An Taoiseach Leo Varadkar ag freastal ar chruinniú speisialta den Chomhairle Eorpach
- Foilsithe: 31 Eanáir 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá an Taoiseach Leo Varadkar sa Bhruiséil tráthnóna le haghaidh seirbhís cuimhneacháin do Jacques Delors, iarUachtarán claochlaitheach an Choimisiúin Eorpaigh agus le haghaidh cruinniú speisialta den Chomhairle Eorpach faoin Úcráin agus Buiséad an Aontais Déardaoin.
Beidh an Taoiseach i láthair tráthnóna ag seirbhís cuimhneacháin do Jacques Delors a bhásaigh i mí na Nollag agus a chuidigh leis an margadh aonair, saoránacht Eorpach agus an euro a chur chun tosaigh. Ina dhiaidh sin beidh teacht le chéile neamhfhoirmeálta ar siúl ag ceannairí an Aontais.
Ag cruinniú speisialta an lae amárach den Chomhairle Eorpach, beidh sé d’aidhm ag na Ceannairí teacht ar chomhaontú maidir leis an athbhreithniú ar Bhuiséad an Aontais sna chéad cheithre bliana amach romhainn. Tugtar An Creat Airgeadais Ilbhliantúil air sin agus áirítear ann an leibhéal maoinithe ón Aontas don Úcráin idir seo agus 2028. Tá seans maith ann freisin go bpléifidh siad an scéal atá ag éirí níos measa sa Mheánoirthear mar aon leis an ngéarchéim dhaonnúil in Gaza.
Agus é ag labhairt roimh an gcruinniú, dúirt an Taoiseach:
“Tá sé ríthábhachtach go dtiocfaimid ar chomhaontú an tseachtain seo maidir le cúnamh don Úcráin agus Buiséad athbhreithnithe an Aontais. Ní mór dúinn tograí d’Áis ceithre bliana na hÚcráine ar fiú €50 billiún í a thabhairt chun críche - meascán de dheontais agus iasachtaí a theastaíonn go géar ón Úcráin chun cobhsaíocht airgeadais na tíre a chinntiú agus chun leanúint ar aghaidh ag cur seirbhísí riachtanacha ar fáil.
D'aontaíomar mí na Nollag seo caite, agus muid inár gCeannairí ar an Aontas, go bhféachfaimis arís ar Áis na hÚcráine ag cruinniú speisialta na seachtaine seo. Tá dhá bhliain ó rinne an Rúis ionradh ar an Úcráin ag teannadh linn agus sa chás gur aontaíodh an maoiniú seo, chuirfeadh sé in iúl go láidir do mhuintir na hÚcráine go bhfuilimid ag tacú leo go dtí an deireadh agus chuirfeadh sé in iúl go soiléir don Rúis nach féidir leo an bua a fháil.
Tá súil agam go mbeidh na 27 Ballstát ar fad in ann teacht le chéile agus teacht ar chomhaontú maidir le hÁis na hÚcráine. Mura féidir sin a dhéanamh, tá mé sásta réitigh eile a mheas. Is é an ní is tábhachtaí ná leanúint ar aghaidh ag cur tacaíocht ar fáil don Úcráin.
Pléifidh mé freisin an scéal uafásach in Gaza le mo chomhghleacaithe chomh maith leis an ngá atá le sos cogaidh láithreach. Is é sin an t-aon bhealach chun marú daoine neamhchiontacha eile a chosc, chun rochtain ar chúnamh daonnúil a bhfuil géarghá leis a thabhairt agus chun scaoileadh saor na ngiall atá coinnithe ag Hamas agus grúpaí sceimhlitheoireachta eile a éascú.
Bhí Jacque Delors ar dhuine de na pearsana is claochlaithí lena linn, a fuair bás mí na Nollag seo caite. Tá an oiread sin dul chun cinn Eorpach tarlaithe mar gheall ar a fhís agus a cheannaireacht ina Uachtarán ar an gCoimisiún Eorpach: ón margadh aonair agus an clár Erasmus, go dtí na chéad chéimeanna chuig saoránacht Eorpach agus an Euro. Tá áthas orm go raibh an deis seo agam chun a shaol agus ar na héachtaí a rinne sé a cheiliúradh le mo chomhghleacaithe.”
Críoch