sin le tráma na máthar.

Bhí éagsúlacht sna hárais i dtaobh na gcoinníollacha a bhí iontu. Roimh na 1960í, bhí na coinníollacha maireachtála in go leor tithe príobháideacha in Éirinn bocht tríd is tríd. Bhí iarmhairtí i bhfad níos tromchúisí i gceist leis na droch-choinníollacha sláinteachais maidir le rialú galar agus ionfhabhtaithe i suíomhanna plódaithe na nÁras Máithreacha agus Naíonán.

Tugtar le fios go raibh fíordhroch-choinníollacha sna teaghlaigh chontae agus in árais Chill Rois agus Thuama. Bhí na coinníollacha in árais máithreacha agus naíonán eile níos fearr agus d'fheabhsaigh siad le himeacht aimsire.

Rinneadh mí-úsáid mhothúchánach ar go leor de na mná agus go minic deireadh daoine den chléir rudaí drochmheasúla agus maslacha leo. Is beag cineáltais a taispeánadh dóibh, go háirithe nuair a bhí siad ag tabhairt a bpáiste ar an saol.

Tríd is tríd, léirítear timpeallacht chrua, fhuar agus gan trua.

Ceann de na gnéithe is mó sa tuarascáil seo atá ina údar imní ná suas go dtí an bhliain 1960, dealraítear gur laghdaigh na hárais máithreacha agus naíonán seo an seans go dtiocfadh páistí slán.

Bhí ráta báis na naíonán sna hárais máithreacha agus naíonán beagnach dhá oiread an mheáin náisiúnta i ndáil le páistí a rugadh taobh amuigh den phósadh. Bhásaigh tuairim is 9,000 leanbh ar an iomlán sna hinstitiúidí seo a bhfuil imscrúdú á dhéanamh orthu - tuairim is 15% de na leanaí go léir a bhí faoina gcúram.

Bhrisfeadh sé do chroí a thabhairt ar aird go raibh a fhios ag údaráis áitiúla agus náisiúnta ag an am faoin ráta an-ard báis agus gur taifeadadh iad i bhfoilseacháin oifigiúla.

Is beag fianaise nó níl fianaise ar bith ann áfach go ndearna an Stát aon ghníomh mar fhreagra ar na staitisticí scanrúla seo. Déanta na fírinne, níor gníomhaíodh ar chor ar bith ar na fadhbanna a tugadh chun solais i roinnt tuarascálacha.

Tá a fhios agam go mbeidh díomá ar dhaoine nach bhfreagraítear sa tuarascáil na ceisteanna thar a bheith pearsanta maidir leis na socruithe adhlactha a rinneadh i ndáil le go leor de na leanaí a bhásaigh sna hinstitiúidí seo - níl an áit ar adhlacadh iad ar eolas fós in go leor cásanna.

Níl aon taifid ann maidir le roinnt de na hinstitiúidí móra, institiúidí a bhfuil sé ar eolas gur cailleadh líon ard naíonán iontu - lena n-áirítear árais Thuama, Bessborough, Bhaile na gCos agus Sean Ross. Cé go bhfuil sé sin deacair, agus sa chás nach bhfuil sin déanta cheana féin, cuirfear roghanna do chuimhneachán sollúnta i bhfeidhm.

Cé nach raibh iallach ar mhná, de réir an dlí, dul isteach sna hárais seo, is í fírinne an scéil nach raibh aon rogha ag a bhformhór díobh, go háirithe mná nach raibh cúnamh a muintire acu nó nach raibh saothrú dá gcuid féin acu.

Tríd is tríd, is é tátal an Choimisiúin gurbh áit fhuar agus chrua a bhí in Éirinn don chuid is mó de mhuintir na tíre le linn an chéad leath den tréimhse sin a rinneadh a imscrúdú.

Bhí sí níos fuaire agus níos crua fós do mhná. Rinneadh leithcheal tromchúiseach ar mhná ar fad na tíre. Caitheadh thar a bheith géar le mná a rugadh leanbh dóibh taobh amuigh den phósadh.

Tagann cuntais uafásacha ar éigniú chun cinn ó scéalta na ndaoine a tháinig slán, éigniú a rinneadh laistigh de theaghlaigh nó a rinne duine i bpobal na mná. Ba é an deireadh a bhí ar an scéal ná gur cuireadh an bhean isteach in Áras Máithreacha agus Naíonán ach measadh smál sóisialta a bheith ar an mbean agus ní raibh cuntasacht ar bith ar na fir a bhí freagrach agus is ar éigean a raibh spéis ag gníomhaireachtaí an Stáit aghaidh a thabhairt ar na coireanna sin.

