An Taoiseach Simon Harris le bualadh le Príomh-Aire na Breataine, Keir Starmer
- Foilsithe: 17 Iúil 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Rachaidh an Taoiseach Simon Harris go Chequers inniu, Dé Céadaoin, chun cruinniú a bheith aige le Príomh-Aire nua na Breataine, Keir Starmer, chun an cuspóir atá acu beirt, caidreamh na Breataine-na hÉireann a athshocrú, a phlé.
Nuair a labhair an Taoiseach agus an Príomh-Aire ar an nguthán ar an 5 Iúil, d'aontaigh an dá cheannaire go raibh deis ann anois an caidreamh idir Éire agus an Ríocht Aontaithe a athshocrú agus a neartú. Chomh maith leis an gcaidreamh déthaobhach a phlé, táthar ag súil go bpléifidh an Taoiseach agus an Príomh-Aire Tuaisceart Éireann agus cúrsaí idirnáisiúnta, lena n-áirítear an méid atá ag tarlú in Gaza agus san Úcráin. Tabharfaidh an Taoiseach an t-eolas is déanaí don Phríomh-Aire faoi thosaíochtaí reatha an Aontais Eorpaigh agus roinnfidh na ceannairí a ndearcthaí féin ar an gcaidreamh atá idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe. Meastar go dtabharfaidh an cruinniú deis don dá cheannaire a dtiomantas faoi seach do Chomhaontú Aoine an Chéasta a athdhearbhú, agus do rún an dá Rialtas an t-athmhuintearas a chur chun cinn i dTuaisceart Éireann.
Ag labhairt dó roimh an gcruinniú, dúirt an Taoiseach:
“Is comhartha láidir é an cuireadh a thug an Príomh-Aire Starmer dom bualadh leis ag Chequers ar an luach atá aige ar an gcairdeas agus ar an dlúthcheangal faoinár éirigh leis an dá thír seo an oiread sin a bhaint amach le chéile san am atá caite, agus ar an luach atá aige an caidreamh a athshocrú ionas gur féidir linn go leor a bhaint amach le chéile arís san am atá romhainn.
“Táim ag tnúth le haithne a chur ar an bPríomh-Aire agus leis an bhfáilte mhór atá curtha roimhe go forleathan ar fud an Rialtais, agus ar fud na hÉireann ar bhonn níos leithne, a chur in iúl dó, chun an caidreamh atá againn leis an Ríocht Aontaithe ag an am seo a athshocrú. Táim lántiomanta do chomhpháirtíocht níos láidre, faoina léireofar meas don dá thír agus do chomhpháirtíocht uaillmhianach idir an dá thír, agus do thús a chur leis an obair chun an méid sin a bhaint amach."