English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An Taoiseach i mbun cainte le Céad-Aire Thuaisceart Éireann agus le Leas-Chéad-Aire Thuaisceart Éireann

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 10 Aibreán 2024
  • An t-eolas is déanaí: 3 Lúnasa 2024

Labhair an Taoiseach tráthnóna ar an bhfón leis an gCéad-Aire Michelle O’Neill agus leis an Leas-Chéad-Aire Emma Little-Pengelly. Labhair an Taoiseach faoin tábhacht atá ag a ról ina chomh-ráthóir ar Chomhaontú Aoine an Chéasta, cothrom an lae seo 26 bliain ó shin ó síníodh an Comhaontú san áireamh. Le hathbhunú na Comhairle Aireachta Thuaidh/Theas an tseachtain seo, tá an Taoiseach, an Chéad-Aire agus an Leas-Chéad-Aire ag súil le rannpháirtíocht Thuaidh/Theas dhearfach athnuaite sna míonna amach romhainn.