Ráitis ón Taoiseach Michéal Martin ag Ardán Idirnáisiúnta na Crimé
-
By: An Taoiseach ; Micheál Martin
- Foilsithe: 23 Lúnasa 2022
- An t-eolas is déanaí: 9 Meán Fómhair 2022
Is inspioráid é a chuaigh go mór i bhfeidhm ar an domhan iad ceannas agus sláine críche na hÚcráine agus seasamh misniúil mhuintir na hÚcráine ar mhaithe leis an tír agus in aghaidh an chogaidh mhímhorálta a tharraing an Rúis orthu.
Níor cheart go mbeadh orthu réiteach den sórt sin a léiriú. Níl sé ceart go raibh ar thír shuaimhneach, dhaonlathach agus muintir na tíre sin trioblóidí mar sin a fhulaingt.
Ar an gcaoi chéanna ar bhain muintir na hÉireann taitneamh as an gceart chun roghanna a dhéanamh maidir leis an todhchaí agus an áit atá againn sa domhan, ba cheart go mbeadh muintir na hÚcráine in ann na nithe céanna a dhéanamh.
Tacaigh Éire go láidir le hiarratas na hÚcráine dul isteach san AE, agus leanfaidh Éire ag troid ar son chonair Eorpach na hÚcráine an t-am ar fad. Tá an turas casta, ach chruthaigh an rialtas sa Chív go bhfuil gealltanais tugtha acu le dul chun cinn.
A Uachtarán Zelenskyy, a chara, tá mé ag tabhairt tacaíocht dhobhréagnaithe duit maidir leis sin.
Tá iarmhairtí i gceist le gníomhartha mímhorálta na Rúise san Úcráin, ní hamháin iarmhairtí a bhain le bás, doirteadh fola agus léirscrios a fulaingíodh laistigh de theorainneacha na hÚcráine.
Tá an Rúis ag iarraidh leas a bhaint go soiniciúil as ocras, fuinneamh, imirce agus an fhírinne fiú chun cúrsaí a chur ina gcíor thuathail tuilleadh agus muid a dheighilt.
Ní éireoidh leo.
Ní prionsabail atá Eorpach go sainiúil iad meas a léiriú do shláine críche na stát agus gan fórsa a úsáid.
Tá siad mar bhunús don dlí idirnáisiúnta uile agus níl cead seasamh le neamhaird mhínáireach na Rúise ar an Úcráin.
Má tá cead ag an Rúis dul ar aghaidh leis sin, ní féidir a rá go bhfuil tír ar bith sábháilte.
Is í an Rúis amháin atá freagrach freisin as an ngeit a bhain siad maidir le slándáil bhia ar fud an domhain.
Agus bia á úsáid acu mar uirlis troda, léirigh an Rúis an neamhaird iomlán atá acu - an drochmheas atá acu - do na tíortha is lú forbairt agus is leochailí sa domhan, agus do na daoine is leochailí. Ní cara ná comhghuaillí de chuid na mbocht í an Rúis. Tá sé deacair mídhaonnacht mar sin a thuiscint.
Ní mór leanúint leis na hiarrachtaí le slándáil agus cobhsaíocht sa Mhuir Dhubh agus i réigiún Mhuir Mheoid a chinntiú. Cuirim fáilte roimh na lastais atá ag teacht isteach ó chalafoirt na hÚcráine trí thionscnamh Ghrán na Mara Duibhe.
Iarraim ar an Rúis deireadh a chur leis an ionsaí atá ar bun acu agus tarraingt amach as an Úcráin.
Is cúis mhór imní dom gníomhaíocht mhíleata na Rúise atá ar bun in Zaporizhzhia. Ní mór don stáisiún núicléach agus an ceantar máguaird a chur ar ais faoi cheannas sibhialtach údaráis na hÚcráine amháin, a bhfuil an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach ag tacú leis.
Ní mór ceannas na hÚcráine maidir leis an gCrimé a chur i gcumhacht arís. Go dtí an lá sin, ní mór don Rúis cloí leis na hoibleagáidí atá orthu mar chumhacht forghabhála faoi dhlí daonnúil idirnáisiúnta sa dúiche uile ar ionghabh an Rúis go neamhdhleathach.
Tá mé an-bhuartha faoi sháruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, na sáruithe in aghaidh Tatairis dúchais na Crimé go háirithe.
Inniu, tá muid ar fad ag seasamh i spiorad na dlúthpháirtíochta le muintir na hÚcráine agus leosan a bhfuil meas acu ar an dlí idirnáisiúnta, an daonlathas agus cearta an duine. Slava Ukraini.