Ráiteas Oscailte ón Taoiseach le linn cruinniú leis an gComhchoiste Oireachtais maidir le Comhionannas Inscne
-
By: An Taoiseach ; Micheál Martin
- Foilsithe: 12 Deireadh Fómhair 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Seiceáil in aghaidh seachadta
Go raibh maith agat as an gcuireadh a thug tú dom le bheith anseo inniu.
Tá comhionannas inscne ina phríomhthosaíocht don rialtas agus má tá muid chun gluaiseachtaí fiúntacha chun cinn a dhéanamh ó thaobh comhionannas inscne, beidh cur chuige leathan agus ionchuimsitheach de dhíth.
Is éard is cúis dom cuireadh a fháil le bheith anseo inniu ná an obair iontach gan amhras a dhéanann an Tionól Saoránach maidir le Comhionannas Inscne, agus an tuarascáil ina dhiaidh sin agus na moltaí gaolmhara maidir leis an tsaincheist sin, atá faoi stiúir an Dr. Catherine Day atá ina Cathaoirleach iontach, agus ba mhaith liom aitheantas a thabhairt di agus mo bhuíochas a ghabháil léi.
Measúnú cuimsitheach atá sa tuarascáil ar na saincheisteanna atá faoi chaibidil lena ndéantar comhionannas inscne ar fud il-réimsí a mheas lena n-áirítear:
- Athrú Bunreachta
- Cúram
- Coimirce Shóisialta
- Ceannaireacht sa Pholaitíocht, sa Saol Poiblí agus san Ionad Oibre
- Noirm agus Steiréitíopaí agus Oideachas
- Pá agus coinníollacha an Ionaid Oibre
- Foréigean Baile, Gnéasach agus Inscnebhunaithe
- Comhionannas Inscne sa Dlí agus sa Bheartas
Mar is eol duit, is réimsí casta iad sin ar fad agus ní bheidh mé in ann na forbairtí ábhartha uile i ngach ceann acu a chlúdach. Ach ba mhaith liom aird a tharraingt ar roinnt de na gluaiseachtaí chun cinn a rinneadh maidir le saincheisteanna ar leith atá ag déanamh imní.
Tarraingníodh aird ar shaincheist amháin fhíorthábhachtach i dtuarascáil an Tionóil Saoránach agus is é sin an gá atá le cúnamh a thabhairt do mhná chun bheith rannpháirteach i bpoist cheannaireachta sa pholaitíocht, sa saol poiblí agus san ionad oibre agus chun glacadh leis na poist sin.
Tá sé de dhualgas ar an Rialtas agus orainn ar fad sa pholaitíocht go deimhin, laistigh dár bpáirtithe nó grúpaí, ár míle dícheall a dhéanamh lena chinntiú nach bhfuil bac neamhriachtanach curtha ar mhná maidir le rannpháirtíocht iomlán a bhaint amach.
Bhí sé sin ina shaincheist thábhachtach do na trí pháirtí uile chun Clár an Rialtais reatha a aontú agus a shocrú trí idirbheartaíocht.
I gClár an Rialtais, geallann muid go ndéanfaidh muid na nithe seo a leanas, i measc nithe eile:
- cumhacht a thabhairt d’údaráis áitiúla chun meascán níos fearr d’inscne agus de ghrúpaí eitneacha a spreagadh sna toghcháin áitiúla.
- iarr ar údaráis áitiúla a bheith níos solúbtha maidir le hamanna cruinnithe agus leas a bhaint as teicneolaíochtaí cianoibre agus as cleachtais oibre sholúbtha chun tacú le comhairleoirí a bhfuil freagrachtaí tuismitheoireachta nó cúraim orthu, lena n-áirítear cúram leanaí, agus amanna taistil laghdaithe agus asláithreacht ón obair.
- scrúdú a dhéanamh ar thuilleadh meicníochtaí atá mar bhonn eolais do na dea-chleachtais idirnáisiúnta chun páirtithe polaitíochta a spreagadh chun níos mó ban a roghnú do na toghcháin áitiúla sa bhliain 2024.
