English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An tEolas is Déanaí maidir le Tithíocht do Chách

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 25 Eanáir 2024
  • An t-eolas is déanaí: 23 Bealtaine 2024

- 32,695 áras nua cónaithe a críochnaíodh sa bhliain 2023, an líon is airde in aon bhliain amháin le 15 bliana anuas

- Sruth leanúnach láidir agus tús curtha leis an obair thógála ar 32,800 áras nua anuraidh, ardú 22% le hais líon na bliana 2022

Bhí líon na n-áras nua cónaithe a cuireadh ar fáil anuraidh ar an líon ab airde le cúig bliana déag anuas. Tugadh 32,695 áras chun críche sa bhliain 2023, 10% níos airde ná líon na bliana 2022 agus beagnach 13% níos airde ná an sprioc a leagadh amach don bhliain 2023 in Tithíocht do Chách.

D'fhógair an Taoiseach Leo Varadkar, an Tánaiste Micheál Martin, an tAire Eamon Ryan agus an tAire Darragh O’Brien sin an tráth céanna a raith an tuairisc is deireanaí ar an dul chun cinn maidir le Tithíocht do Chách á foilsiú agus gheall na Ceannairí Rialtais go leanfar faoin bPlean ag brú chun cinn maidir le borradh a chur faoin soláthar tithíochta.

Tá na spriocanna faoi Thithíocht do Chách don dá bhliain iomlána ó seoladh an Plean sáraithe ag an Rialtas. Tá sruth láidir i gceist freisin agus tús á chur le linn na bliana 2023 leis an obair thógála ar 32,800 áras nua agus cead pleanála á thabhairt maidir le breis agus 37,600 áras.

Is léir ó na figiúirí go bhfuil toradh fónta ar thionscnaimh a fhágann gur indéanta áras cónaithe a cheannach, mar shampla Scéim an Chéad Bhaile agus Cuidiú le Ceannach. Ceadaíodh morgáiste do líon níos mó ná 30,500 Ceannaitheoir Céaduaire le linn na 12 mí anall go mí na Samhna 2023.

Tá árais a bhíodh folamh nó tréigthe á gcur ar ais in úsáid freisin agus ceadaíodh beagán sa bhreis ar 3,000 iarratas ar Dheontas Athchóiriúcháin do Thithe Folmha anuraidh.

Cuireadh tús leis an obair thógála ar líon níos mó ná 2,000 áras nua cónaithe ar shuíomhanna ar Thailte an Stáit i mí na Nollag 2023, ina measc 219 áras inacmhainne nua sóisialta mar a mbíodh an tseanbheairic i nDún Uí Dhubhuí, an Nás, níos mó ná 1,000 árasán i nGairdíní Uí Dhuibheannaigh agus níos mó ná 850 áras nua cónaithe ar Bhóthar Oscair Mhic Thréinir.

D'fhógair an Ghníomhaireacht Forbartha Talún níos luaithe an mhí seo gur osclaíodh na hiarratais maidir le líon níos mó ná 600 árasán nua ar Cíos Costais ar fud ceithre cinn de láithreacha i mBaile Átha Cliath agus i gCill Dara. Tá na hárais nua seo á gcur ar fáil faoin Tionscadal Tosaigh agus an cíos 25% ar a laghad níos ísle ná rátaí an mhargaidh.

Tá cead pleanála reatha ag an nGníomhaireacht Forbartha Talún maidir le líon níos mó ná 5,000 áras cónaithe incheannaithe ar thalamh a bhí faoi úinéireacht an Stáit nó a bhfuil éadáil déanta ag an Stát chun na críche seo air. Tá an obair thógála ar siúl maidir le roinnt mhaith tograí agus táthar amach go maith san obair phleanála maidir le tograí eile.

Tá conarthaí sínithe freisin maidir le beagnach 600 árasán nua faoin scéim Croí Cónaithe (Cathracha) agus tá tograí eile á meas faoi láthair ag an nGníomhaireacht Tithíochta.

Tá an Rialtas tugtha do bhrostú leis an dul chun cinn seo agus beidh leasú á dhéanamh i mbliana againn ar an gCreat Náisiúnta Pleanála, lena n-áirítear athrú ar na spriocanna tithíochta faoi mar a thugtar san áireamh an fhianaise is deireanaí ón Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta maidir le forás ar an daonra agus líon na ndaoine sa teaghlach.

Tabharfar bearta bunúsacha athchóiriúcháin i bhfeidhm leis an straitéis chomh maith le cur le hacmhainn na hearnála agus an nuáil a chur chun cinn. Cinnteofar leis an mbeartaíocht seo ar fad go gcuirtear ar fáil dóthain áras cónaithe de na cineálacha cuí sna háiteanna cuí agus tabharfar athrú suntasach i dtreis maidir le tithíocht a chur ar fáil a fhónfaidh don éileamh a shásamh san am atá romhainn.

