An Taoiseach i mbun cainte le Príomh-Aire na Breataine
- Foilsithe: 10 Aibreán 2024
- An t-eolas is déanaí: 3 Lúnasa 2024
Labhair an Taoiseach Simon Harris agus Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe Rishi Sunak tráthnóna ar an bhfón. Ghabh an Taoiseach buíochas leis an bPríomh-Aire as na beannachtaí a chuir sé chuige faoina cheapachán agus thug sé aitheantas do dhoimhneacht agus leithead an chaidrimh atá idir an Bhreatain agus Éire agus don luach a bhaineann leis sin.
Chuir an Taoiseach agus an Príomh-Aire fáilte roimh athchóiriú na n-institiúidí comhroinnte cumhachta i dTuaisceart Éireann i mí Feabhra. Phléigh siad cruinniú na Comhairle Aireachta Thuaidh/Theas, cruinniú a bhí an-dearfach agus a reáchtáladh in Ard Mhacha níos luaithe an tseachtain seo (Dé Luain, an 8 Aibreán), agus d’aontaigh an bheirt acu faoin tábhacht atá le Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Breataine a bheith ag obair le chéile chun barr cumais Chomhaontú Aoine an Chéasta a bhaint amach ina iomláine.
Pléadh an cás maidir leis an ngéarchéim dhaonnúil in Gaza agus an cogadh san Úcráin chomh maith leis an tábhacht atá le comhoibriú idir an AE, an Ríocht Aontaithe agus comhpháirtithe idirnáisiúnta agus iad ag tabhairt freagra ina leith sin.