Éire ar Leibhéal 5 sa Phlean maidir le Maireachtáil le COVID
- Foilsithe: 19 Deireadh Fómhair 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Arna eisiúint ag Preasoifig an Rialtais
Shocraigh an Rialtas inniu go gcuirfear an tír ar fad, ón meán oíche, Dé Céadaoin, an 21 Deireadh Fómhair, ar Leibhéal 5 den Phlean maidir le Maireachtáil le COVID, le roinnt bheag cásanna eisceachta mar a leagtar amach thíos. Tá an beart seo bunaithe ar an gcomhairle reatha maidir leis an tsláinte phoiblí, an cás maidir leis an ngalar a bheith ag dul chun donais ar fud na tíre agus aidhmeanna an Rialtais bonn treise a choinneáil faoi theaghlaigh trí na scoileanna agus áiseanna cúram leanaí a choinneáil ar oscailt, seirbhísí sláinte seachas seirbhísí Covid a choinneáil ar fáil agus daoine a bheadh i mbaol a chosaint.
Leanfaidh srianta Leibhéal 5 i bhfeidhm go ceann 6 seachtaine. I bhfianaise a mbaineann de dheacrachtaí leis na srianta seo do dhaoine agus do theaghlaigh ar fud an Stáit, an chontúirt go dtarlódh postanna a chailleadh, bochtanas nó daoine a fhágáil gan dídean, tá aontaithe ag an Rialtas mar gheall ar na deacrachtaí sin an cosc státchairde maidir le daoine a chur as seilbh a thabhairt i bhfeidhm in athuair agus na scéimeanna maidir le hÍocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime agus Fóirdheontas Pá Fostaíochta a leasú.
Tiocfaidh de thoradh ar Shrianta Leibhéal 5 a chur i bhfeidhm:
- Iarrtar ar dhaoine fanacht sa bhaile. Ba cheart do dhaoine oibriú ón mbaile mura mbíonn seirbhís bhunriachtanach á cur ar fáil an gá a bheith i láthair go pearsanta chun sin a dhéanamh (tugtar eolas thíos maidir le seirbhísí bunriachtanacha).
- Beidh cead ag daoine aclaíocht a dhéanamh i bhfoisceacht 5km dá n-áit cónaithe.
- Beidh pionós i gceist maidir le dul níos faide ná 5km ón áit cónaithe, agus beidh cásanna eisceachta ina leith sin a bhaineann le hobair bhunriachtanach a dhéanamh agus cuspóirí bunriachtanacha (féach nótaí don eagarthóir).
- Ag teacht leis an gcomhairle reatha ó NPHET i ndáil le Leibhéal 5, fanfaidh scoileanna, seirbhísí naíonra agus cúram linbh ar oscailt agus meastar iad sin a bheith bunriachtanach.
- Chomh maith leis sin, mar gheall ar an gcur isteach a bhíonn ag srianta ar leanaí agus ar dhaoine óga, is féidir leanúint ar aghaidh le traenáil neamhtheagmhála amuigh faoin aer do leanaí atá in aois scoile, i ngrúpaí 15 duine an ceann. Is traenáil aonair amháin a cheadaítear taobh amuigh de sin, ach amháin i gcásanna eisceachta, féach thíos.
- Níor cheart cuairt a thabhairt ar thithe nó ar ghairdíní dhaoine eile.
- Ina ainneoin sin, beidh coincheap maidir le líon tí leathnaithe (nó bolgán cuideachta) i gceist maidir le haicmí áirithe daoine d'fhonn seasamh leo siúd a mbeadh leithlis shóisialta agus/nó míshláinte mheabhrach ina chontúirt acu (féach nótaí don eagarthóir).
- Níor cheart go dtarlódh teacht le chéile sóisialta/teaghlaigh ar bith, ach amháin cásanna eisceachta maidir le bainis nó sochraid (féach thíos).
- Is féidir bualadh le haon teaghlach amháin eile amuigh faoin aer in áit nach teach cónaithe ná gairdín tí, mar shampla i bpáirc, agus sin a dhéanamh maidir le haclaíocht san áireamh.
- Níor cheart go dtarlódh imeachtaí eagraithe ar bith faoi dhíon ná faoin aer.
- Fanfaidh ionaid bhunriachtanacha miondíolacháin agus seirbhísí bunriachtanacha ar oscailt (féach thíos).
- Oibreoidh an córas iompair phoiblí de réir 25% de na suíocháin ar mhaithe leo sin a chuireann seirbhísí bunriachtanacha ar fáil a thabhairt chuig a gcuid oibre [Ní chuirfear isteach ar an gcóras iompair scoile].
- Ag teacht leis an gcomhairle reatha ó NPHET i ndáil le Leibhéal 5, is féidir leanúint le spórt ar leibhéal gairmiúil agus sárchéime, le cluichí Gaelacha idir contaetha, le rásaíocht capaill agus le rásaí con gan aon lucht féachana i láthair.
- Ábhar le breith leat nó seirbhís chuig an doras, agus sin amháin, is féidir le beár, caifé, bialann nó teach ósta nach gcuirtear bia ar fáil ann a chur ar fáil. Fanfaidh tithe ósta i mBaile Átha Cliath nach gcuirtear bia ar fáil iontu dúnta.
- Is féidir le hóstáin agus tithe lóistín fanacht ar oscailt ach sin chun treisiú le seirbhísí bunriachtanacha a chur ar fáil agus ar an gcúis sin amháin.
