Cuardaigh ar fad gov.ie

Poist pholasaí

An Clár Athchóirithe Náisiúnta

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 27 Samhain 2018
  • An t-eolas is déanaí: 2 Márta 2021

Don bhliain 2021, agus i gcomhréir le freagra an Aontais Eorpaigh ar an bpaindéim COVID-19, déanfar Clár Athchóirithe Náisiúnta na hÉireann a chomhtháthú lenár bPlean Náisiúnta Teacht Aniar agus Téarnaimh agus glacfar go sealadach le próiseas Seimeastair na hEorpa d'fhonn é a chomhordú leis an bplean seo.

Tá Saoráid um Théarnamh agus Athléimeacht an AE i gcroílár fhreagra an Aontais ar an bpaindéim COVID-19. Is é aidhm na Saoráide tionchar eacnamaíochta agus sóisialta na paindéime a mhaolú agus geilleagair agus sochaithe na hEorpa a dhéanamh níos inbhuanaithe, níos láidre agus a bheith ullmhaithe níos fearr do na dúshláin agus do na deiseanna a bhaineann le haistrithe ghlasa agus dhigiteacha.

Táthar ag súil go bhfaighidh Éire €853 milliúin i ndeontais faoin tSaoráid in 2021 agus 2022. Tá beart eile de dheontais le leithroinnt in 2023, faoina nglactar forbairtí eacnamaíochta idir seo agus sin san áireamh.

D'fhonn teacht a bheith againn ar an maoiniú seo, ní mór d'Éirinn Plean Náisiúnta Téarnaimh agus Teacht Aniar a fhorbairt lena cheadú ag an Aontas Eorpach. Ní mór d'athchóirithe agus infheistíochtaí a mbeidh an tSaoráid ag tacú leo a bheith leagtha amach sa Phlean agus ní mór iad a bheith curtha ar aghaidh chuig an gCoimisiún Eorpach tráth nach déanaí ná an 30 Aibreán 2021.

Ní mór do na tograí athchóirithe agus infheistíochta a áirítear sa Phlean a bheith ar mhaithe le dul i ngleic le gach fothacar de na dúshláin a aithníodh sna moltaí tír-shainiúla cuí a fuair Éire in 2019 agus in 2020 nó ar mhaithe le dul i ngleic le fothacar mór, a thagann chun cinn mar chuid de phróiseas Seimeastair na hEorpa. Ní mór dóibh a bheith ag teacht chomh maith le líon de phríomhréimsí AE, lena n-áirítear aistrithe gníomhaithe ar son na haeráide agus dhigiteacha.

Tá an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, ag obair i gcomhar le Roinn an Taoisigh, an Roinn Airgeadais agus an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, freagrach as an bPlean a ullmhú le hionchur ó Ranna eile de réir mar is gá, agus as comhordú ar fud an Rialtais a chinntiú.

Tá rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara ina chuid thábhachtach den phróiseas. Reáchtáladh comhairliúchán poiblí ar Phlean Náisiúnta Téarnaimh agus Teacht Aniar na hÉireann agus tháinig deireadh leis an 22 Feabhra 2021.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat