An Taoiseach ag freastal ar chruinniú na gceannairí maidir leis an Úcráin
- Foilsithe: 19 Feabhra 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Beidh an Taoiseach Micheál Martin i láthair ag cruinniú le ceannairí Eorpacha eile tráthnóna inniu (Dé Céadaoin) chun an cás san Úcráin a phlé.
Tionólfar an cruinniú, a thionóil Uachtarán Macron na Fraince, ar líne.
Agus é ag labhairt roimh an gcruinniú, dúirt an Taoiseach:
"Is díol sásaimh dom an deis seo chun tuairimí a mhalartú le comhpháirtithe maidir leis an Úcráin.
“Sa phlé a bheidh againn, déanfaimid machnamh ar an mbealach is fearr is féidir linn leanúint de thacaíocht a thabhairt don Úcráin agus mar is féidir linn síocháin chóir, inbhuanaithe agus mharthanach a chinntiú, i gcomhréir le prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe.
“Maífidh mé gur bealach tábhachtach é don Aontas cuidiú le slándáil na hÚcráine amach anseo a ráthú ná dlús a chur leis an bpróiseas chun teacht isteach san Aontas.
"Is cuid de theaghlach na hEorpa í an Úcráin agus tá go leor de na hathchóirithe is gá le haghaidh ballraíochta déanta aici cheana féin sna cúinsí is deacra.
“Agus sinn ag druidim le trí bliana ó tharla ionradh neamhdhleathach na Rúise, tá Éire fós diongbháilte inár dtacaíocht don Úcráin agus dá muintir.”