An Nuacht is Déanaí maidir le Tithíocht do Chách
-
Ó: Roinn an Taoisigh; An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
- Foilsithe: 14 Samhain 2023
- An t-eolas is déanaí: 3 Eanáir 2024
- Borradh maith faoi árais nua chónaithe a thógáil i mbliana le breis is 22,400 tugtha chun críche sna trí ráithe tosaigh den bhliain agus tús curtha leis an obair thógála ar 24,000 eile sa bhreis orthu sin
- Fógartha go bhfuil €448m de chistíocht nua ceadaithe chun go gcuirfear níos mó ná 1,900 áras cónaithe inacmhainne ar fáil in 8 limistéar údaráis áitiúil
- Dúbailt go dtí 4,000 ar an sprioc maidir le líon na n-áitreabh a ndéanfar athchóiriú orthu leis an Deontas Athchóiriúcháin maidir le hÁitreabh Folamh
- Rochtain níos mó le tabhairt ag an Rialtas ar Iasacht Tithíochta Údaráis Áitiúil d'fhonn dul i ngleic le háitribh a bheith folamh agus tréigthe go fadtéarmach
D'aontaigh an Chomhaireacht inniu dúbailt a thabhairt ar líon na n-áras cónaithe a mbeadh Deontas Athchóiriúcháin maidir le hÁitreabh Folamh ar fáil ina leith faoin gciste Croí Cónaithe – go bhfuil 4,000 áras cónaithe a chur ar fáil faoin mbliain 2025 mar sprioc ardaithe anois. D'fhógair an Taoiseach Leo Varadkar, an Tánaiste Micheál Martin, an tAire Eamon Ryan agus an tAire Darragh O’Brien é seo agus an leasú ráithiúil is deireanaí maidir le Tithíocht do Chách á fhoilsiú.
Tabharfaidh an Rialtas rochtain níos mó leithne freisin ar Iasachtaí Tithíochta Údaráis Áitiúil ionas go mbíonn cistíocht ar fáil den chéad uair chun áitreabh a cheannach agus a athchóiriú nach bhfuil i riocht cónaithe nó atá tréigthe. Is fianaise na bearta seo ar an mbéim leanúnach atá ag an Rialtas chun árais chónaithe atá folamh nó tréighthe a thabhairt ar ais in úsáid in athuair.
Tá aontaithe ag an gComhaireacht freisin, mar bheart eile d'fhonn dul i ngleic le hárais fholmha, maidir le 'tearc-chónaí i dtithíocht shóisialta' sa chás áirithe seo, síneadh a chur ón 1 Nollaig amach, ar bhonn riaracháin, leis an bhfaoiseamh cánach Seomra ar Cíos, i ndáil leo siúd atá i dtithíocht shóisialta ar mian leo seomra a ligean ar cíos le mac léinn tríú leibhéal. Beidh eolas faoi oibriú na scéime sin le fáil ar leathanach gréasáin faoi leith, gov.ie/roomforastudent.
Le béim ar an ndúthracht maidir le tithíocht shóisialta agus tithíocht inacmhainne, d'fhógair an Rialtas freisin go raibh cistí nua €448m á gceadú chun 250 áras inacmhainne agus 1,650 áras cónaithe ar cíos costais a chur ar fáil. Leis an bhforbraíocht nua, a bheidh á déanamh in ocht gcinn de limistéir údaráis áitiúil, beidh árais chónaithe á gcur ar fáil le ceannach agus le tógáil ar cíos ar rátaí faoi bhun rátaí an mhargaidh (tugtar sonraí níos mine sna nótaí don Eagarthóir).
D'fhoilsigh an Taoiseach, an Tánaiste, an tAire Ryan agus an tAire O’Brien inniu freisin an tuairisc is deireanaí faoin bPlean Gníomhaíochta maidir le Tithíocht do Chách, ina leagtar amach na bearta príomhthábhachta don bhliain atá romhainn agus sinn ag cur leis an mborradh atá faoi ghnóthaí go dtí seo agus leanúint de na bearta leasaithe bunriachtanacha.