Tugann an coimisiún aitheantas don tionchar breise a bhí ag easpa eolais agus tuisceana ar an gcaoi a caitheadh le máithreacha agus le leanaí de chine agus d'oidhreacht cultúir éagsúil, le daoine a bhí ag tabhairt aghaidh ar chúrsaí meabhairshláinte nó a raibh míchumas fisiciúil nó intleachta orthu agus an deireadh a bhí ar an scéal do na daoine sin.

Rinne meonta idirdhealaitheacha mar iad an náire a cuireadh orthu agus an stiogma a d'airigh na saoránaigh ba leochailí sa tír níos measa fós, go háirithe nuair a chuir an creideamh éagórach nach raibh na leanaí sin feiliúnach le bheith ina gcónaí le teaghlaigh srian ar na deiseanna a bhí ann do na leanaí sin a bheith ina gcónaí taobh amuigh de thimpeallachtaí institiúideacha.

Cé go bhfuil sé ríthábhachtach comhthéacs a bheith againn chun an tráth seo dár stair a thuiscint i gceart, ní mhaolaíonn sé an méid a tharla ná ní laghdaíonn sé freagracht na hEaglaise agus an Stáit i dtaobh na dteipeanna a tugadh chun solais sa mhéid atá faighte amach againn.

Rinneadh leithcheal go córasach ar mhná, mar ghrúpa, ar feadh an chuid is mó den tréimhse a chlúdaigh an Coimisiún, beag beann ar aois ná ar aicme i ndáil le fostaíocht, dlí teaghlaigh agus leas sóisialach, agus bunaithe ar a n-inscne amháin a bhí an leithcheal sin.

Níor caitheadh go cothrom le leanaí ach oiread, go mór mór leanaí a tugadh 'leanaí neamhdhlisteanacha' orthu, ainm a bhí iontach cruálach.

Aontaím go hiomlán le tuairim dhoshéanta an Choimisiúin nuair a deirtear gur "sárú millteanach ar chearta daonna" a bhí ann gur baineadh úsáid as an stádas "mídhlisteanacht" sa tír go dtí 1987. Éagóir ollmhór a bhí anseo agus d'fhág sé smál ar shaol go leor daoine.

Is í lom lár na fírinne, agus is bocht é, nár tugadh aitheantas riamh, ó bhí ann don duine ná fiú sa lá atá inniu ann, do chearta ná do stádas na mban agus nár deineadh na cearta ná an stádas sin a chosaint agus gur measadh smál a bheith ar bhean ar bith nár lean na noirm shóisialta.

Ní féidir linn a bheith freagrach as an méid a tharla in áiteanna eile, ach is féidir linn a bheith freagrach as an méid a tharla inár dtír féin agus ní mór dúinn an fhreagracht sin a ghlacadh.

Freagra an Rialtais

Ní leor leithscéal a ghabháil.

Is ar an méid a dhéanaimid sa Teach seo a dhéanfar muid a mheas. Ní briathra a dhearbhaíonn ach gníomh.

Glacfaidh an Rialtas leis na moltaí ar fad atá tugtha ag an gCoimisiún agus tabharfaidh freagra ina leith, agus díreoidh an freagra sin ar an gceithre cholún, Aitheantas, Cuimhneachán, Taifid agus Aitheantas Íocshláinteach.

Is leis an leithscéal seo a chuirtear tús le haitheantas agus tugtar gealltanas ina dhiaidh sin cuimhneachán agus comóradh náisiúnta agus áitiúil a chur ar siúl.

Is iad tuairimí agus mianta na n-iar-chónaitheoirí is tábhachtaí agus is iadsan a threoróidh an comóradh ar fad.

Tacófar le machnaimh agus le cuimhneachán buan náisiúnta trí shraith fhairsing cuimhneacháin, oideachais agus tiomantais taighde a ghlacadh. Beidh a fhios ag na glúnta amach anseo faoina hÁrais Máithreacha agus Naíonán agus faoi eispéireas na n-iar-chónaitheoirí ina bhfocail féin ach go háirithe.

Maidir le taifid, tá an Rialtas tiomanta do reachtaíocht um fhaisnéis agus rianú a thabhairt isteach ar bhonn tosaíochta.

Is ceart bunúsach é go mbeadh teacht ag duine ar a shainiúlacht féin.

