English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An tEolas is Déanaí maidir le Tithíocht do Chách

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 11 Iúil 2023
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

- Ciste €150m tugtha isteach ag an Rialtas chun deireadh a chur le tithe atá folamh go fadtréimhseach agus tithe tréigthe i mbailte & i gcathracha

- Gealltanas nua go mbainfear leas go forleathan as Modhanna Nua-Aimseartha Tógála i dtithíocht phoiblí

- Dul chun cinn mór déanta i mbliana agus obair thógála tosaithe ar 13,000 teach nua & an líon is mó daoine riamh ag ceannach a dtí féin, rud atá curtha chun cinn ag scéimeanna amhail Scéim um Chuidiú le Ceannach & Scéim an Chéad Bhaile

D’fhógair an Taoiseach, an Tánaiste, na hAirí Eamon Ryan agus Darragh O’Brien sonraí inniu maidir le ciste €150 milliún chun deireadh a chur le tithe atá folamh go fadtréimhseach agus le tithe tréigthe i mbailte agus i gcathracha. Is féidir leis an gciste athrú ó bhonn a dhéanamh ar áiteanna ar fud na tíre agus pobail bhríomhara a chur chun cinn in lárionaid uirbeacha na hÉireann.

Fógraíodh an maoiniú seo mar chuid den nuashonrú ráithiúil ar dhul chun cinn maidir le Tithíocht do Chách, agus beidh sé ar fáil d’údaráis áitiúla le haghaidh bailte agus cathracha atá incháilithe don Chiste um Athghiniúint agus Forbairt Uirbeach. Chuir údaráis áitiúla in iúl, nuair a bhí iarratas ar mhaoiniú á dhéanamh acu, go bhféadfaidís tionscadail a chruthódh 4,850 aonad cónaithe a aithint. Gheobhaidh údaráis áitiúla deontas don chostas iomlán 100% maidir le maoine oiriúnacha, a aithníodh laistigh dá bpobail, a fháil, rud a léiríonn an ardtosaíocht atá leagtha síos ag an Rialtas chun níos mó lóistín a chur ar fáil agus aghaidh a thabhairt ar thithe tréigthe. Cuireann sé sin le roinnt scéimeanna atá ann cheana chun aghaidh a thabhairt ar thithe folamha agus tithe tréigthe.

Chuir an Taoiseach, an Tánaiste, an tAire Eamon Ryan agus an tAire Darragh O’Brien in iúl freisin go bhfuil siad tugtha do bhorradh a chur faoi nuálaíocht agus acmhainní san earnáil tógála trí Threochlár chun Leas Níos Mó a bhaint as Modhanna Nua-Aimseartha Tógála i Soláthar Tithíochta Sóisialta a fhoilsiú. Tá sé de chumas ag Modhanna Nua-Aimseartha Tógála feabhas as cuimse a chur ar tháirgiúlacht, nuálaíocht, luas seachadta, inbhuanaitheacht agus costais ar deireadh thiar san earnáil tógála. Tá an Stát ag tabhairt ceannaireacht le dea-shampla trí na modhanna nuálacha a leabú ina chlár tithíochta poiblí.

Léirítear san athbhreithniú ráithiúil seo móiminteam maith leanúnach i mbliana agus obair tosaithe ar 13,000 teach nua ó bhí mí Eanáir ann, agus an líon is mó daoine riamh ag ceannach a dtí féin, rud atá curtha chun cinn ag scéimeanna amhail Scéim um Chuidiú le Ceannach & Scéim an Chéad Bhaile. I ráithe 2, tugadh cead pleanála do níos mó ná 2,500 teach ar Thailte Stáit, leithdháileadh maoiniú €104 milliún chun 853 teach sóisialta agus inacmhainne a thógáil ar Bhóthar Oscair Mhic Thréinir, agus leithdháileadh maoiniú €62 milliún do níos mó ná 1,000 leaba i lóistín do mhic léinn. Síníodh an chéad chonradh faoin Scéim, Croí Cónaithe (Cathracha), chun tús a chur le tithe d’úinéirí lonnaitheacha a thógáil. Tá athbhreithniú ar an gCreat Pleanála Náisiúnta tosaithe chomh maith le comhairliúchán poiblí ar thodhchaí na hEarnála Cíosa in Éirinn agus tá Plean Gníomhaithe nua á fhorbairt chun gairmeacha beatha i dtionscadal na tógála a chur chun cinn.