Dúirt an Taoiseach, Leo Varadkar:
“Is léir go bhfuil dul chun cinn dáiríre á dhéanamh. Feictear sin ar dhroim talún le tithe agus árasáin nua á dtógáil ar fud na tíre. Le 12 mhí anuas, tógadh 30,000 áras cónaithe nua. Sin 50% níos mó ná an cás ar a theacht i gcumhacht don Rialtas seo, níos mó ná dúbailt ar an líon a bhí á dtógáil nuair a rinneadh Taoiseach díomsa sa bhliain 2017. Tá toradh fónta ar Thithíocht do Chách. Is é atá le déanamh anois againn díriú ar an gcur i bhfeidhm agus gach beart is gá a dhéanamh chun an dul chun cinn tairbheach seo a choinneáil sa siúl.”
Luaigh an Tánaiste, Micheál Martin, T.D.:
“Tá borradh dáiríre i gceist leis an straitéis Tithíocht do Chách. Tá níos mó árais inacmhainne á dtógáil, níos mó tithe sóisialta á gcur ar fáil, beocht á cur as an nua in áitribh fholmha agus cúnamh á thabhairt do cheannaitheoirí céaduaire áras cónaithe a cheannach den chéad uair.
“Is eol don Rialtas gur gá béim a leagan ar inmharthanacht fhadtéarmach earnáil tógála na n-áras cónaithe ionas gur féidir ár gcuid spriocanna ar fad, ar fud na gcineálacha tithíochta ar fad, a bhaint amach. Ní foláir leanúint ag cuidiú le comhlachtaí an "bhearna indéantachta" a thrasnú an tráth céanna a gcuirtear bealaí nuálacha chun cinn chun árais nua chónaithe a chur ar fáil.”
Dúirt Eamon Ryan T.D., an tAire Comhshaoil, Aeráide, Cumarsáide agus Iompair:
"Neartú an leasú is deireanaí seo ar an bPlean maidir le haidhm an Rialtais córas tithíochta inmharthana a thabhairt i gcrích. Le scéimeanna de leithéid Réidh le Tógáil agus Croí Cónaithe (Cathracha), déanfar freastal d'fhorás dlúth uirbeach sna bailte móra agus sna cathracha agus le forfheabhsú ar an Deontas Athchóiriúcháin maidir le hÁitreabh Folamh faoi Thithíocht do Chách, beidh leas níos éifeachtaí á bhaint as an stoc tithíochta mar gheall ar bheocht a chur in athuair in áitribh atá tréigthe. Ciallaíonn na tionscnaimh seo, chomh maith le Modhanna Nua-aimseartha Tógála, gur féidir linn táirgiúlacht a fheabhsú an tráth céanna a gcuirtear tithíocht agus comharsanachtaí inmharthana ar fáil.”
Ag trácht dó ar an mbéim ar bhearta i leith áitribh fholmha mar ghné den leasú is deireanaí ar an bPlean Gníomhaíochta, dúirt Darragh O’Brien, T.D., an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta:
“Is léir dul chun cinn fabhrach – agus cur i gcrích – maidir leis na táscairí ar fad, críochnú oibre, tosach oibre agus cead pleanála. Go deimhin, faoi dheireadh na bliana seo, beidh 100,000 áras cónaithe curtha ar fáil againn ón mbliain 2020 i leith, an bhliain ar cuireadh an Rialtas seo le chéile. Tithíocht do Chách an bonn treise faoin mborradh foráis sin. Níl aon leigheas ar luas lasrach amháin ar chás na tithíochta – mar is léir ar an straitéis seo – teastaíonn bearta comhcheangailte ar fud na bhfud.
