English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An Taoiseach Micheál Martin ag taisteal go Londain agus Washington d'Imeachtaí Lá Fhéile Pádraig

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 11 Márta 2022
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Taistealóidh an Taoiseach Micheál Martin go Londain inniu (Dé hAoine) le haghaidh tús clár imeachtaí chun Lá Fhéile Pádraig a chomóradh sa Ríocht Aontaithe agus in Washington DC araon.

An chuairt mar a thugtar go traidisiúnta ar an Teach Bán chun casadh le hUachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá Joe Biden Déardaoin an 17 Márta a chuirfidh bailchríoch ar an turas 8 lá ina bhféachtar leis na ceangail láidre cultúir agus eacnamaíochta atá idir Éire agus na Stáit Aontaithe agus an RA a cheiliúradh agus a neartú.

Tráthnóna, freastalóidh an Taoiseach ar ócáid arna hóstáil ag Ard-Mhéara Chathair Londan Vincent Keaveny, áit a gcasfaidh sé le lucht gnó ón RA agus as Éirinn.

Dé Sathairn, freastalóidh an Taoiseach ar imeacht gnó agus comhchéime de chuid Fiontraíocht Éireann ag Ambasáid na hÉireann.

Freastalóidh sé ansin ar chluiche na Sé Náisiún idir Éire agus Sasana i Twickenham. Beidh cruinniú déthaobhach aige le Príomh-Aire na Breataine, Boris Johnson.

Táthar ag súil go bpléifidh na ceannairí an caidreamh idir Éire agus an Bhreatain agus an ghéarchéim dhaonnúil leanúnach san Úcráin.

Cuirfear clabhsúr leis an lá le dinnéar, áit a mbeidh an Taoiseach ina aoi speisialta ag Coiste Báil Lá Fhéile Pádraig.

Dé Domhnaigh freastalóidh an Taoiseach ar Fhéile agus ar Pharáid Lá Fhéile Pádraig Londan, a dhéanfaidh ceiliúradh i mbliana ar ‘phobal’ agus oibrithe bunriachtanacha le linn phaindéim COVID-19.

Tabharfaidh an Taoiseach aghaidh ar Washington DC ansin do shraith coinní.

Beidh clár cultúir ar siúl Dé Máirt an 15 Márta, lena n-áirítear lón don Fheisire Richie Neal, searmanas in onóir d'iarcheannaire an SDLP agus don fheachtasóir um chearta sibhialta John Hume, fáiltiú Turasóireacht Éireann, agus taibhiú speisialta le Riverdance.

Beidh sraith de choinní eacnamaíochta ar siúl Dé Céadaoin an 16 Márta, lena n-áirítear plé comhchéime Feidhmiúcháin do Mhná i nGnó, imeacht Chomhlachas Tráchtála Mheiriceá agus Fhondúireacht Eolaíochta Éireann, agus an 30ú Féile Náisiúnta de chuid Chistí na hÉireann.

Beidh clár imeachtaí ar siúl Déardaoin an 17 Márta sa Teach Bán agus in Capitol Hill, lena n-áirítear bricfeasta arna óstáil ag Leas-Uachtarán na Stát Aontaithe Kamala Harris, Lón an Urlabhraí ar Capitol Hill, cruinniú déthaobhach idir an Taoiseach agus an tUachtarán Biden, chomh maith le Searmanas na Seamróige agus Fáiltiú traidisiúnta Lá Fhéile Pádraig an Ambasadóra.

I gcruinnithe, táthar ag súil go ndéanfaidh na ceannairí na ceangail láidre cultúir agus eacnamaíochta idir Éire agus na Stáit Aontaithe, chomh maith le cúrsaí sa Úcráin agus tacaíocht leanúnach do Chomhaontú Aoine an Chéasta a phlé.

CRÍOCH