Le linn don Taoiseach Leo Varadkar TD a bheith ag nochtadh tuairimí faoi fhoilsiú na tuarascála, dúirt sé:

“Tá an tógáil tosaithe ar bheagnach 13,000 teach agus muid leath bealaigh tríd an mbliain agus tá dul chun cinn láidir á dhéanamh againn agus an chuid eile den bhliain amach romhainn. Tá muinín againn go mbainfidh muid amach nó go sáróidh muid na spriocanna tithíochta atá againn don bhliain seo chugainn maidir le 29,000 teach, lóistín do mhic léinn agus athchóiriú. Bhí an líon ceadanna pleanála a bronnadh i ráithe 1 40% níos airde ná an líon a bhí ann sa tréimhse chéanna anuraidh, agus tá níos mó daoine ag ceannach a gcéad tí ná mar a ceannaíodh i dtréimhse ar bith le níos mó ná deich mbliana anuas. Tá cead á thabhairt do níos mó ná 700 ceannaitheoir tí céaduaire gach seachtain chun morgáiste a fháil. Is é sin an figiúr is airde ó tosaíodh ag coimeád taifead.

Tá muid ag tógáil níos mó tithe sóisialta ná mar a tógadh in aon bhliain eile ó 1975 i leith. Sa dara ráithe den bhliain, cheadaigh muid maoiniú €100 milliún chun níos mó ná 800 teach sóisialta agus inacmhainne a thógáil ar Bhóthar Oscair Mhic Thréinir, Baile Átha Cliath, fuair muid cead pleanála do níos mó ná 2,500 teach atá le tógáil ag an nGníomhaireacht Forbartha Talún ar Thailte Stáit agus leithdháil muid maoiniú €60 milliún do níos mó ná 1,000 árasán do mhic léinn.

Inniu tá ciste €150 milliún á fhógairt againn chun beocht a chur i mbailte agus i gcathracha na hÉireann. Cuireann an tionscnamh seo leis na gníomhartha atá ar bun againn cheana féin. Déanann sé ciall díriú ar thithe tréigthe agus folmha. Tá cumas ar leith ag an tionscnamh seo beocht a chur i sráidbhailte, i mbailte agus i gcathracha na hÉireann. Agus leis an gciste seo, anois tá sraith chuimsitheach beart i bhfeidhm againn lena chinntiú go bhfuil gach duine – ceannaitheoirí aonair, forbróirí agus údaráis áitiúla – spreagtha chun maoine atá as úsáid a thabhairt ar ais in úsáid.”

Is éard a dúirt an Tánaiste Micheál Martin:

“I dtaca le cúrsaí tithíochta, is é soláthar, soláthar, soláthar an freagra, agus tá níos mó soláthair de gach cineál tithíochta ag teastáil uainn. In ainneoin na ndúshlán, tá muid ag déanamh an-dul chun cinn faoi Thithíocht do Chách agus tá níos mó tithe sóisialta, inacmhainne agus cíosa costais á dtógáil againn.

Chun an soláthar tithe nua a mhéadú tuilleadh, tá lucht saothair láidir ag teastáil uainn agus tá Plean Gníomhaithe nua forbartha againn chun an tógáil a chur chun cinn mar ghairm bheatha tharraingteach do dhaoine óga agus lena chinntiú go mbeidh níos mó cumais agus acmhainní san earnáil tógála.

Is éard a dúirt an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus an tAire Iompair, Eamon Ryan:

“Má bhaintear leas as Modhanna Nua-Aimseartha Tógála, tá sé de chumas aige sin feabhas suntasach a chur ar tháirgiúlacht agus inbhuanaitheacht na hearnála tógála agus costais a laghdú ag an am céanna freisin. Is ionann an ‘Treochlár chun Leas Níos Mó a bhaint as Modhanna Nua-Aimseartha Tógála i Soláthar Tithíochta Sóisialta’ agus tionscnamh ollmhór claochlaitheach nuálaíochta san earnáil phoiblí le go mbeifear in ann soláthar tithe nua a mhéadú trí úsáid a bhaint Modhanna Nua-Aimseartha Tógála. Cuirfidh sé sin le haschuir an Ghrúpa Oibre maidir le hAdhmad i dTionscal na Tógála atá le teacht go luath le go mbeidh muid in ann tithíocht inbhuanaithe a thógáil ar chostas níos ísle trí úsáid a bhaint as ábhar a fhástar sa bhaile.