“Mar shampla, le coicís anuas, cheadaigh mé cistíocht d'fhonn dul ar aghaidh le bearta suntasacha forbraíochta ar thithíocht inacmhainne ar fud na tíre – beagnach €450m maidir le 1,900 áras inacmhainne le ceannach nó ar cíos costais. Le forbraíocht nua ina leith seo, cuirfear árais chónaithe ar fáil le ceannach agus le tógáil ar cíos ar ráta faoi bhun ráta an mhargaidh agus cuirfear cor nua chun feabhais sa saol ag na teaghlaigh atá i gceist.
“Ar cheann de na bearta eile atá riachtanach chun a gcuirtear de dhúshlán romhainn maidir le cúrsaí tithíochta a shárú, tá dul i ngleic le cás na n-áitreabh atá folamh agus is cúis ríméid dom a rá go bhfuil an-ghlaoch ag daoine ar na bearta idirghabhála a thugamar isteach ina leith sin. Tá toradh sármhaith ar an Deontas Athchóiriúcháin maidir le hÁitreabh Folamh agus tá níos mó ná 2,400 togra ceadaithe faoi seo agus á gcur chun cinn faoi láthair agus beidh íocaíocht le teacht ón údarás áitiúil nuair a thugtar an obair chun críche agus nuair a dhéantar deimhniú ina leith. I bhfianaise a bhfuil d'éileamh ar an Deontas, is cúis mhór áthais dom a dheimhniú inniu go mbeidh dúbailt á thabhairt againn ar an sprioc d'fhonn cúnamh a thabhairt do 4,000 duine faoin mbliain 2025.
“Anuas ar an méid sin, is cúis áthais dom a dheimhniú inniu go mbeidh fairsingiú á thabhairt i bhfeidhm againn ar an teacht a bhíonn ar Iasacht Tithíochta Údaráis Áitiúil maidir le ceannach agus athchóiriú áitribh a mhaoiniú nach bhfuil i riocht cónaithe agus atá tréigthe. Sásófar ar an gcaoi sin an chuspóir atá againn maidir le hárais chónaithe a chur ar ais in úsáid, gné de Thithíocht do Chách a bhfuil béim mhór air, agus déanfar soláthar freisin do mhodh inar féidir le cuid mhór daoine agus teaghlaigh go leor a bheadh ina theideal tograí athchóiriúcháin dá stuaim féin a mhaoiniú. Leagfar de chúram ar oifigigh na Roinne anois na gnéithe is mine den chur i bhfeidhm a dheimhniú ionas go gcinntítear go mbíonn an scéim ullamh d'iarratasóirí faoi R2 na bliana seo chugainn.”
Cé gur féidir Deontas Athchóiriúcháin maidir le hÁitreabh Folamh a bheith ar fáil maidir le háitreabh atá folamh nó le háitreabh atá tréigthe (deontas €50,000 agus deontas €70,000 i ngach cás faoi seach), ní féidir faoi láthair Iasacht Tithíochta Údaráis Áitiúil a thabhairt ach amháin i gcás áitreabh atá i riocht cónaithe. Leis an leathnú scéime atá á fhógairt inniu, ligfear d'iarratasóirí a bheadh i dteideal iarratas a chur isteach ar iasacht, bearnaí a líonadh sa chás nach bhfuil dóthain airgid ar fáil chun tograí athchóiriúcháin a chur i gcrích.
Faoin bPlean, tá ardú ar an soláthar d'árais nua chónaithe le líon breis is 22,400 áras nua cónaithe á dtabhairt chun críche i rith thrí ráithe tosaigh na bliana seo. Cuireadh tús leis an obair thógála ar beagnach 24,000 áras nua cónaithe i rith na tréimhse céanna sin, ardú 14% ar an tréimhse chéanna anuraidh. Tá an Rialtas muiníneach go sárófar an sprioc 29,000 áras nua cónaithe faoi dheireadh na bliana 2023 faoi Thithíocht do Chách.
