English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An Taoiseach Simon Harris i gCív chun bualadh le hUachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelenskyy

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 4 Meán Fómhair 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Tá Taoiseach Simon Harris i gCív inniu (Dé Céadaoin) le haghaidh cruinniú déthaobhach le hUachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelenskyy.

Pléfidh siad cogadh ionsaitheach leanúnach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, tacaíocht an AE le haghaidh na hÚcráine agus a cosán i dtreo bhallraíocht, chomh maith le naisc dhéthaobhacha agus cabhair dhéthaobhach na hÉireann chun tacú leis an Úcráin.

Síneoidh Simon Harris agus Volodymyr Zelenskyy Comhaontú ar Thacaíocht agus Comhoibriú idir Éire agus an Úcráin freisin.

Tabharfaidh an Taoiseach cuairt freisin ar cheantair bhuamáilte agus mhillte de thoradh ionradh na Rúise agus bualfaidh sé le roinnt comhlachtaí agus carthanachtaí a oibríonn chun cabhair a thabhairt le saoránaigh Úcránach atá díláthraithe, gortaithe, faoi bhrón i ndiaidh bhásanna dhaoine muinteartha agus trámaithe.

Beidh roinnt cruinnithe ag Simon Harris mar gheall ar fhilleadh leanaí Úcránach a d’fhuadaigh an Rúis go dtí an Bhealarúis agus an Rúis.

Bualfaidh an Taoiseach freisin le Príomh-Aire na hÚcráine Denys Shmyhal.

Ag labhairt dó roimh an gcuairt, dúirt an Taoiseach Simon Harris:

“Tá lúchair orm a bheith san Úcráin chun a chlóisteáil go pearsanta ó Uachtarán Zelenskyy faoin gcás ar an talamh agus a fhéiceáil dom féin an tionchar atá aige ar shaol ghnáthdhaoine na hÚcráine.

Cuireann aerionsaí diúracán na Rúise agus marú na scór daoine in Poltava Dé Máirt i gcuimhne le gruama agus le huafás an bagairt atá roimh an Úcráin gach lá. Cuirimid ár bhfearg agus ár gcomhbhrón in iúl do theaglaigh dóibh siúd a fuair bás.”

Agus é ag trácht ar an gcuairt, dúirt an Taoiseach, “Le hUachtarán Zelenskyy, síneoidh mé Comhaontú ar Thacaíocht agus Chomhoibriú idir Éire agus an Úcráin. Tá sé soiléir ón méid seo gurb ionann luachanna na hÚcráine agus ár luachanna féin agus seasfaimid le muintir cróga na hÚcráine chomh fada agus a thógann sé”.

CRÍOCH.