An Taoiseach Micheál Martin ag freastal ar Chruinniú Speisialta den Chomhairle Eorpach
- Foilsithe: 6 Márta 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá an Taoiseach Micheál Martin sa Bhruiséil inniu (Déardaoin) le bheith in éineacht le ceannairí an AE do chruinniú speisialta den Chomhairle Eorpach chun tacaíocht don Úcráin agus do shlándáil agus cosaint na hEorpa a phlé.
Agus é ag labhairt roimh an gcruinniú, dúirt an Taoiseach:
"Tar éis trí bliana cogaidh, tabharfaidh Ceannairí na hEorpa comhartha láidir dár ndúthracht dhosháraithe seasamh leis an Úcráin agus le muintir na hÚcráine. Is mian linn go léir deireadh a chur leis an gcogadh brúidiúil seo. Táimid ag iarraidh go mbeidh an Úcráin i staid láidir ag dul i mbun aon chaibidlíochta, agus ní mór dúinn a chinntiú gur féidir comhaontú síochána cuimsitheach cóir marthanach a bheith mar thoradh orthu. Ní mór don tsíocháin meas a léiriú do neamhspleáchas, ceannasacht agus iomláine chríochach na hÚcráine. Táim ag tnúth dul i mbun plé le comhghleacaithe faoin gcaoi is féidir linn oibriú i gcomhar leis an Úcráin agus le comhpháirtithe chun an sprioc sin a bhaint amach.
“Leanfaidh Éire den méid tacaíochta agus is féidir linn a chur ar fáil. An tseachtain seo, chomhaontaigh an rialtas €100 milliún breise de chúnamh míleata neamh-mharfach a chur ar fáil don Úcráin chun cabhrú léi leanúint de bheith á cosaint féin i gcoinne chogadh ionsaitheach leanúnach na Rúise.
“Beidh mé ag moladh freisin ag cruinniú an lae inniu go gcuirfí dlús le hiarratas na hÚcráine ar bhallraíocht san Aontas. Is féidir le ballraíocht san Aontas a bheith ina cuid thábhachtach de shraith níos leithne ráthaíochtaí slándála.
"Tá an Rúis fós ina bagairt ar shlándáil na hEorpa, agus ciallaíonn an staid gheopholaitiúil dhomhanda dhúshlánach nach mór don Eoraip níos mó a dhéanamh chun a slándáil agus a cosaint féin a dhaingniú. Níl Éire slán ó na bagairtí sin. Táimid ag cur lenár gcumais chosanta sa bhaile agus táimid réidh chun oibriú go cuiditheach le comhpháirtithe chun níos mó a dhéanamh le chéile.
“Déanfaimid amhlaidh agus meas iomlán á thabhairt againn dár mbeartas neodrachta míleata, ar beartas é a bhfuil tuiscint iomlán ag ár gcomhpháirtithe san Aontas air agus a bhfuil meas iomlán acu air.”