- Moltar dóibh siúd atá os cionn 70 bliain d'aois agus do dhaoine a bheadh i mbaol ó thaobh cúrsaí sláinte leanúint de bhreithiúnas pearsanta a oibriú go stuama. Moltar go bhfanann siad sa bhaile oiread agus is féidir, go gcúngaítear líon na ndaoine a mbíonn caidreamh leo chomh mór agus is féidir agus sin ar feadh tréimhsí giortacha agus scartha óna chéile. Nuair a bhítear i mbun aclaíochta taobh amuigh, is tábhachtach an rud fanacht dhá mhéadar ó dhaoine eile agus na lámha a ní ar fhilleadh abhaile. Moltar siopadóireacht a dhéanamh i rith na n-uaireanta sin amháin atá leagtha amach chuige sin, masc éadain a chaitheamh lena linn sin agus an córas iompair phoiblí a sheachaint.
- Beidh seirbhísí creidimh ar fáil ar líne.
- Beidh iarsmalanna, dánlanna agus ionaid eile cultúir dúnta.
- Seirbhísí ar líne amháin a bheidh ar fáil ó leabharlanna.
- Beidh ionaid spraoi agus súgartha faoin aer agus páirceanna ar oscailt le bearta cosanta i bhfeidhm.
- Ní cheadaítear cuairteanna ar Ionaid Cúraim Cónaitheacha Fadtéarmacha ach amháin i gcásanna géarghá agus comhbhá
Nótaí Don Eagarthóir
Cúiseanna bunriachtanacha le taisteal (ceadaítear taobh amuigh den teorainn 5km)
- Taisteal chuig an obair agus abhaile ón obair, sa chás gur seirbhís bhunriachtanach a chur ar fáil atá i gceist leis an obair (féach thíos)
- Teacht i láthair ag coinne leighis nó cógais leighis nó táirgí eile sláinte a bhailiú
- Cúiseanna bunriachtanacha teaghlaigh, mar shampla aire a thabhairt do leanaí, do dhaoine aosta nó do dhaoine a bheadh i mbaol, agus go háirithe do dhaoine a chónaíonn astu féin, mar chuid de theaghlach leathnaithe ach le cosc ar chuairt shóisialta ar ghaolta
- Teacht i láthair ag pósadh/bainis nó sochraid
- Gnóthaí feirmeoireachta i.e. táirgeadh bia agus/nó cúram d'ainmhithe
- Dul chuig uaigh
Eisceacht maidir le pósadh/bainis (gan bheann ar an ionad): Suas le 25 aoi ag searmanas pósta agus bainis.
Eisceacht maidir le sochraid: Suas le deichniúr sochraideach.
Spórt/Traenáil/Cluichí
Ní eagrófar traenáil ná cluichí ach amháin spórt ar leibhéal gairmiúil agus sárchéime agus cluichí Gaelacha idir contaetha, rásaíocht capaill agus rásaí con a cheadaítear gan aon lucht féachana i láthair.
An Coincheap maidir leis an mBolgán Cuideachta nó Teaghlach Leathnaithe
D'fhonn cuidiú leo sin a bheadh i mbaol uaignis, mar shampla teaghlach aon duine fásta amháin nó daoine a bhfuil socruithe comhthuismitheoireachta nó comhchaomhnóireachta eatarthu; daoine atá ina gcónaí astu féin a bhfuil deacrachtaí acu leis an tsláinte mheabhrach, nó daoine a chónaíonn le céile atá faoi néaltrú mar shampla, is féidir le daoine i gcásanna den sórt sin líon tí amháin eile a ainmniú ar féidir leo caidreamh a bheith acu leo. Déanfar soláthar ar an gcaoi sin do chúnamh sóisialta seachas na cásanna eisceachta maidir le cúram agus aire atá ar fáil cheana féin.
Leasú ar na scéimeanna PUP agus EWSS
Is eol go mbeidh tionchar suntasach ag an athrú go dtí Leibhéal 5 ar ghnólachtaí – is eol go gcaillfidh cuid mhór daoine a gcuid postanna ar bhonn sealadach Déardaoin
Mar gheall go mbeidh ar ghnólachtaí dúnadh, tá athruithe á dtabhairt i bhfeidhm againn ar an scéim PUP agus ar an scéim EWSS
Seo a leanas an struchtúr nua íocaíochta maidir le PUP, leis an ráta €350 á thabhairt ar ais dóibh siúd a raibh níos mó ná €400 in aghaidh na seachtaine á shaothrú acu:
Saothrú na Seachtaine Roimh Ré (Olliomlán) | Íocaíocht PUP |
< €200 | €203 |
€200 – €299.99 | €250 |
€300 - €399.99 | €300 |
> €400 | €350 |
Beidh an t-athrú seo ar na rátaí íocaíochta i bhfeidhm maidir le híocaíochtaí a eisítear ó Dé Máirt, an 27 Deireadh Fómhair amach (íoctar PUP gach seachtain ar an Máirt) i ndáil leis na hiarratasóirí reatha agus leis na hiarratasóirí nua ar fad.
Tá leasú á dhéanamh freisin maidir le EWSS d'fhonn a thabhairt leis an leasú maidir le PUP. Ciallaíonn sin go mbeidh 5 ráta/sraith íocaíochta i gceist mar seo a leanas:
- 0 - €151 = €0
- >€151 < €203 = €203
- >€203 < €300 = €250
- >€300 < €400 = €300
- >€400< €1,462 = €350
Is í an príomhchuspóir atá leis an scéim seo go gcinnteofaí, oiread agus is féidir, go gcoinníonn an fostaí an ceangal leis an bhfostóir in ionad a bheith dífhostaithe. Beidh an scéim leasaithe seo i bhfeidhm go dtí deireadh mí Eanáir 2021.