English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An Taoiseach Simon Harris ag freastal ar Chomhairle Eorpach neamhfhoirmiúil

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 17 Meitheamh 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Beidh an Taoiseach i dteannta chomhcheannairí an AE chun páirt a ghlacadh i bpléití ar thoradh na dtoghchán Eorpach agus ar na himpleachtaí a bhaineann leis sin maidir le ceapacháin chuig príomhinstitiúidí an AE.

Tá an Taoiseach Simon Harris sa Bhruiséil inniu (Dé Luain) do chruinniú neamhfhoirmiúil den Chomhairle Eorpach ina ndéanfar plé ar an gcéad timthriall institiúideach eile de chuid an AE tar éis thoradh na dtoghchán do Pharlaimint na hEorpa.

Agus é ag labhairt roimh an gcruinniú, dúirt an Taoiseach:

"Tar éis ceann de na bearta is mó sa daonlathas, táim ag tnúth le bheith i dteannta mo chomhcheannairí san AE chun machnamh a dhéanamh le chéile ar thoradh na dtoghchán do Pharlaimint na hEorpa agus ar a bhfuil i gceist leo don obair a dhéanfaidh an AE amach anseo.

Beidh institiúidí an AE lárnach chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá roimh gach duine de mhuintir na hEorpa agus chun réitigh chomhchoiteanna a sholáthar. Dá bhrí sin, tá sé de dhualgas orainne, mar cheannairí na mBallstát, an fhoireann cheart a ainmniú chun na hinstitiúidí sin a stiúradh go ceann cúig bliana, agus mianta daonlathacha ár saoránach mar a cuireadh in iúl sna toghcháin Eorpacha á gcur san áireamh.

Tá go leor dúshlán agus éiginnteachtaí móra os comhair na hEorpa. Tá cogaíocht ar bun ar mhór-roinn na hEorpa agus an Rúis ag leanúint den ionsaí gan staonadh ar an Úcráin. Tá tionchar millteanach daonnúil ag an gcoimhlint sa Mheánoirthear ar Gaza agus tá sí ina cúis le héagobhsaíocht chontúirteach sa réigiún. Déanann an t-athrú aeráide dochar tromchúiseach do shláinte ár bpláinéid agus imríonn sin tionchar ar dhaoine ar fud an domhain.

Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, go dtabharfaimid, an Chomhairle Eorpach, ár gcuid oibre ar na ceapacháin chuig institiúidí an AE chun críche a luaithe is féidir, agus go spreagfaimid Parlaimint na hEorpa nua chun é sin a dhéanamh freisin. Tá cobhsaíocht agus treo ag teastáil ó mhuintir na hEorpa agus tá sin tuillte acu má táimid chun dul i ngleic leis na dúshláin chasta sin a bhfuil gníomhaíocht i gcomhar ag teastáil ina leith."

CRÍOCH