An Taoiseach Leo Varadkar ag an gComhairle Eorpach sa Bhruiséil
- Foilsithe: 23 Márta 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá an Taoiseach Leo Varadkar sa Bhruiséil inniu ag cruinniú den Chomhairle Eorpach chun plé a dhéanamh ar an Úcráin, ar Chreat Windsor agus ar cheisteanna eacnamaíochta, fuinnimh agus imirce.
Beidh cruinniú ag na Ceannairí freisin le Rúnaí Ginearálta na Náisiún Aontaithe Antonio Guterres.
Ag labhairt dó roimh an gcruinniú, dúirt an Taoiseach:
“Labhair mé leis an Uachtarán Zelenskyy i rith na seachtaine agus thug sé an tuairisc is deireanaí dom ar an gcruachás anróiteach ar gá do mhuintir na hÚcráine aghaidh a thabhairt go leanúnach air. Táim ag teacht le chéile le Ceannairí eile an AE sa Bhruiséil agus athdhearbhú á dhéanamh againn ar an dlúthpháirtíocht leis an Úcráin agus ar an tacaíocht leanúnach polaitíochta, eacnamaíochta, míleata, airgeadais agus daonchairdis. Mar a dúramar cheana, seasfaimid leis an Úcráin chomh fada agus is gá.
“Beidh plé á dhéanamh againn ar chora nua le tamall anuas maidir le Creat Windsor, agus tarlóidh plé tábhachtach freisin ar cheisteanna eacnamaíochta, plé ar an dóigh ina gcinnteofar rachmas na hEorpa san am atá romhainn san áireamh. Beidh breis oibre á mholadh agamsa chun cur le hacmhainn iomaíochta eacnamaíocht na hEorpa ionas go dtugtar an leas is mó is féidir as an Margadh Aonair agus go spreagtar tuilleadh foráis. Ní mór dúinn brostú leis an aistriú glas, scileanna a fheabhsú, an Margadh Aonair a neartú agus beartas trádála atá oscailte ardaidhmeach a choinneáil ar bun.”