An Taoiseach le bheith ina chathaoirleach ar chruinniú faoi shábháilteacht ar líne le Páirtithe Leasmhara
- Foilsithe: 24 Deireadh Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Beidh an Taoiseach Simon Harris ina chathaoirleach ar chruinniú inniu (DÉARDAOIN) i dTithe an Rialtais, chun dearcthaí a chloisteáil ó raon leathan de pháirtithe leasmhara faoi shábháilteacht ar líne, ó iad siúd atá ag obair i réimse na bpáistí agus na ndaoine óga san áireamh.
Leanann sé seo ó Chruinniú Mullaigh faoi Shábháilteacht Ar Líne ar a raibh an Taoiseach ina chathaoirleach ann i mí Mheán Fómhair, le hAirí lena bhaineann, Rialtóirí Digiteacha agus an Garda Síochána.
Léiríonn an rannpháirtíocht seo go dtugann an Rialtas tús áite do dhul i ngleic le hábhar díobhálach agus mídhleathach ar líne, go háirithe mar a bhíonn tionchar aige ar pháistí.
Ag labhairt dó roimh chruinniú an lae inniu, dúirt an Taoiseach:
“Níos luaithe an tseachtain seo, ghlac Coimisiún na Meán leis an gCód um Shabháilteacht Ar Líne, sprioc shuntasach is ea í seo chun dul i ngleic le hábhar agus le hiompar mídhleathach agus díobhálach ar líne, lena n-áirítear ag nochtadh páistí do hábhar atá díobhálach.
Agus gnéithe uile ár gCreat um Shábháilteacht Ar Líne ag teacht le chéile, ní foláir go mbeadh an fócas anois dírithe ar fheidhmiú iomlán agus éifeachtach na rialachán digiteach nua seo.
Tá ról uathúil agus lárnach ag Éirinn mar gheall ar rialáil dhigiteach a fhorfheidhmiú, agus tá an Rialtas fós tiomanta chun acmhainní agus tacaíocht a chur ar fáil don obair atá á déanamh ag ár rialtóirí digiteacha sa spás seo.
Táim tiomanta a chinntiú go bhfuil ár bhfeachtais chumarsáide éifeachtach chun tuiscint a ardú i measc an phobail maidir lena gcearta, agus ar ndóigh na hoibleagáidí ar ardáin ar líne, faoin gCreat um Shábháilteacht Ar Líne nua seo.
Táim ag súil le cloisteáil ó pháirtithe leasmhara inniu agus muidne ag obair chun timpeallacht shábháilte ar líne a chinntiú do gach éinne, agus go mórmhór do na húsáideoirí is leochailí.”
Dúirt an tAire Catherine Martin:
“Is forbairt shuntasach í gur ghlac Coimisiún na Meán leis an gCód um Shábháilteacht Ar Líne an tseachtain seo chun na huirlisí rialála a chur i bhfeidhm le haghaidh ár gCreat um Shabháilteacht Ar Líne.
Tugann an Creat, lena n-airítear an tAcht um Sheirbhísí Digiteacha agus an Rialachán maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta ar Líne, na huirlisí do Choimisiún na Meán deileáil le hábhar diabhálach agus mídhleatach ar líne. Ciallaíonn sé sin go mbeadh fíor-chuntasacht ag ardáin agus pionóis thromchúiseacha orthu i gcás neamhchomhlíonta. Is ceist don tsochaí go léir an tsábháilteacht ar líne agus mar sin nuair a chuireann páirtithe leasmhara scéala chugainn go díreach, solathraíonn sé sin aiseolas tábhachtach, agus an obair ríthábhachtach seo á cur chun cinn againn.”