De réir mar atá muid ag teacht i dtreo an phointe leathbhealaigh i sainordú an rialtais, tá muid ag dul chun cinn go maith sa réimse sin.
D’fhoilsigh an Rialtas an Bille um Chothromaíocht Oibre agus Saoil agus Forálacha Ilghnéitheacha, 2022, chun na gnéithe atá fanta i dTreoir an AE maidir le Cothromaíocht Oibre is Saoil a thrasuí lena n-áirítear an ceart chun obair sholúbtha a iarraidh laistigh de théarmaí na Treorach agus an teidlíocht chun obair a fhágáil chun críocha cúraim leighis.
Leis an reachtaíocht sin, comhlíonfar gealltanais sheanbhunaithe an rialtais chun an teidlíocht a leathnú do dhá bhliain maidir le sosanna do bheathú cíche do mhná faoi na hAchtanna um Chosaint Mháithreachais.
Ina theannta sin cheadaigh an Rialtas, níos luaithe i mbliana, scéim ghinearálta a dhréachtú chun teidlíocht saoire mháithreachais a bhronnadh ar Chomhairleoirí. Leis an scéim tugtar rogha chun duine aonair a cheapadh ina ionadaí sealadach in áit an Chomhairleora a ghlacann tréimhse asláithreachta atá bainteach le máithreachas nó atá as láthair mar gheall ar thinneas.
Tá a fhios againn gur airigh Comhairleoirí mná go raibh brú orthu a bheith i láthair do vótaí nó díospóireachtaí tábhachtacha, nuair a theastaigh uathu a bheith sa bhaile ag tabhairt aire don leanbh óg. Ní saoire mháithreachais intaofa é mura bhfuil tú in ann dearmad iomlán a dhéanamh ar do chuid oibre.
Leis an síneadh a tugadh isteach i mí Iúil na bliana seo, tá gach tuismitheoir incháilithe in ann an teidlíocht maidir le ‘Saoire agus Sochar Tuismitheoirí’ a thógáil ar feadh seacht seachtaine laistigh den chéad dá bhliain de shaol an linbh nó den socrúchán uchtála.
Tá an rialtas tiomanta freisin do shaoire foréigin baile a thabhairt isteach. Leis an tsaoire sin, cuirfear tacaíocht luachmhar ar fáil d’íospartaigh foréigin baile chun an t-am atá ag teastáil uathu a ghlacadh chun teacht ar thacaíochtaí agus chun a gcuid fostaíochta a choinneáil.
Tá tionscnamh nua, Fóram Uile-Oileáin na mBan, tugtha isteach againn agus ceapaim go bhfuil sé de chumas san fhóram acmhainn a fhorbairt agus níos mó ban a spreagadh i dtreo an tsaoil phoiblí. Bunaíodh an fóram sin le tacaíocht ón Aonad um Oileán Comhroinnte a bhunaigh mé féin laistigh de Roinn an Taoisigh.
Ba mhaith liom nóiméad a ghlacadh chun aitheantas a thabhairt do Chomhairle Náisiúnta na mBan agus mo bhuíochas a ghabháil léi as an tacaíocht ghníomhach a thug sí chun an méid sin a bhaint amach agus chun a dhéanamh cinnte gur baineadh sin amach. Bhí an Chomhairle sin ina comhpháirtí tábhachtach inár gcuid oibre maidir le rannpháirtíocht na mban a fheabhsú i dtoghcháin na bliana 2024 agus sa tionscnamh maidir le frithghiniúint saor in aisce a thabhairt amach.
Tugadh aghaidh ar réimse tábhachtach eile laistigh de thuarascáil an Tionóil Saoránach agus ba é an réimse sin ná cúram leanaí agus oibrithe san earnáil sin; chun cúram leanaí a dhéanamh níos inacmhainne agus chun feabhas a chur ar théarmaí agus coinníollacha na n-oibrithe san earnáil go sonrach.
€485 milliún a bhí in infheistíocht bhliantúil an Stáit, ceithre bliana ó shin, sa luathfhoghlaim agus i gcúram leanaí.
