English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An Taoiseach Leo Varadkar i láthair ag cruinniú na Comhairle Eorpaí

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 21 Márta 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Tabharfaidh an Taoiseach an t-eolas is déanaí do chomhghleacaithe maidir le cruinnithe leis an Uachtarán Biden

Leagfar béim ar an Meánoirthear, an Úcráin, an imirce agus an talmhaíocht

Tá an Taoiseach Leo Varadkar sa Bhruiséil inniu (Déardaoin) le haghaidh chruinniú dhá lá leis an gComhairle Eorpach maidir leis an Úcráin, an Meánoirthear, marú Alexei Navalny, ceisteanna seachtracha slándála agus cosanta eile, agus an imirce.

Cuirfidh an Taoiseach a chomhghleacaithe ar an eolas faoi na cruinnithe a bhí aige le déanaí leis an Uachtarán Biden agus le daoine sinsearacha eile sna Stáit Aontaithe.

Díreoidh an plé freisin ar thalmhaíocht, an cás sa Bhealarúis, méadú an Aontais, agus an Seimeastar Eorpach.

Cuirfear tús leis an gcruinniú dhá lá ag lón oibre le hArd-Rúnaí na Náisiún Aontaithe Guterres, agus Dé hAoine freastalóidh an Taoiseach agus ceannairí eile ar shearmanas chun comóradh 30 bliain a dhéanamh ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, a cheadaíonn don Íoslainn, an Lichtinstéin agus an Iorua a bheith mar chuid de Mhargadh Aonair an Aontais Eorpaigh. Is cruinniú mullaigh Eorpach maidir le saincheisteanna eacnamaíocha a bheidh sa seisiún deiridh.

Agus é ag labhairt roimh an gcruinniú, dúirt an Taoiseach:

"Is Comhairle Eorpach lán í seo atá ag plé le cuid de na saincheisteanna is tábhachtaí ar domhan sa lá atá inniu ann, amhail an Úcráin agus Gaza. Cuirfidh mé mo chomhghleacaithe ar an eolas faoi na cruinnithe a bhí agam le déanaí leis an Uachtarán Biden agus le daoine sinsearacha eile sna Stáit Aontaithe.

"Teastaíonn guth láidir aontaithe ón Aontas Eorpach maidir leis an ngéarchéim sa Mheánoirthear. Cuirfidh mé teachtaireacht na hÉireann in iúl arís nach féidir pionós comhchoiteann a ghearradh ar mhuintir Gaza as coireanna uafásacha Hamas, agus iarrfaidh mé sos comhraic láithreach, scaoileadh gan choinníoll gialla, agus méadú ollmhór ar chabhair.

"Ná déanadh Iosrael ionsaí talún in Rafah, áit a bhfuil os cionn milliún Palaistíneach tar éis teitheadh ar mhaithe leis an tsábháilteacht. Is cinnte go bhfuil na tionscnaimh is déanaí chun níos mó cabhrach a thabhairt isteach i nGaza ar muir agus san aer riachtanach, ach tá sé ríthábhachtach go gceadófar níos mó cabhrach i nGaza de bhóthar chun deireadh a chur leis an ngorta atá ag bagairt. Agus seachas sos comhraic láithreach, is é an seans is fearr síochána agus ceartais atá againn na Stáit Aontaithe agus an Eoraip próiseas a threorú chun réiteach dhá Stát a bheith ann agus Stát Palaistíneach mar thoradh air sin. Gabhaim buíochas freisin le hArd-Rúnaí na Náisiún Aontaithe Guterres as an ról ríthábhachtach atá ag gníomhaireachtaí na Náisiún Aontaithe sa Mheánoirthear, agus ba mhaith liom tacaíocht láidir a chur in iúl do Ghníomhaireacht na Náisiún Aontaithe um Fhóirithint, UNWRA.

"Ina theannta sin, leanfaidh an Chomhairle Eorpach uirthi ag cur tacaíocht sheasmhach ar fáil don Úcráin agus dá muintir cróga a fhad agus is gá. Tá muintir na hÚcráine ag fulaingt ó chogadh impiriúil na Rúise agus is ceist bhunúsach é don tslándáil Eorpach agus dhomhanda. Tá a fhios againn go bhféadfadh Putin teorainneacha an Aontais a chur i mbaol, go háirithe má éiríonn leis san Úcráin.

"Beidh plé tábhachtach ann freisin maidir le bearta d'fheirmeoirí, agus freastalóidh mé ar chruinniú mullaigh Eorpach maidir le hAontas na Margaí Caipitil a thabhairt chun críche, rud atá ríthábhachtach d'iomaíochas na hEorpa."