Is éard a dúirt an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien TD freisin: “Inniu tá ciste imrothlach €150m á fhógairt againn chun aghaidh a thabhairt go sonrach ar thithe atá folamh go fadtréimhseach agus ar thithe tréigthe laistigh de bhailte agus cathracha. Leis an gciste sin, cuideofar leis an gcroílár uirbeach atá ag go leor pobal a athneartú, cuirfear níos mó tithe ar fáil in áiteanna le go mbeidh daoine in ann a bheith ina gcónaí in aice le seirbhísí áitiúla, áiseanna, agus fostaíocht agus go deimhin tá sé de chumas ag an gciste seo athrú mór a dhéanamh.

Dúirt an Rialtas go seasta go mbainfidh muid leas as gach uirlis atá againn le dul i ngleic leis na dúshláin tithíochta atá againn agus sin go díreach atá á dhéanamh againn. Tríd an gciste seo, beidh muid níos tapa ag tabhairt foirgnimh fholmha agus thréigthe ar ais le húsáid thairbheach a bhaint astu mar thithe nua do dhaoine.”

Is éard a dúirt an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, Simon Harris TD: “Chun dlús a chur le tógáil chónaithe, is fúinne atá sé a chinntiú go gcuirfidh muid cúrsaí agus cláir oiliúna ar fáil chun freastal ar éilimh, rud a chuireann daoine cumasacha sároilte, éagsúla agus saibhre ar fáil. Tá réimsí amhail Modhanna Nua-Aimseartha Tógála á gcur chun cinn agus á dtabhairt chun tosaigh, agus tá ár lucht saothair ag forbairt scileanna agus eolais maidir le tuiscint ar chúrsaí comhshaoil agus inbhuanaitheachta. D’fhógair mé an tseachtain seo caite gur fhorbair agus nuachóirigh an Campas Náisiúnta Oiliúna Tógála in Mount Lucas réimse clár nua tógála chun soláthar a fheabhsú tuilleadh.”

Is éard a dúirt an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, Simon Coveney TD:

“Inniu tá ‘Treochlár chun Leas Níos Mó a bhaint as Modhanna Nua-Aimseartha Tógála i Soláthar Tithíochta Sóisialta’ á fhoilsiú againn. Léirítear sa treochlár sin tiomantas an Rialtais le teacht ar na modhanna tógála is forbartha chun tithíocht nua a chur ar fáil ar bhealach níos éifeachtúla, níos inbhuanaithe agus le hinacmhainneacht fheabhsaithe. Táim ag súil le hobair a dhéanamh ar fud an Rialtais agus ar fud thionscal na tógála chun an t-éiceachóras a fhorbairt le go mbeidh Modhanna Nua-Aimseartha Tógála faoi bhláth.”

CRÍOCH

Nótaí d’Eagarthóirí

R2 2023 An méid atá bainte amach

Is éard is bun agus barr an phlean, Tithíocht do Chách, ná an soláthar tithe a bhfuil géarghá leis a mhéadú. Le linn R2 2023, tá an dul chun cinn seo a leanas déanta againn i leith na haidhme sin:

  • 6,716 teach nua curtha i gcrích sna chéad trí mhí den bhliain 2023, sin méadú 20% beagnach ar an méid a bhí ann le linn na tréimhse céanna sa bhliain 2022.
  • Obair thógála tosaithe ar 12,987 teach nua sna chéad chúig mhí den bhliain 2023, sin ardú 7% i gcomparáid leis an tréimhse chéanna sa bhliain 2022.
  • Tá an soláthar tithe a bheidh ann amach anseo láidir agus cead pleanála faighte le haghaidh 11,659 teach nua i R1 2023. Is ionann sin agus méadú 37.8% i gcomparáid le R1 2022.
  • Ciste imrothlach €150m tugtha isteach chun aghaidh a thabhairt ar thithe atá folamh go fadtréimhseach agus ar thithe tréigthe laistigh de bhailte agus cathracha. [Féach ar an tábla thíos le sonraí faoi leithdháiltí Údaráis Áitiúil]
  • Modhanna Nua-Aimseartha Tógála - foilsiú an ‘Treochláir chun Leas Níos Mó a bhaint as Modhanna Nua-Aimseartha Tógála i Soláthar Tithíochta Sóisialta’.
  • Bearta chun feabhas a chur ar achmhainní na hearnála tógála, lena n-áirítear Plean Gníomhaithe nua chun gairmeacha beatha i dtionscal na tógála agus imeachtaí idirnáisiúnta earcaíochta san Afraic Theas a chur chun cinn.
  • Printíseachtaí a bhaineann leis an tógáil - sa chéad leath den bhliain 2023, tháinig ardú 7% ar chlárúcháin printíseachtaí agus tháinig ardú 13% ar theastais printíseachtaí i gcomparáid leis an tréimhse chéanna sa bhliain 2022.
  • Dreasachtaí le tús a chur le níos mó soláthair tithíochta, lena n-áirítear gan na ranníocaíochtaí forbartha údaráis áitiúil a iarraidh ar bhonn sealadach agus táillí Uisce Éireann agus táillí ceangail fuíolluisce a aisíoc.
  • Tugadh cead pleanála do 2,557 teach nua ar Thailte Stáit i nDún Droma (852 aonad), Baile an Haicéadaigh (345), Fearann an Chaisleáin (817) agus Gairdíní San Treasa (543).
  • Maoiniú €104m ceadaithe do 853 teach sóisialta agus inacmhainne a thógáil ar Bhóthar Oscair Mhic Thréinir sa Chúlóg, Baile Átha Cliath.
  • Scéim Croí Cónaithe (Cathracha): An chéad chonradh faoin Scéim sínithe ar an 4 Iúil 2023. Tá measúnuithe á gcur i gcrích ag an nGníomhaireacht Tithíochta ar thionscadail a bhfuil sé de chumas acu 1,530 árasán úinéir-áitithe eile a chur ar fáil. An dara glao faoin Scéim Croí Cónaithe (Cathracha), seolta ar an 8 Iúil 2023.
  • An Creat Náisiúnta Pleanála - tús curtha le hathbhreithniú ar an gCreat Náisiúnta Pleanála agus treochlár foilsithe ina leagtar amach an próiseas agus an amlíne don athbhreithniú.
  • Tús curtha ag an nGníomhaireacht Forbartha Talún le próiseas soláthair do Chéim 2 den tionscadal Project Tosaigh. Go dtí seo, tá téarmaí tráchtála conraithe nó aontaithe ag an nGníomhaireacht Forbartha Talún chun 2,000 teach a chur ar fáil faoi Chéim 1 den Scéim.
  • Deontas Athchóirithe do Mhaoine Folmha: Tháinig ardú ar na rátaí suas go €50,000 do mhaoine folmha agus €70,000 do mhaoine tréigthe agus bhí 20% níos mó ar fáil chun maoine ar oileáin amach ó chósta na hÉireann a athchóiriú faoi Pholasaí nua Náisiúnta na nOileán. Cuireadh síneadh leis an deontas freisin chun maoine ar léas agus maoine a tógadh suas go dtí 2007 agus an bhliain sin a chur san áireamh.
  • Plean Cur Chun Feidhme don Straitéis Náisiúnta Tithíochta do Dhaoine faoi Mhíchumas foilsithe chun daoine faoi mhíchumas a éascú le go mbeidh siad in ann a bheith ina gcónaí go neamhspleách ina bpobal féin.
  • 12,300 duine níos sine agus faoi mhíchumas le tairbhe a bhaint as maoiniú €83 milliún ón Deontas Oiriúnaithe Tithíochta.
  • Maoiniú €62m chun níos mó ná 1,000 leaba lóistín do mhic léinn a chur ar fáil agus obair ar bun chun lóistín do mhic léinn a phleanáil ar fud na hearnála ardoideachais teicneolaíochta.
  • Athbhreithniú ó Mhaoiniú Teaghais-Tógála Éireann foilsithe, rud atá mar bhonn agus mar thaca ag an ngá atá le feidhmiú leanúnach sa mhargadh d’fhonn tacú le soláthar tithe.
  • Cead pleanála le coinníollacha faighte ag 31,000 teach, rud a chuir srian ar an mbulc-cheannach nó díolacháin iolracha le ceannaitheoir aonair idir Bealtaine 2021 agus Bealtaine 2023.
  • Athbhreithniú ar an Margadh Príobháideach Cíosa - tús curtha le Comhairliúchán Poiblí ar fheidhmiú níos fearr na hearnála príobháidí cíosa agus beidh sé oscailte go dtí an 26 Iúil 2023.
  • Leasuithe ar Chonradh na nOibreacha Poiblí chun cinnteacht níos fearr a thabhairt maidir le riosca mar fhreagra ar dhúshláin leanúnacha sa mhargadh tógála.
  • Staidéar ar Dheiseanna d’Fhorbairt Dírithe ar Iompar i mBaile Átha Cliath foilsithe - tá forbairt ar bun i gcónaí ar naoi gcinn de cheithre láthair déag a aithníodh ar a bhféadfaí 130,000 teach nua a chur ar fáil.

