English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An Taoiseach le bheith ina chathaoirleach ar chruinniú Iomlánach den Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas i gCaisleán Bhaile Átha Cliath

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 13 Meán Fómhair 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Inniu (Dé hAoine) beidh an Taoiseach Simon Harris ina chathaoirleach ar an ochtú cruinniú iomlánach is fiche den Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas i mBaile Átha Cliath. Is é seo an dara cruinniú iomlánach den CATT ó athbhunaíodh Tionól agus Feidhmeannas Thuaisceart Éireann go luath i mí Feabhra.

Beidh an Taoiseach i gceannas ar bhaill den Chomh-aireacht a bhuailfidh le chéile le Feidhmeannas Thuaisceart Éireann faoi stiúir an Chéad-Aire Michelle O’Neill, MLA, agus Leas-Chéad Aire Emma Little-Pengelly, MLA. I ndiaidh an chruinnithe Iomlánaigh deiridh in Ard Mhaca i mí Aibreáin, is é an seal do Rialtas na hÉireann é a óstáil.

De réir dealraimh, díreoidh na díospóireachtaí ar réimsí comhleasa, agus ar chomhoibriú tríd an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas atá athbhunaithe agus na comhlachtaí forfheidhmithe Thuaidh Theas.

Ag labhairt dó roimh ré, dúirt an Taoiseach:

“Táim ag tnúth le mo chéad chruinniú iomlánach den Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas a óstáil mar Thaoiseach. Tugann sé deis rímhaith chun bualadh le Feidhmeannas Thuaisceart Éireann chomh luath i ndiaidh chuairt an bPríomh-Aire Starmer chuig Baile Átha Cliath, agus chun a chinntiú go bhfuil gach snáithe de Chomhaontú Aoine an Chéasta ag feidhmiú agus ag soláthar tairbhí do dhaoine ar fud an oileáin seo.”

“Úsáidfaidh mé an deis seo chun béim a chur ar mo thiomantas, mar Thaoiseach, do chomhairliúchán, chomhoibriú agus ghníomhaíocht Thuaidh Theas a láidriú. Le míonna beaga anuas, chonaiceamar go raibh garspriocanna bainte amach againn ar roinnt tionscadal Thuaidh-Theas agus uile-oileáin, cosúil le Droichead an Chaol Uisce agus leis an gCanáil Ulaidh. Tá deis ann anois trí theagmháil pholaitiúil ar fud an Rialtais le comhghleacaithe Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann, a aithint cá háit ar féidir linn cur chun cinn a dhéanamh ar an saol laethúil agus deiseanna a fheabhsú níos éifeachtaí ar an oileán seo trí chomhoibriú praiticiúil Thuaidh-Theas.”

CRÍOCH