An Taoiseach agus an tAire Kehoe ar Cuairt ar Fhórsa Eatramhach na Náisiún Aontaithe sa Liobáin (FENAL)
- Foilsithe: 21 Nollaig 2017
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Tá an Taoiseach, Leo Varadkar ar a chéad chuairt ar Fhórsa Eatramhach na Náisiún Aontaithe sa Liobáin (UNIFIL) inniu chun bualadh le trúpaí na hÉireann a bheidh ar dualgas ansin le linn na Nollag. In éineacht leis an Taoiseach tá an tAire a bhfuil Freagracht ar leith air do Chosaint, Paul Kehoe agus Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann, an Leas-Aimiréal Mark Mellet.
Chomh maith le bualadh le pearsanra atá ag fónamh, feicfidh an Taoiseach é féin an obair a dhéanann trúpaí na hÉireann agus na dúshláin atá ag baint leis an Misean. Feicfidh sé oibríochtaí á gcleachtadh i gcomhar le lucht na Liobáine agus tabharfaidh cuairt ar an gCrios Gorm idir an Liobáin agus Iosrael, an áit a bhfuil UNIFIL i mbun monatóireachta. Amach sa lá, leagfaidh an Taoiseach bláthfhleasc ag cuimhneachán do shaighdiúirí na hÉireann a bhásaigh ar dualgas sa Liobáin.
Tá Éire rannpháirteach i misean UNIFIL ó thosaigh sé i 1978 agus is é an misean is mó é dá bhfuil Éire páirteach thar lear. 377 saighdiúir de chuid na hÉireann atá faoi láthair páirteach i UNIFIL, saighdiúir ón 111ú Cathlán Coisithe den chuid is mó.
Is deis é seo don Taoiseach buíochas a ghlacadh go pearsanta le comhaltaí na mBuanóglach as an obair a dhéanann siad ar mhaithe le síocháin agus slándáil mhuintir na Liobáine Theas agus faoina dtiomantas don mhisean síochána tábhachtach seo.
Dúirt an Taoiseach:
"Beidh UNIFIL, Fórsa Eatramhach na Náisiún Aontaithe 40 bliain ar an bhfód an chéad bhliain eile. Tá Óglaigh na hÉireann ann ó bunaíodh é. Mar dhream daoine, táimid thar a bheith bródúil as an obair a dhéanann Óglaigh na hÉireann i gcoinneáil na síochána, i gcúinsí dainséaracha go minic.
"Mar thír bheag neodrach nach raibh aon bhaint againn le coilíneachas agus mar thír atá i gcroílár na hEorpa, tá ról ceannaireachta ag Éirinn i dtaobh choinneáil na síochána ar fud an domhain. Leanfaimid de sin.
"Bíonn sé an-chrua a bheith imithe ón mbaile, tuisimitheoirí a bheith imithe óna gclann, ón bpáirtithe, an t-am seo bliana. Táim anseo le haitheantas a thabhairt dóibh agus buíochas a ghlacadh leo thar ceann mhuintir na hÉireann.
Beidh 580 trúpa ag fónamh thar lear an Nollaig seo in áiteanna mar Mali agus áiteanna éagsúla eile sa Mheánoirthear, sa Chosaiv, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Sahára Thiar agus an Congó.
Críoch