An Taoiseach Micheál Martin le bualadh le hAire Gnóthaí Eachtracha na Síne, a Shoilse Wang Yi
- Foilsithe: 17 Feabhra 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Buailfidh an Taoiseach Micheál Martin inniu (Dé Luain) le hAire Gnóthaí Eachtracha na Síne, an tUasal Wang Yi. Le linn a chuairte ar Bhaile Átha Cliath, casfaidh an tAire Wang Yi leis an Tánaiste Simon Harris freisin.
Agus é ag labhairt roimh an gcruinniú, dúirt an Taoiseach:
“Táim ag tnúth le fáilte a chur roimh an Aire Wang Yi chuig Tithe an Rialtais. I ndiaidh chuairt an Phríomh-Aire Li Qiang ar an tír anuraidh, tugann an cruinniú seo deis eile dúinn plé a dhéanamh chun an caidreamh idir Éire agus an tSín a neartú chomh maith le saincheisteanna domhanda.
“Tá an tSín anois ar an gcomhpháirtí trádála is mó atá ag Éirinn i réigiún an Aigéin Chiúin agus na hÁise.
“Is mian le hÉirinn na naisc sin a fhás ar bhealach inbhuanaithe, bunaithe ar iomaíocht chóir, i raon leathan earnálacha, lena n-áirítear i réimse an agraibhia.
"Pléifimid freisin ár dtiomantas comhroinnte don ord iltaobhach riailbhunaithe agus do chreataí comhaontaithe, lena n-áirítear i ndáil le trádáil.
“Ag tráth seo na héiginnteachta domhanda atá ag dul i méid, ní mór dúinn oibriú leis na comhpháirtithe uile chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na dúshláin chomhroinnte atá romhainn. Áirítear leis sin síocháin chóir inbhuanaithe a chinntiú san Úcráin bunaithe ar phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe agus oibriú chun sosanna comhraic a chothú sa Mheánoirthear agus chun síocháin bhuan a bhaint amach bunaithe ar réiteach dhá stát."