An Taoiseach Micheál Martin i bPáras le freastal ar chruinniú na gceannairí i dtaca leis an Úcráin
- Foilsithe: 27 Márta 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá an Taoiseach Micheál Martin i bPáras inniu (Déardaoin) chun freastal ar chruinniú ceannairí arna thionól ag Uachtarán Macron na Fraince chun síocháin agus slándáil na hÚcráine a phlé. Beidh roinnt ceannairí Eorpacha eile, idir cheannairí AE agus neamh-AE, i láthair ag an gcruinniú.
Agus é ag labhairt roimh an gcruinniú, dúirt an Taoiseach:
"Tá mé ag tnúth le bualadh le comhcheannairí Eorpacha chun leanúint ar aghaidh leis an bplé maidir le tacaíocht don Úcráin.
"Déanfaimid machnamh ar na hiarrachtaí leanúnacha i dtreo sos cogaidh fiúntach, ar an gcaoi ar féidir linn tacú leis an sos cogaidh sin má thagann sé agus nuair a thiocfaidh sé, agus ar an gcaoi ar féidir linn cabhrú le síocháin chóir agus bhuan a chruthú a léiríonn meas ar neamhspleáchas, ceannas agus sláine críche na hÚcráine.
"Gné thábhachtach de sin is ea a chinntiú go mbeidh an Úcráin sa staid is fearr is féidir agus í ag dul i mbun idirbheartaíocht thábhachtach. Áirítear leis sin, ceist thábhachtach na cinnteachta slándála don Úcráin.
"Leanfaidh Éire uirthi ag tacú leis an Úcráin mar atá déanta againn go dtí seo, trí €100 milliún breise a chur i dtreo cúnamh míleata neamh-mharfach mar a d'aontaigh an Rialtas le déanaí. Táimid réidh le páirt a ghlacadh agus tacú le haon socrú sosa cogaidh agus síochána, i gcomhréir go hiomlán lenár mbeartas neodrachta míleata.
"Mar a dúirt mé cheana, ina measc sin, d'fhéadfadh rannpháirtíocht na hÉireann in aon mhisean síochánaíochta faoi shainordú a úsáid chun tacú le sos cogaidh, nó d'fhéadfadh tuilleadh oiliúna a bheith i gceist faoi Mhisean Cúnaimh Mhíleata an AE i réimsí ina bhfuil saineolas ar leith le tairiscint againn.
"Teastaíonn uainn go mbeadh an Úcráin sábháilte agus ceannasach agus agus go mbeadh an Eoraip seasmhach agus slán."