Airí Stáit Ceaptha ag an Taoiseach
- Foilsithe: 20 Meitheamh 2017
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Tá ceapacháin Airí Stáit an Rialtais fógartha ag an Taoiseach, Leo Varadkar.
Inniu dúirt an Taoiseach:
“Féachfaimid le bheith i Rialtas a bhainfidh nithe amach. Neartóidh na ceapacháin foireann an Rialtais agus cuideoidh siad linn leis an gClár do Rialtas Comhpháirtíochta a chur chun cinn agus Poblacht a chruthú a mbeidh deiseanna ann do chách. Tá freagrachtaí sonracha sannta ar gach Aire Stáit agus rinneadh gach ceapachán bunaithe ar scileanna agus taithí an duine féin a mheaitseáil lena ról."
"Ceapadh ionadaithe ó Fhine Gael chomh maith le Neamhspleáigh, léiriú ann féin gur Rialtas Comhpháirtíochta atá ann. Beifear ag súil go ndéanfaidh gach duine i bPáirtí Parlaiminte Fhine Gael a chuid féin sa Rialtas agus chun an Páirtí a atógáil. Táim ag súil le bheith ag obair le mo chomhghleacaithe sna míonna agus sna blianta atá le teacht agus an saol a fheabhsú do mhuintir na tíre ar fad."
Airí Stáit
- Tá Helen McEntee ceaptha ina hAire um Ghnóthaí Eorpacha. Beidh sí ag obair taobh leis an Taoiseach agus leis an Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála Simon Coveney ar shaincheisteanna éagsúla, lena n-áirítear an Breatimeacht.
Tá beirt Airí Stáit ceaptha mar thaca do Paschal Donohoe sa Roinn Airgeadais agus sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Beidh an dá Aire ag obair sa dá Roinn chun an próiseas lánpháirtithe a éascú:
- Tá Patrick O'Donovan ceaptha ina Aire Stáit sa Roinn Airgeadais agus sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ar a bhfuil freagracht speisialta i ndáil le Soláthar Poiblí, Rialtas Oscailte agus Ríomhsheirbhísí Rialtais.
- Tá Michael D'Arcy ceaptha ina Aire Stáit sa Roinn Airgeadais agus sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ar a bhfuil freagracht speisialta i ndáil le Seirbhísí Airgeadais agus Árachas.
Tá cúigear Airí nua ceaptha. Seachas Michael D'Arcy, is iad sin:
- Ciarán Cannon ina Aire Stáit sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála ar a bhfuil freagracht speisialta don Diaspóra agus d'Fhorbairt Idirnáisiúnta.
- Jim Daly ina Aire Stáit sa Roinn Sláinte ar a bhfuil freagracht speisialta do Mheabhairshláinte agus do Dhaoine Breacaosta.
- Brendan Griffin ina Aire Stáit sa Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt ar a bhfuil freagracht speisialta i leith Turasóireacht agus Spórt.
- John Paul Phelan ina Aire Stáit sa Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil ar a bhfuil freagracht speisialta do Rialtas Áitiúil agus Athchóiriú Toghchán.
Áirítear ar cheapacháin eile lenar bhain breis cúraimí:
- Beidh an tAire Stáit sa Roinn Sláinte, Catherine Byrne, anois freagrach as Cur Chun Cinn Sláinte chomh maith le bheith fós freagrach as an Straitéis Náisiúnta Drugaí.
- Beidh freagracht speisialta ar Pat Breen do Thrádáil, Fostaíocht, Gnó, Margadh Aonair Digiteach AE agus Cosaint Sonraí agus tabharfaidh sé seirbhís sa Roinn Fiontair agus Nuálaíochta, sa Roinn Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí, Roinn an Taoisigh agus sa Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais.
- Beidh an tAire Stáit sa Roinn Gnóthaí Tuaithe agus Pobail agus sa Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil, Seán Kyne fós freagrach as acmhainní nádúrtha agus glacfaidh sé gnóthaí pobail agus forbairt dhigiteach air féin freisin.
- Tá John Halligan ina Aire Stáit sa Roinn Fiontair agus Nuálaíochta agus sa Roinn Oideachais agus Scileanna agus freagracht speisialta air d'Oiliúint, Scileanna agus Nuálaíocht agus tugann a phost nua aitheantas freisin don obair leanúnach atá ar bun aige i dTaighde agus Forbairt.
- Tá Andrew Doyle athcheaptha ina Aire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ar a bhfuil freagracht speisialta i leith Bia, Foraoiseacht agus Gairneoireacht, réimse a bhfuil tábhacht nach beag léi le linn phróiseas an Bhreatimeachta.
- Tá Damien English athcheaptha ina Aire Stáit sa Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil ar a bhfuil freagracht speisialta i leith Tithíocht agus Forbairt Uirbeach agus muid ag féachaint dul i ngleic leis na fadhbanna leanúnacha ata sa mhargadh tithíochta.
- Tá Kevin Boxer Moran fanta ina Aire Stáit sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus freagracht speisialta air d'Oifig na nOibreacha Poiblí agus Faoiseamh Tuile a bhfuil tábhacht mhór léi i gcónaí in áiteanna go leor ar fud na hÉireann.
- Tá David Stanton fós ina phost mar Aire Stáit sa Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais agus freagracht speisialta air do Chomhionannas, Inimirce agus Comhtháthú, trí réimse fhíorthábhachtacha in Éirinn agus go hidirnáisiúnta.
Tá na ceapacháin thuas sa bhreis ar an gceathrar Airí Stáit a dhéanfaidh freastal ar chruinnithe Rialtais agus a ceapadh an tseachtain seo caite:
- An Teachta Joe McHugh, Aire Stáit i Roinn an Taoisigh mar a bhfuil freagracht speisialta air mar Phríomh-Aoire an Rialtais chomh maith le freagracht speisialta a bheith air i leith na Gaeilge, An Ghaeltacht agus na hOileáin sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Tuaithe, Réigiúnacha agus Gaeltachta,
- An Teachta Mary Mitchell O'Connor, Aire Stáit sa Roinn Oideachais agus Scileanna a bhfuil freagracht speisialta uirthi d'Ard-Oideachas.
- An Teachta Paul Kehoe, Aire Stáit i Roinn an Taoisigh agus sa Roinn Cosanta agus freagracht speisialta air do Chosaint.
- An Teachta Finian McGrath, Aire Stáit sa Roinn Coimirce Sóisialaí, sa Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais agus sa Roinn Sláinte ar a bhfuil freagracht speisialta do Shaincheisteanna a bhaineann le Míchumas.
Críoch