Abhcóide Sinsearach ceaptha chun athbhreithniú a dhéanamh ar na freagraí a thug an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais ar iarratais ón mBinse Fiosraithe um Nochtadh Cosanta ar dhoiciméid
- Foilsithe: 13 Nollaig 2017
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
I ndiaidh dul i gcomhairle leis an Ard-Aighne, tá an tUasal Michael Collins, Abhcóide Sinsearach, ceaptha ag an Taoiseach chun tabhairt faoi athbhreithniú neamhspleách ar na cleachtais agus na nósanna imeachta a bhí i bhfeidhm sa Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais le freagra a thabhairt ar iarratais ar dhoiciméid ón mBinse Fiosraithe um Nochtadh Cosanta atá faoi chathaoirleacht Bhreitheamh de chuid na Cúirte Uachtaraí, an tUasal Peter Charleton.
Mar chuid den athbhreithniú, scrúdófar go mion na bearta a ghlac an Roinn chun freagairt d’iarratais den chineál sin chomh maith le doiciméid agus taifid, agus na próisis a úsáideadh laistigh den Roinn agus an chumarsáid a bhí idir an bhainistíocht shinsearach agus an tAire.
Leagfar amach san athbhreithniú na fíricí mar a bheidh chomh maith le breithnithe agus tuairimí a thabhairt má mheastar gur gá. D’fhéadfadh freisin go gcuirfí comhairle ar fáil maidir le bearta eile, más ann dóibh, a d’fhéadfaí a ghlacadh chun dul i ngleic le haon nithe a thiocfadh chun cinn ón athbhreithniú.
Iarradh ar an Uasal Collins a dhícheall a dhéanamh tuairisciú chuig an Taoiseach an 19 Eanáir 2018 nó roimhe nó a luaithe is féidir ina dhiaidh sin.
Tá cóip iomlán de Théarmaí Tagartha an Athbhreithnithe faoi iamh.
Críoch
[attachment 2399 ]