Measúnú Náisiúnta Riosca
- Foilsithe: 27 Samhain 2018
- An t-eolas is déanaí: 7 Meán Fómhair 2022
Foilsíodh an Measúnú Náisiúnta Riosca (NRA) den chéad uair in 2014 agus déantar foráil ann chun rioscaí ollmhóra straitéiseacha atá roimh Éire sa ghearrthéarma, sa mheántéarma san fhadtéarma a aithint, a phlé agus a bhreithniú.
Tá sé ríthábhachtach foghlaim ó na botúin sin a tharla roimhe seo agus tugadh isteach próiseas an NRA lena chinntiú go spreagfadh an Rialtas agus an tsochaí i gcoitinne cainteanna fhaire na fáistine agus go mbeidís rannpháirteach iontu lena chinntiú go ndéanaimid rioscaí a aithint luath chun go mbeimid ábalta ullmhú go diongbháilte dóibh.
Tá aird tarraingthe ag próiseas an NRA ar rioscaí éagsúla a d'iompaigh isteach ina bhfadhbanna ollmhóra do shochaí na hÉireann, lena n-áirítear an Breatimeacht, rioscaí maidir le soláthar tithíochta agus paindéim.
Cé nach bhfuil sé i gceist macasamhlú a dhéanamh ar na próisis bainistithe riosca mhionsonraithe a bhfuiltear ina mbun laistigh de ranna agus gníomhaireachtaí rialtais ná iad a chur as áit, tá sé i gceist le próiseas an NRA forléargas córasach a thabhairt ar rioscaí straitéiseacha atá in ann a bheith ina gcuid thábhachtach agus uilechuimsitheach den phróiseas foriomlán bainistithe riosca.
Is féidir cóipeanna de thuarascálacha NRA a bhaineann leis na blianta 2017 go 2019 a fheiceáil trí chliceáil ar an nasc seo. Tá an chéad atriall eile den NRA á fhorbairt i láthair na huaire ag an Roinn agus táthar ag súil go bhfoilseofar é níos deireanaí i mbliana.