Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An Ceannfort Caroline Burke Ceaptha ina Aide de Camp ag an Taoiseach

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 29 Iúil 2017
  • An t-eolas is déanaí: 24 Deireadh Fómhair 2018

Tá sé fógartha ag an Taoiseach, an tUasal Leo Varadkar T.D. inniu (Dé Máirt an 29ú Lúnasa) go bhfuil an Ceannfort Caroline Burke ceaptha ina Aide de Camp ag an Taoiseach.

Dúirt an Taoiseach,

'Ba mhaith liom comhghairdeas ó chroí a dhéanamh leis an gCeannfort Burke as a ceapachán agus guím gach rath uirthi ina ról tábhachtach nua.'

I nDeireadh Fómhair 1995 a chuaigh an Ceannfort Burke in Óglaigh na hÉireann. Is sa Rannán Oibríochtaí a bhí sí ag fónamh le déanaí agus tá BSc i Spórt agus Aclaíocht agus Máistir Eolaíochta in Eolaíocht Aclaíochta agus Cothaithe aici. D'fhóin an Ceannfort Burke freisin ar Mhisin Síochánaíochta na Náisiún Aontaithe sna Balcáin, in Iarthar na hAfraice agus sa Mheánoirthear.

Maidir leis an gceapachán, dúirt an Ceannfort Burke,

'tá ríméad orm gur ceapadh sa ról nua seo mé. Is mór an onóir dom ionadaíocht a dhéanamh ar Oifig an Taoisigh agus ar Óglaigh na hÉireann agus táim ag tnúth go mór dul i mbun na ndualgas agus na n-imeachtaí atá i gceist leis an ról seo".

Tá sí tagtha i gcomharbacht ar an gCeannfort Kieran Carey mar ADC.

Críoch

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat