English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An tEolas is Déanaí ar Thithíocht do Chách

- Cuireadh tús le tógáil 32,121 teach nua sna chéad chúig mhí de 2024.

- Tá Scéim an Chéad Bhaile ag tabhairt deis do na mílte saoránach a bheith ina n-úinéirí tí – Ceadaíodh os cionn 4,850 teach sa chéad dá bhliain den Scéim.

- Molta gur sprioc 8 seachtaine a bheadh ann maidir le tíolacadh agus probháid a chomhlánú.

- Rialálaí neamhspleách um Chaighdeáin Foirgníochta nua ceadaithe ag an Rialtas chun a chinntiú nach ndéanfar na botúin a rinneadh roimhe seo arís.

- Osclófar Iasacht Nua Athchóirithe agus Ceannaigh de chuid na nÚdarás Áitiúil le haghaidh iarratas ar an 22 Iúil.

D'fhoilsigh an Rialtas an t-eolas ráithiúil is déanaí faoi Thithíocht do Chách inniu, agus léirítear móiminteam láidir leanúnach i soláthar tithe nua agus dul chun cinn suntasach ar leasuithe bunúsacha ionas go leanfar ar aghaidh leis an treocht aníos seo.

Tá borradh faoi chúrsaí tithíochta go dtí seo i mbliana, agus cuireadh tús le beagnach 52,000 teach nua ó dheireadh mhí na Bealtaine seo caite go dtí deireadh mhí na Bealtaine na bliana seo, méadú os cionn 85% ar an 12 mhí roimhe sin. Tá obair mhór ar na bacáin agus beagnach 38,000 teach ceadaithe le haghaidh cead pleanála sa 12 mhí go dtí deireadh mhí an Mhárta 2024. Tá os cionn 25,000 teach sóisialta nua ar an láthair nó ag céim an deartha agus na tairisceana.

Tá an Rialtas dóchasach go leanfar leis an treocht seo maidir le spriocanna bliantúla Thithíocht do Chách a shárú agus go sárófar sprioc na bliana seo chomh maith.

Tá Tithíocht do Chách ag tabhairt deis do na mílte saoránach ar fud na tíre a bheith ina n-úinéirí tí. Ceadaíodh os cionn 4,850 ceannaitheoir faoi Scéim an Chéad Bhaile ó seoladh í dhá bhliain ó shin, agus ceannaíodh os cionn 1,900 teach cheana féin ag baint úsáid as an scéim. Rinneadh 4,200 éileamh faoin Scéim um Chúnamh chun Ceannaigh, a chabhraíonn le ceannaitheoirí céaduaire lena n-éarlais, sa chéad leath den bhliain seo, méadú beagnach 30% ar an tréimhse chéanna in 2023.

Ní hamháin go bhfuil Tithíocht do Chách ag cur na mílte teach ar fáil do dhaoine sa lá atá inniu ann, ach tá athchóiriú bunúsach á dhéanamh ar an earnáil tithíochta ionas go gcinnteofar soláthar amach anseo. Rinneadh dul chun cinn i Ráithe 2 maidir le hathchóiriú forleathan ar an gcóras pleanála agus cur chun cinn na nuálaíochta in earnáil na tógála.

Tugadh chun críche sa ráithe athbhreithniú tábhachtach ar na próisis tíolactha agus phrobháide. Cuirfear i bhfeidhm anois roinnt moltaí chun feabhas a chur ar an dá phróiseas, lena n-áirítear sprioc náisiúnta 8 seachtaine lena gcur i gcrích ionas nach mbeidh tithe a bhfuil géarghá leo folamh ar feadh tréimhsí fada ama.

Áirítear le Tithíocht do Chách athchóirithe tábhachtacha chun ardchaighdeáin agus cáilíocht a chur chun cinn sa tógáil, rud a chinntíonn nach ndéantar na botúin a rinneadh roimhe seo arís agus arís eile. I gcéim thábhachtach, d'aontaigh an Rialtas inniu go mbunófaí Rialtóir neamhspleách um Chaighdeáin Foirgníochta chun ról maoirseachta an Stáit a neartú, chun an baol go dtarlóidh teipeanna tógála a tharla roimhe seo a laghdú tuilleadh agus muinín an phobail i ngníomhaíocht a bhaineann le tógáil a mhéadú.

Osclófar Iasacht Ceannaigh agus Athchóirithe de chuid na nÚdarás Áitiúil a cheadaigh an Rialtas ag tús mhí an Mheithimh d’iarratais ón 22 Iúil ar fud na tíre. Tacóidh an iasacht, atá ina leathnú ar Iasacht Baile na nÚdarás Áitiúil, le ceannach agus athchóiriú tithe atá incháilithe faoin Deontas Athchóirithe Réadmhaoine Folmha atá ann cheana féin. Cuireann sé seo le tiomantas an Rialtais do thithe a úsáid arís, arbh é príomhchuspóir de chuid Thithíocht do Chách é, agus ag an am céanna bealach maoinithe eile a chur ar fáil do dhaoine aonair chun a sprioc maidir le húinéireacht tí a bhaint amach.

Mar thoradh ar an athrú go dtí seo faoi Thithíocht do Chách, is féidir linn anois cur leis an uaillmhian agus díriú ar leibhéil soláthair níos airde fós sna blianta amach romhainn. San fhómhar, foilseoidh an Rialtas Plean Gníomhaíochta nuashonraithe maidir le Tithíocht do Chách ina leagfar amach an chaoi a leanfar ar aghaidh leis an rath.

Ar na feabhsaithe a luaitear i dtuarascáil ar dhul chun cinn Thithíocht do Chách R2 2024, a foilsíodh inniu, áirítear:

• Fócas leanúnach ar réadmhaoin fholmha agus thréigthe a iompú ar ais ina dtithe, agus beagnach 8,200 iarratas agus os cionn 5,000 faomhadh faoin Deontas Athchóirithe Réadmhaoine Folmha, Iasacht Nua Ceannaigh agus Athchóirithe na nÚdarás Áitiúil (LAPR), agus 1,224 réadmhaoin fholmha agus thréigthe ceadaithe faoi Ghlao 3 den Chiste um Athghiniúint agus Forbairt Uirbeach (faoina bhféadfaí 5,406 teach a bhaint amach).

• 2,320 cláraithe do phrintíseachtaí don 10 bpríomhcheird tógála sa chéad leath den bhliain seo, méadú 8% ón tréimhse chéanna anuraidh.

• Dul chun cinn maidir le soláthar tithe ar Thailte Stáit, lena n-áirítear beagnach 300 teach nua i Seangánach agus an chéad chéim le cur ar fáil níos déanaí i mbliana, tógáil ar bun i Naomh Caoimhín i gCorcaigh agus iar-Bheairic Devoy sa Nás, agus dearadh mionsonraithe ar siúl ar roinnt suíomhanna eile ar fud na tíre.

• Tacaíocht leanúnach Stáit trí Thionscadal Tosaigh, agus tá 392 árasán nua á dtógáil anois sna Trasrianta, Baile Adaim.

• Dul chun cinn ar an mBille um Pleanáil agus Forbairt atá tar éis dul tríd an Dara Céim i Seanad Éireann.

• Seimineár Maoinithe Tithíochta ar an 3 Iúil chun na chéad chéimeanna eile a aithint leis na leibhéil riachtanacha airgeadais le haghaidh forbairt phríobháideach a mhealladh agus 50,000 teach nua a chur ar fáil in aghaidh na bliana.

• Dul chun cinn ar chur i bhfeidhm an Chláir um Sheachadadh Luathaithe chun breis agus 1,500 teach sóisialta nua a chur ar fáil trí úsáid a bhaint as Modhanna Nua-Aimseartha Tógála.

• Foilsiú Thuarascáil an Choimisiúin Tithíochta atá á hathbhreithniú anois ag an nGníomhaireacht Tithíochta ó thaobh costais, amlínte agus tosaíochta de.

• Athbhreithniú ar an earnáil phríobháideach cíosa a thabhairt chun críche chun tacú le margadh cíosa príobháideach a fheidhmíonn go maith.

• Staidéar ar Chostas Forbartha a chur i gcrích chun cabhrú le polasaithe a mbeidh tionchar acu ar chostas na tógála a threorú.

• Athbhreithniú ar struchtúr earnáil na tógála cónaithe in Éirinn, agus moltaí chun acmhainn seachadta a fheabhsú.

• Infheistíocht €100m chun níos mó ná 1,000 leaba agus reachtaíocht nua cóiríochta do mhic léinn a sholáthar chun léasanna a bhaineann go sonrach le mic léinn a chinntiú don bhliain acadúil thraidisiúnta ó Mheán Fómhair go Bealtaine.

• 71 post nua de chuid na n-údarás áitiúil chun cabhrú le tithíocht inacmhainne a chur ar fáil ar fud na tíre.

Agus é ag labhairt faoi fhógra an lae inniu, dúirt an Taoiseach Simon Harris:

"Tá tithíocht ar cheann de na dúshláin shochaíocha is mó atá romhainn. Léirítear comharthaí suntasacha dul chun cinn sa tuarascáil seo.

"Tá líon na dtithe ar tosaíodh orthu sna chéad chúig mhí i mbliana 147% níos airde ná an t-am seo anuraidh.

"Tá méadú 100% tagtha ar líon na dtithe a ceannaíodh le scéim an Chéad Bhaile ón tráth seo anuraidh.

"Tá go leor le déanamh agus inniu, d’aontaigh an Rialtas ar roinnt beart maidir le probháid, reachtaíocht i dtaca le sainchúram an Bhoird um Thionóntachtaí Cónaithe a fheabhsú agus reachtaíocht nua maidir leis an gceart teach a cheannach.

"Léiríonn sé seo fíorthiomantas an Rialtais níos mó tithe a chur ar fáil agus deis a thabhairt do dhaoine a bheith ina n-úinéirí tí."

Dúirt an Tánaiste Micheál Martin:

"Tá tithíocht ina príomhthosaíocht ag an Rialtas agus faoi Thithíocht do Chách, tá dul chun cinn ceart á dhéanamh. Táimid ag feiceáil an méid is mó tithe nua á dtógáil in 2024 agus tá an-obair ar na bacáin chun leanúint ar aghaidh leis sin an bhliain seo chugainn agus níos faide ar aghaidh.

"Tá Tithíocht do Chách ag déanamh difríocht mhór agus táthar ag cabhrú le ceannaitheoirí céaduaire a dteach féin a cheannach. Ó seoladh é dhá bhliain ó shin, ceadaíodh os cionn 4,850 duine aonair agus lánúin faoi Scéim an Chéad Bhaile. Chomh maith leis sin, thacaigh an Scéim um Chúnamh chun Ceannaigh le breis agus 4,200 duine a gcéad teach a cheannach sa chéad leath den bhliain seo amháin."

Dúirt an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O'Gorman :

"Is iad na foirgnimh is inbhuanaithe atá againn na foirgnimh atá ann cheana féin, agus is cúis áthais dom go bhfuil dul chun cinn leanúnach á dhéanamh ar fud na tíre chun dul i ngleic le foirgnimh fholmha agus thréigthe. Fuarthas iarratais ar an Deontas Athchóirithe Réadmhaoine Foilmhe i ngach údarás áitiúil, agus ceadaíodh níos mó ná 5,000 go dtí seo.

"D'fhonn na huimhreacha seo a mhéadú níos mó fós, cuirfear síneadh le scéim Iasachta Baile na nÚdarás Áitiúil ón tseachtain seo chugainn ionas gur féidir le daoine a bhfuil suim acu teach folamh a athchóiriú iasacht a fháil óna gcomhairle áitiúil chun é sin a dhéanamh.

"Trí sheantithe a úsáid arís ar an mbealach seo, táimid ag cur beocht nua sna bailte agus sna sráidbhailte."

Dúirt an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O'Brien:

"Tá soláthar tithe nua ag méadú faoi Thithíocht do Chách. Cuireadh tús le tógáil ar bhreis is 32,000 teach nua sna chéad chúig mhí den bhliain seo. Tá sé sin 147% níos airde ná an tréimhse cúig mhí chéanna in 2023 agus is fíorfhianaise é go bhfuil fíorthionchar ag tionscnaimh Rialtais amhail tarscaoileadh ranníocaíochtaí forbartha agus scéim lacáiste nasctha Uisce Éireann. Táim ag súil go leanfaidh an treocht dhearfach ar aghaidh nuair a fhoilseofar sonraí tógála i mí an Mheithimh níos déanaí an tseachtain seo.

"Cé go bhfuil méadú suntasach á dhéanamh againn ar an stoc tithíochta, tá sé ríthábhachtach go gcinnteoimid go mbeidh na tithe atá á dtógáil anois ar an gcaighdeán is airde. D'aontaigh an Chomh-aireacht inniu le dréachtú reachtaíochta a bheidh mar bhonn faoi Údarás Rialála nua um Chaighdeáin Foirgníochta a spreagfaidh ní hamháin comhlíonadh agus a neartóidh maoirseacht, ach a fheabhsóidh comhsheasmhacht agus a chuirfidh le muinín an phobail i ngníomhaíocht a bhaineann le tógáil.

"Mar a dúirt mé i gcónaí, ní srian ná teorainn ar an uaillmhian iad na spriocanna atá againn faoi Thithíocht do Chách, agus cruthaíodh é sin faoi dhó anois agus na spriocanna foriomlána á sárú in 2022 agus 2023 araon. I réimse an fholúntais go háirithe, tá béim mhór againn ar thithe folmha a úsáid arís agus le déanaí rinneadh sárú dúbailte ar an sprioc tosaigh faoin Deontas Athchóirithe Réadmhaoine Folmha agus é anois ag 4,000 teach. Is léir go bhfuil sé ag dul ó neart go neart i gcónaí leis na mílte iarratas ann go dtí seo ó gach cearn den tír.

"Tá mé ag súil le spriocanna nua a fhoilsiú san fhómhar agus leanúint ar aghaidh ag úsáid gach uirlis atá againn chun iad a bhaint amach agus a shárú nuair is féidir."

Nótaí d'Eagarthóirí

Tithíocht do Chách

• Is plean tithíochta an Rialtais d’Éirinn suas go dtí an bhliain 2030 é ‘Tithíocht do Chách’. Is féidir é a léamh ag Item was unpublished or removed Is é cuspóir iomlán an phlean ná: ‘Ba cheart go mbeadh rochtain ag gach duine sa Stát ar áras cónaithe le ceannach nó le fáil ar cíos a bhfuil costas inacmhainne air, atá tógtha ar ardchaighdeán agus atá tógtha san áit cheart agus a chuirfeadh caighdeán ard saoil ar fáil.’

• Is féidir an Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn maidir le Tithíocht do Chách R2 2024 a léamh anseo.

• Is féidir an tAthbhreithniú ar Chíos Príobháideach a léamh anseo.

• Is féidir tuilleadh eolais faoin Rialálaí um Chaighdeáin Foirgníochta a fháil anseo.

An Sainghrúpa um Thíolacadh agus Probháid

• Is féidir Tuarascáil an tSainghrúpa um Thíolacadh agus Probháid a léamh anseo.

• D'fhaomh an Rialtas bunú Grúpa Forfheidhmithe chun dul ar aghaidh le moltaí an tSainghrúpa, atá infheidhmithe sa ghearrthéarma, agus maoirseacht á déanamh, laistigh de shé mhí, ar dhréachtú Plean Forfheidhmithe do na gníomhartha atá fágtha.

CRÍOCH