Beimid ag tabhairt bearta gaolmhara chun cinn chomh maith chun tacú leis an teacht a bheidh ag daoine ar fhaisnéis phearsanta agus chun a chinntiú go ndéantar taifid institiúideacha a chartlannú go cuí agus ar bhealach íogair.

Ar deireadh, Aitheantas Íocshláinteach.

Tabharfar cárta leighis breisithe d'iar-chónaitheoirí na nÁras Máithreacha agus Naíonán agus na dTeaghlach Contae, cosúil le cás na Magdalenes.

Beidh sé seo sa bhreis ar chomhairleoireacht, atá ar fáil láithreach do na hiar-chónaitheoirí ar fad mar aon le seirbhísí tacaíochta idirchaidrimh othair, a bheidh ar fáil do na hiar-chónaitheoirí ar fad.

Leagfaidh an Rialtas amach scéim Aitheantais Íocshláintigh d'iar-chónaitheoirí agus tuairisceoidh Grúpa idir-rannach chuig an Rialtas chomh luath agus is féidir.

Tabharfar na gealltanais seo chun cinn ar bhealach a bheidh dírithe ar na daoine a tháinig slán, agus leanfar de chumarsáid agus rannpháirtíocht fad is a dhéanfar na pleananna a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm.

Ceacht a fhoghlaim ón Méid atá Tarlaithe agus Aghaidh á Tabhairt againn ar an méid atá Fós le Teacht

Tá sé tábhachtach go dtuigfimis ar fad, mar náisiún, agus go nglacfaimis leis an méid nár éirigh linn a dhéanamh i gceart sa saol atá caite; tá sé tábhachtach ach ní leor é. Ní mór dúinn ceacht a fhoghlaim chomh maith.

Tá dlíthe náisiúnta agus idirnáisiúnta glactha againn a chuireann ceanglas orainn cur chuige éagsúil, níos báúla don duine agus atá bunaithe ar chearta an duine a leanúint.

Tá réimse leathan seirbhísí sóisialta i bhfeidhm anois agus á bhforbairt tuilleadh, seirbhísí nach raibh ann ar chor ar bith le linn tréimhsí fada i stair na tíre.

Faoin Aire O’Gorman, tá Roinn Rialtais anois againn a dhíríonn go huile agus go hiomlán ar leanaí, ar chomhionannas agus ar chearta na ndaoine ar fad a chur chun cinn agus seasamh leo trí bheith ag obair ar fud an Rialtas agus na sochaí.

Tá bearta breise á scrúdú ag an Tionól Saoránach chun aghaidh a thabhairt ar mhíchothromaíochtaí struchtúracha maidir le hinscne. Tá mar a bheimid ábalta tacaíocht agus freagra a thabhairt maidir leis na riachtanais atá acu sin a bhfuil freagrachtaí cúraim orthu a scrúdú ach go háirithe.

Trínár ndlíthe agus ar bpolasaithe, ár gcórais, struchtúir agus seirbhísí, an méid a dhéanaimid agus na focail a úsáidimid, ní mór dúinn ár ndícheall a dhéanamh le sochaí níos cirte, atá bunaithe ar ómós, ar éagsúlacht, ar chaoinfhulaingt agus ar chomhionannas a bhaint amach.

Is é an bealach is fearr chun a chinntiú nach dtarlóidh sé seo arís infheistíocht leanúnach a dhéanamh in oideachas, go háirithe do dhaoine ar an imeall agus do na daoine is leochailí.

Ar an mbealach céanna, ní mór dúinn an cheacht a fhoghlaim gurb iad struchtúir chumhachta agus mí-úsáid cumhachta an toradh a bhíonn ar dhaoine a institiúidiú agus níor cheart é a bheith ina rogha sa tír seo go deo arís.

Labhair na hiar-chónaitheoirí síos tríd an tuarascáil faoin náire a bhí orthu faoin gcás ina raibh siad.

Is cúis náire dúinne é - ní dóibhsean.

Is cúis náire dúinn é mar thír nár léiríomar an t-ómós agus an chomhbhá dóibh a bhí le dul dóibh.

Is cúis náire dúinn i gcónaí é.

Ba mhaith liom a chur in iúl do na daoine a tháinig slán, dá ndaoine muinteartha agus don tír, go bhfuil an Rialtas seo meáite ar bheart a ghlacadh i dtaobh na moltaí ar fad a rinneadh sa Tuarascáil agus chun an t-athrú reachtaíochta atá de dhíth a chur ar fáil chun tús a chur ar a laghad, leis na díobhálacha seo atá fós ann a chur i gceart.