English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An Taoiseach ag freastal ar chruinniú na gceannairí arna óstáil ag an Uachtarán Zelenskyy

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 24 Feabhra 2025
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Beidh an Taoiseach Micheál Martin i láthair ag cruinniú le ceannairí domhanda eile inniu (Dé Luain) chun cás na hÚcráine a phlé. Thionóil an tUachtarán Zelenskyy an cruinniú chun aird a tharraingt ar é bheith trí bliana anois ó thosaigh ionradh iomlán na Rúise ar an Úcráin agus tacaíocht leanúnach don Úcráin a phlé.

Is ar líne a bheidh an cruinniú ar siúl.

Agus é ag labhairt roimh an gcruinniú, dúirt an Taoiseach:

“Agus é trí bliana anois ó tharla ionradh neamhdhleathach na Rúise, beidh mé ag dearbhú tacaíocht dhaingean leanúnach na hÉireann don Úcráin agus dá muintir arís don Uachtaráin Zelenskyy.

“Is deis thábhachtach é seo freisin chun dul i mbun plé leis na comhpháirtithe agus leis an Uachtarán Zelenskyy faoin gcaoi is féidir linn síocháin chóir, inbhuanaithe agus mharthanach a chinntiú, i gcomhréir le prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe.

"Leagfaidh mé béim freisin ar thacaíocht láidir leanúnach na tíre seo d’aontachas na hÚcráine leis an Aontas agus áiteoidh mé gur bealach tábhachtach é chun slándáil na hÚcráine amach anseo a ráthú dlús a chur leis an bpróiseas chun teacht isteach san Aontas.

"Ag an tráth thar a bheith deacair agus éiginnte seo do mhuintir na hÚcráine, tabharfaidh sé sin teachtaireacht láidir freisin dóibh go dtacaímid leis an seasamh gur cuid dár dteaghlach Eorpach í an Úcráin agus go gcloímid leis an seasamh sin.

“Cuirfidh mé in iúl go soiléir go bhfuil Éire réidh chun gach is féidir a dhéanamh chun tacú le síocháin chóir bhuan, rud atá ríthábhachtach ní hamháin don Úcráin ach do shlándáil na hEorpa freisin.”