An Taoiseach Micheál Martin ag freastal ar Chruinniú Mullaigh na Ríochta Aontaithe-na hÉireann leis an bPríomh-Aire Keir Starmer
- Foilsithe: 5 Márta 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá an Taoiseach Micheál Martin ag taisteal inniu (Dé Céadaoin an 5 Márta) go hiarthuaisceart Shasana chun bualadh le Príomh-Aire na Breataine Keir Starmer don chéad sraith de shraith Cruinnithe Mullaigh bliantúla idir an Ríocht Aontaithe agus Éire a bheidh ar siúl sa Bhreatain an 5 agus an 6 Márta.
Mar chuid den chlár foriomlán, déanfaidh an Taoiseach agus an Príomh-Aire fáiltiú a óstáil in éineacht tráthnóna Dé Céadaoin, an 5 Márta, chun naisc chultúir na Breataine agus na hÉireann a cheiliúradh, agus tionólfar cruinniú comhchéime maidin Déardaoin, an 6 Márta, le roinnt gnólachtaí - ó ar fud na n-earnálacha teicneolaíochta, fuinnimh, tógála agus déantúsaíochta - a bhfuil oibríochtaí acu laistigh den Ríocht Aontaithe agus d’Éirinn agus ar fud na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann.
Beidh cruinniú iomlánach an chruinnithe mullaigh ar siúl Déardaoin, an 6 Márta. Beidh an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha agus an tAire Cosanta, Simon Harris, an tAire Oideachais agus Óige, Helen McEntee, an tAire Aeráide, Comhshaoil, Fuinnimh agus an tAire Iompair, Darragh O’Brien, agus an tAire Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce, Jim O’Callaghan, i láthair freisin.
Ag an gcruinniú mullaigh, aontóidh an Taoiseach agus an Príomh-Aire clár leathan de chomhoibriú straitéiseach nua feabhsaithe idir Éire agus an Ríocht Aontaithe a bheidh le tabhairt ar aghaidh ag an dá Rialtas go dtí 2030.
Ag labhairt dó roimh an gcruinniú mullaigh, dúirt an Taoiseach Micheál Martin:
“Tá an cruinniú mullaigh seo ar cheann de na cainteanna déthaobhacha is suntasaí idir Rialtas na Breataine agus Rialtas na hÉireann le glúin anuas agus léiríonn sé diongbháilteacht an Phríomh-Aire Keir Starmer agus mo dhiongbháilteacht féin na bunchlocha a leagan síos chun an comhar straitéiseach idir an dá thír a thabhairt go leibhéal nua.
“Tá fonn orm anois go mbeimis ag oibriú i gcomhpháirtíocht ar bhonn struchtúrtha agus leanúnach chun acmhainneacht iomlán chaidreamh na Breataine-na hÉireann a bhaint amach ar fud clár cuimsitheach comhoibrithe, lena n-áirítear seachadadh bonneagair, deiseanna do FBManna, pleanáil mhuirí, fuinneamh, oideachas agus cultúr.”