English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Aghaidh an Taoisigh á thabhairt ar Cheanada chun bualadh le Príomh-Aire na tíre sin agus Trádáil agus Infheistíocht a chur chun cinn

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 4 Bealtaine 2017
  • An t-eolas is déanaí: 24 Deireadh Fómhair 2018

Tá tús curtha ag an Taoiseach, an tUasal Enda Kenny, TD, inniu, Déardaoin, le misean trádála agus infheistíochta chuig Montreal agus Toronto.

Buailfidh sé leis an bPríomh-Aire thall, Justin Trudeau. Ansin labhróidh an Taoiseach agus an Príomh-Aire ag comhsheoladh gnó a bheidh ar siúl in ómós dóibh agus a bhfreastalóidh lucht gnó Montreal air.

Le linn dó a bheith i Montreal, buailfidh an Taoiseach le daoine a d'fhéadfadh infheistíocht a dhéanamh sa tír seo agus le daoine a dhéanann infheistíocht inti faoi láthair. Tabharfaidh sé cuairt ar Scoil an Léinn Éireannaigh in Ollscoil Concordia, áit a mbuailfidh sé le daoine ar de bhunadh na hÉireann iad.

Maidin Dé hAoine, labhróidh an Taoiseach os comhair Chomhlachas Tráchtála na hÉireann-Cheanada agus buailfidh sé le hinfheisteoirí ionchasacha agus le hinfheisteoirí reatha in Éireann. Ina dhiaidh sin, labhróidh sé ag imeacht de chuid Tourism Ireland agus tabharfaidh cuairt ar Ireland Park, Páirc Chuimhneacháin an Ghorta Mhóir in Toronto.

Cuirfear clabhsúr ar an gClár le cruinniú le baill Bhord Ionad Inimirce na hÉireann-Cheanada agus le hionadaithe eile den Diaspóra, mar aon le himeacht i dteannta ionadaithe Chiste na hÉireann i gCeanada.

Le linn a chuairte, díreoidh an Taoiseach ar cheangal eacnamaíochta, trádála agus infheistíochta a láidriú le Ceanada i gcomhthéacs na ndeiseanna móra atá ann do chomhlachtaí na hÉireann de bharr CETA, mar aon le béim an Rialtais ar éagsúlú an mhargaidh mar chuid dá straitéis Brexit.

Dúirt an Taoiseach:

"Is tráthúil an chuairt seo agam ar Cheanada mar Thaoiseach. Táim ag tnúth lenár gcuid pleananna a phlé leis an bPríomh-Aire Trudeau d'fhonn ár gcaidreamh eacnamaíochta agus trádála a láidriú agus teacht i dtír ar na deiseanna atá ann de bharr CETA.

Lena chois sin, beidh mé á chur ar an eolas faoinár gcuid tosaíochtaí i bhfianaise Brexit agus faoi na buanna atá ag Éirinn ó thaobh na trádála agus na hinfheistíochta de."

Críoch