Leithdháiltí an Chiste um Athghiniúint agus Forbairt Uirbeach

An t-údarás áitiúil Leithdháileadh Maoinithe
Carlow County Council €1,500,000
Cavan County Council €3,500,000
Clare County Council €2,500,000
Cork City Council €6,000,000
Cork County Council €5,000,000
Donegal County Council €4,000,000
Dublin City Council €10,000,000
Dun Laoghaire – Rathdown County Council €6,000,000
Fingal County Council €7,000,000
Galway City Council €3,000,000
Galway County Council €2,000,000
Kerry County Council €2,500,000
Kildare County Council €4,000, 000
Kilkenny County Council €6,000,000
Laois County Council €2,000,000
Leitrim County Council €1,000,000
Limerick County Council €9,000,000
Longford County Council €1,500,000
Louth County Council €7,000,000
Mayo County Council €2,000,000
Meath County Council €6,500,000
Monaghan County Council €1,500,000
Offaly County Council €2,000,000
Roscommon County Council €1,000,000
Sligo County Council €2,000,000
South County Dublin Council €6,000,000
Tipperary County Council €5,000,000
Waterford City and County Council €9,000,000
Westmeath County Council €2,500,000
Wexford County Council €6,500,000
Wicklow County Council €2,500,000
  • Tá €20m eile den chiste €150m coinnithe siar faoi láthair lena chinntiú go mbeidh maoiniú ar fáil do bhailte breise a mheastar a rachaidh isteach ar chlár an Chiste um Athghiniúint agus Forbairt Uirbeach nuair a fhoilseofar sonraí riachtanacha daonra agus fostaíochta na Príomh-Oifige Staidrimh níos déanaí i mbliana.

Tithíocht do Chách

• Is plean tithíochta an Rialtais d’Éirinn suas go dtí an bhliain 2030 é ‘Tithíocht do Chách’. Is féidir é a léamh ag www.gov.ie/housingforall. Is é cuspóir iomlán an phlean ná: ‘Ba cheart go mbeadh rochtain ag gach duine sa Stát ar theach le ceannach nó le fáil ar cíos a bhfuil costas inacmhainne air, atá tógtha ar ardchaighdeán agus atá tógtha san áit cheart agus a chuirfeadh caighdeán ard saoil ar fáil.’

• Is féidir Tithíocht do Chách - Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn R4 2023 agus Tuarascáil Ráithiúil ar Staidreamh a léamh anseo

• Is féidir an Treochlár chun Leas Níos Mó a bhaint as Modhanna Nua-Aimseartha Tógála i Soláthar Tithíochta Sóisialta a léamh anseo

• Is féidir an Treoir Thosaigh ar Mhodhanna Nua-Aimseartha Tógála a léamh anseo