Tá níos mó daoine ag ceannach an chéad áras cónaithe dá gcuid anois ná mar a bhí tréimhse ar bith le deich mbliana anuas agus os a chionn, agus na tionscnaimh maidir le háras inacmhainne ina bhonn treise fúthu, ar a n-áirítear Scéim an Chéad Bhaile, Iasachtaí Tithíochta Údaráis Áitiúil agus Cúnamh le Ceannach a bhfuil síneadh ama curtha leis go dtí deireadh na bliana 2025. Ceadaíodh níos mó ná 30,000 morgáiste do Cheannaitheoirí Céaduaire i rith na tréimhse dhá mhí dhéag anall go deireadh mí Mheán Fómhair 2023.
Leagtar amach 30 beart príomhthábhachta chun brostú agus borradh a chur faoi thithíocht a sholáthar sa leasú bliantúil ar an bPlean Gníomhaíochta maidir le Tithíocht do Chách.
Beidh béim mhór an chuid eile den bhliain agus amach sa bhliain 2024 ar bhearta chun cur le seasmhacht thógáil tithíochta mar ghnóthas, lena n-áirítear Modhanna Nua-aimseartha Tógála a thapú, agus cur le hacmhainn earnáil na tógála. Feicfear dul chun cinn suntasach i rith na bliana seo chugainn freisin maidir leis an gcóras pleanála a leasú.
Leis an leasú ar an bPlean Gníomhaíochta a seoladh inniu, cinnteofar an bhéim a choinneáil ar scéimeanna agus tionscnaimh a sheoltar faoi Thithíocht do Chách a chur i bhfeidhm go héifeachtach agus gan mhoill. Is deimhniú sin, agus an buaicleibhéal €5.1 billiún d'infheistíocht chaipitil atá á chur i leith tithíocht a sholáthar faoi Bhuiséad 2024 ar dhúthracht an Rialtais seo maidir leis an dul chun cinn go dtí seo a choinneáil ar bun.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir thíos
Nótaí don Eagarthóir
Leathnú maidir le hIasachtaí Tithíochta Údaráis Áitiúil ionas gur féidir áitreabh nach bhfuil i riocht cónaithe nó atá tréigthe a áireamh
• D'aontaigh an Chomhaireacht go mbeidh Iasachtaí Tithíochta Údaráis Áitiúil ar fáil freisin maidir le háitreabh a cheannach agus a athchóiriú nach bhfuil i riocht cónaithe nó atá tréigthe.
• Faoi láthair, is féidir Deontas Athchóiriúcháin maidir le hÁitreabh Folamh a bheith ar fáil maidir le háitreabh atá folamh nó le háitreabh atá tréigthe (suas le €50,000 agus suas le €70,000 i ngach cás faoi seach).
• Os a choinne sin, ní féidir faoi láthair Iasacht Tithíochta Údaráis Áitiúil a thabhairt maidir le háitreabh nach bhfuil i riocht cónaithe.
• Tá beartaithe anois leathnú leis na hIasachtaí Tithíochta Údaráis Áitiúil ionas gur féidir ceannach agus/nó athchóiriú árais nach bhfuil i riocht cónaithe a thabhairt san áireamh a bhféadfadh go mbeifí i dteideal Deontas Athchóiriúcháin maidir le hÁitreabh Folamh ina leith, ionas gur féidir bearnaí a líonadh sa chás nach bhfuil dóthain airgid ar fáil.
• Sásófar ar an gcaoi sin an aidhm maidir le hárais chónaithe a chur ar ais in úsáid, rud a bhfuil béim mhór air faoi Thithíocht do Chách agus cuirtear modh oibre ar fáil trínar féidir le daoine atá ina theideal tograí athchóiriúcháin faoina stuaim féin a mhaoiniú.
• Beidh an beart seo cuíchóirithe leis an Deontas Athchóiriúcháin maidir le hÁitreabh Folamh, ar a ndéanann an tÚdarás Áitiúil an riarachán chomh maith, ionas go mbíonn córas cónasctha ar fáil a chuidíonn leis an té ag a bhfuil áras cónaithe á athchóiriú le húsáid.
