Airí Stáit
- Foilsithe: 21 Nollaig 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá an rialtas ar ainmniú an Taoisigh Leo Varadkar tar éis Airí Stáit breise a cheapadh agus a gcuid freagrachtaí a shannadh.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Taoiseach agus é ag caint tráthnóna:
“Guím gach rath ar na hAirí Stáit nuacheaptha agus iad ag tabhairt aghaidh ar a ndualgais nua. Tá tallann agus cumas ollmhór againn feadh na trí pháirtí atá i rialtas.
“Agus muid tagtha tríd COVID tá dúshláin ollmhóra le sárú againn sna blianta atá amach romhainn Mar a deir mé Dé Sathairn, tá éigeandáil i ndiaidh éigeandála ag titim amach: an aeráid, an cogadh san Úcráin, tithíocht, costas maireachtála, bochtaineacht leanaí. Tá bagairtí ann freisin don gheilleagar agus don fhostaíocht, agus tionchar acu sin ar gach pobal sa tír.
“Ní mór dúinn déileáil le gach dúshlán mar éigeandáil náisiúnta agus leas a bhaint as acmhainní iomlána an Stáit agus as gach atá ar fáil dúinn sa rialtas chun difríocht láithreach agus i ndáiríre a bhaint amach. Beidh ról riachtanach ag na hAirí Stáit seo sa bhfreagra sin, agus i seachadadh an chuid eile den Chlár Rialtais.”
Tá Hildegarde Naughton ceaptha chuig Roinn an Taoisigh anois ina Príomh-Aoire an Rialtais agus í tar éis tuilleadh freagrachtaí a fháil chun a bheith ina hAire Stáit sa Roinn Sláinte (Sláinte Phoiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Drugaí).
Cheap an rialtas Jack Chambers roimhe seo ina Aire Iompair Idirnáisiúnta agus Bóithre & Lóistíochta sa Roinn Iompair, chomh maith le bheith ina Aire do Pholasaí Poist sa Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, agus ceapadh an Seanadóir Pippa Hackett ina hAire Úsáidte Talaimh agus Bithéagsúlachta sa Roinn Talmhaíochta.
Ceapacháin Airí Stáit
Tá na ceapacháin eile luaite anseo:
- Peter Burke - Roinn an Taoisigh agus an Roinn Gnóthaí Eachtracha (Gnóthaí AE) agus an Roinn Cosanta
- Patrick O'Donovan - An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe (Oifig na nOibreacha Poiblí) agus an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán (Gaeltacht)
- Ossian Smyth - An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe (Soláthar Poiblí agus ríomhRialtas) agus an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide (Cumarsáid agus Geilleagar Ciorclach)
- Josepha Madigan - An Roinn Oideachais (Oideachas Speisialta agus Cuimsiú)
- Martin Heydon - An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (Taighde agus Forbairt, Sábháilteacht Feirme agus Forbairt ar Mhargaí Nua)
- Anne Rabbitte - An Roinn Sláinte agus an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtiú agus Óige (Míchumas)
- Seán Fleming - An Roinn Gnóthaí Eachtracha (Forbairt Idirnáisiúnta agus Diaspóra)
- Joe O'Brien - An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus an Roinn Coimirce Sóisialaí (Forbairt Pobail agus Carthanais) agus an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige (Lánpháirtiú)
- Kieran O’Donnell - An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta (Rialtas Áitiúil agus Pleanáil)
- Malcolm Noonan - An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta (Oidhreacht agus Leasú Toghchánach)
- Damien English - An Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta (Gnóthaí Fostaíochta agus Gnó Miondíola) agus an Roinn Coimirce Sóisialaí
- Mary Butler - An Roinn Sláinte (Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta)
- Thomas Byrne - An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán (Spórt agus Corpoideachas)
- Niall Collins - An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde Nuálach agus Eolaíochta (Scileanna agus Breisoideachas)
- Jennifer Carroll-MacNeill - An Roinn Airgeadais (Seirbhísí Airgeadais, Comhar Creidmheasa agus Árachas)
- James Browne - An Roinn Dlí agus Cirt (Athchóiriú an Dlí agus Ceartas Óige)
- Dara Calleary - An Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta (Cur Chun Cinn Trádála agus Aistriú Digiteach)