D’fhógair mo chomhghleacaí, an tAire Caiteachais Phoiblí Michael McGrath, trí seachtaine ó shin, go leithdháilfí €1,025 milliún don luathfhoghlaim agus do chúram leanaí i mBuiséid 2023.
Ó thaobh na sprice maidir le billiún euro a chaitheamh sa réimse sin faoin mbliain 2028, sáraíodh an sprioc sin cúig bliana roimh an am a bhí beartaithe - tá súil agam gur léiriú é sin ar an luach a chuireann an rialtas ar an luathfhoghlaim agus ar chúram leanaí agus gur aitheantas é ar na tairbhí atá ann do leanaí agus dá dteaghlaigh, don tsochaí agus don gheilleagar.
Tháinig na chéad Orduithe Rialuithe Fostaíochta riamh don earnáil Seirbhísí Luathbhlianta i bhfeidhm amhail an 15 Meán Fómhair 2022, lena socraítear rátaí nua pá uair an chloig ar a laghad do róil éagsúla san Earnáil Seirbhísí Luathbhlianta.
Tacaítear leis na hOrduithe tríd an scéim Príomh-Mhaoinithe, a cuireadh tús leis an 15 Meán Fómhair an bhliain seo agus beidh ardú ar an maoiniú do sheirbhísí luathfhoghlama agus cúraim leanaí chun tacú le feabhsuithe ar phá na mball foirne chomh maith le bheith tiomanta do dheireadh a chur le táillí tuismitheoirí.
Meastar go dtiocfaidh ardú pá ar bheagnach trí cheathrú de na daoine atá ag obair san earnáil sin mar thoradh ar na hOrduithe Rialuithe Fostaíochta agus táthar ag súil go mbeidh ardú 10% nó níos mó ar phá leath de na fostaithe uile san earnáil, agus táthar ag súil go dtiocfaidh ardú 20% nó níos mó ar phá 20% de na fostaithe.
Cé nach mbeidh aon cheann de na tionscnaimh sin in ann plé leis na saincheisteanna uile sin astu féin, ar an iomlán déantar dul chun cinn follasach agus fiúntach.
Mar is eol duit, gné thábhachtach eile maidir leis an Tionól Saoránach ná scrúdú a dhéanamh ar an bprionsabal maidir le Comhionannas Inscne sa dlí agus sa bheartas.
Tá athbhreithniú ar na hAchtanna Comhionannais ar bun faoi láthair ag an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige. Is éard is aidhm leis an athbhreithniú ná scrúdú a dhéanamh ar fheidhmiú na nAchtanna agus ar an éifeachtacht atá ag baint leo chun troid i gcoinne an idirdhealaithe agus chun comhionannas a chur chun cinn.
Tá a fhios agam gur bhain an Coiste leas as moltaí an Tionóil Saoránach ar bhealach gníomhach ar mhaithe le hathrú Bunreachta.
Is réimse casta é sin agus cuirtear fáilte mhór roimh an staidpháipéar a d’fhorbair an Coiste sin agus cuideoidh sé le bheith mar bhonn eolais do thograí rialtais a fhorbairt. Tá a fhios agam go bhfuil tograí ar leith á meas ag an Aire O’Gorman faoi láthair agus in ainneoin na gcastachtaí éagsúla uile tá an rialtas seo tiomanta do reifreann a reáchtáil ar Alt 41.2 de Bhunreacht na hÉireann.
Tá an rialtas seo tiomanta i ndáiríre freisin do bhearta a chur chun cinn lena gcuidítear le comhionannas inscne a fhorbairt agus a chur chun cinn tríd na cineálacha beart agus leasuithe atá luaite agam sa ráiteas achomair.
Tá i bhfad níos mó le plé dar ndóigh i dtuarascáil leathan an Tionóil Saoránach agus tá súil agam go mbeidh muid in ann roinnt de na saincheisteanna sin a chíoradh ina iomláine anois inár bplé.
Go raibh maith agaibh.