• Tar éis chinneadh an lae inniu, déanfaidh oifigigh na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta - ag obair go dlúth leis na hÚdaráis Áitiúla agus le páirtithe leasmhara eile - na gnéithe is mine de leathnú na scéime maidir le hárais nach bhfuil i riocht cónaithe a dheimhniú sula dtosaítear ar an gcur i bhfeidhm faoi R2 2024.
Ardú ar an sprioc i ndáil leis an Deontas Athchóiriúcháin maidir le hÁitreabh Folamh
• I bhfianaise a bhfuil d'éileamh ar an Deontas Athchóiriúcháin maidir le hÁitreabh Folamh go dtí seo, agus líon na n-iarratas a tháinig faoi bhráid, d'aontaigh an Chomhaireacht dúbailt a dhéanamh ar líon na n-áras a dtugtar cúnamh ina leith faoin scéim – ardú ar an sprioc go dtí 4,000 áras faoin mbliain 2025.
• Is é a bhí d'aidhm ar dtús (mar a leagtar amach faoi ‘Thithíocht do Chách’) go rachfaí i ngleic le fadhb na n-áitreabh folamh faoin gclár (lena n-áirítear an Deontas Athchóiriúcháin maidir le hÁitreabh Folamh agus an scéim Réidh le Tógáil) ionas go gcuirfí cúnamh ar fáil maidir le 2,000 láthair chónaithe a athchóiriú faoin mbliain 2025, ag brath ar an éileamh.
• Tá an t-éileamh an-tréan, le níos mó ná 5,100 iarratas á ndéanamh leis na húdaráis áitiúla go dtí seo. Ceadaíodh níos mó ná 2,400 den líon sin. An t-údarás áitiúil a dhéanann an íocaíocht nuair a bhíonn an obair curtha i gcrích agus deimhnithe (tuairim is 12 mhí).
Árais Chónaithe nua Inacmhainne agus ar Cíos
Tá cistí dar luach iomlán €448m á gceadú maidir le 250 áras inacmhainne agus líon breis is 1,650 áras cónaithe ar cíos costais. Leis an bhforbraíocht nua, beidh árais chónaithe á gcur ar fáil, le ceannach agus le tógáil ar cíos, ar rátaí faoi bhun rátaí an mhargaidh sna limistéir údaráis áitiúil seo a leanas:
• Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath: 808 áras cónaithe inacmhainne nua (636 ar Cíos Costais agus 172 Inacmhainne)
• Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas: 544 áras cónaithe inacmhainne nua (519 ar Cíos Costais agus 25 Inacmhainne)
• Comhairle Chontae Fhine Gall: 395 áras cónaithe inacmhainne nua (377 ar Cíos Costais agus 18 Inacmhainne)
• Comhairle Chontae na Mí: 54 Áras cónaithe nua ar Cíos Costais
• Comhairle Chontae Chill Dara: 47 Áras cónaithe nua ar Cíos Costais
• Comhairle Chontae na hIarmhí: 46 Áras cónaithe nua ar Cíos Costais
• Comhairle Chontae Chill Chainnigh: 35 áras cónaithe inacmhainne nua
• Comhairle Chontae Lú: 20 Áras cónaithe nua ar Cíos Costais
Tá fógraíocht á déanamh maidir le roinnt scéimeanna tithíochta ar Cíos Costais agus Inacmhainne: https://affordablehomes.ie
Tithíocht do Chách
• ‘Tithíocht do Chách’ is teideal do phlean tithíochta an Rialtais amach go dtí an bhliain 2030. Is féidir é a léamh ar Item was unpublished or removedTá de mhórchuspóir leis an bplean go mbeach teacht ag an uile dhuine sa Stát ar áras, le ceannach nó ar cíos ar phraghas inseasta, ar ardchaighdeán tógála sa cheantar cuí ionas gur féidir saol ar ardchaighdeán a chaitheamh.
• Is féidir an tuairisc bhliantúil is deireanaí faoin bPlean Gníomhaíochta maidir le Tithíocht do Chách agus Tuarascáil R3 2023 ar an Dul Chun Cinn a léamh anseo.