Ag trácht don Taoiseach, Leo Varadkar T.D., ar fhoilsiú na tuarascála ar Dhul chun Cinn R4 2023, dúirt sé:

“Is mian leis an Rialtas go mbeadh áras slán cónaithe ag an uile dhuine chomh maith le deis úinéireachta a bheith acu. Tá deimhnithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh gur mó áras cónaithe nua a tógadh anuraidh ná in aon bhliain ó 2008 i leith – is é sin le 15 bliana anuas. Táthar faoin tráth seo ag cur borradh faoin tógáil tithíochta bliain i ndiaidh bliana agus sruth maith cruthaithe d'árais phríobháideacha, shóisialta agus incheannaithe agus d'árais ar cíos costais atá dea-thógtha. Feictear sin ar dhroim talún le tithe agus árasáin nua á dtógáil ar fud na tíre. Is léir freisin gur lú anois atá árais cónaithe á ligean i léig agus go bhfuil cuid mhór tógála ar bun maidir le tithíocht do mhic léinn. Níl a leithéid sin san áireamh leis na figiúirí atá á bhfoilsiú inniu.

Tá athrú tagtha ó 5,000 áras nua cónaithe in aghaidh na bliana sa bhliain 2012, an chéad bhliain iomlán agam féin sa Rialtas, go dtí níos mó ná 32,000 anois - méadú faoi shé. Agus ó tháinig an Rialtas seo i bhfeidhm, tá ardú níos mó ná 50% tugtha i gcrích. Tá cúig chéad ceannaitheoir céaduaire in aghaidh na seachtaine ag tarraingt anuas a gcuid morgáistí – an leibhéal ceannacháin is mó ag ceannaitheoirí céaduaire ó bhí mise sna fichidí. Is é cúram atá anois orainn díriú ar an gcur i bhfeidhm agus gach beart a dhéanamh is gá chun an dul chun cinn tairbheach seo a choinneáil ar bun.”

Dúirt an Tánaiste, Micheál Ó Máirtín, T.D.:

"Feictear ó na figiúirí is deireanaí seo gur tógadh 32,695 áras nua cónaithe anuraidh - ardú 10% ón mbliain 2022. Ciallaíonn sin gur tógadh níos mó ná 100,000 áras nua cónaithe ar fud na tíre ó tháinig an Rialtas seo i gcumhacht.

Tá an dul chun cinn go tréan, go deimhin tá brostú faoi. Tá maith á déanamh agus dea-thoradh ar an mbeartaíocht maidir le cúrsaí tithíochta.

Leanfar le linn na bliana 2024 den dul chun cinn seo. Ó cuireadh tús leis an obair thógála ar 32,800 áras nua cónaithe anuraidh, tá sruth láidir faoin soláthar don am atá romhainn. Tá an Rialtas seo tugtha do chóras tithíochta fadtéarmach inmharthana a chruthú do mhuintir na linne seo agus do na glúnta atá le teacht."

Is éard a dúirt an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus an tAire Iompair, Eamon Ryan T.D.:

“Tuigeann an Rialtas seo gurb é an t-áras cónaithe is cóiriúla a chur ar fáil ná ceann atá tógtha cheana féin. I ndáil le haidhm an Rialtais árais cónaithe a chur ar ais in úsáid go tairbheach, ardaíodh an deontas a chuirtear ar fáil maidir le háras folamh a athchóiriú go dtí uasmhéid €50,000 agus suas le €70,000 sa chás gur áras tréigthe atá i gceist. Is rífhónta an toradh air sin. Ceadaíodh níos mó ná 3,000 iarratas ar Dheontas maidir le hÁras Folamh a Athchóiriú anuraidh. Trína aontú síneadh a chur le hIasacht Tithíochta an Údaráis Áitiúla níos deireanaí i mbliana ionas go dtagann áras tréigthe a cheannach faoina scáth, tá bealach á chur ar fáil freisin do chuid mhór daoine agus teaghlach incháilithe chun áras cónaithe a bhí ligthe i léig a chur i riocht a úsáide in athuair. Is ábhar ríméid agam freisin an scéim Croí Cónaithe (Cathracha) a fheiceáil á tabhairt i bhfeidhm, scéim faoinar féidir le daoine árasán inacmhainne i lár cathrach a cheannach ar mhaithe le cónaí ann.”

Is éard a dúirt an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien TD freisin:

“Cuireadh an líon bliantúil is mó go fóill d'árais chónaithe, 32,695, ar fáil anuraidh rud a fhágann gur tógadh níos mó ná 100,000 áras cónaithe ón mbliain 2020 i leith, is é sin ó chuaigh an Rialtas seo i mbun oibre. Is comhartha na figiúirí suntasacha le gairid faoi thús le hobair thógála go bhfuil forás go leanúnach ar an soláthar, ní atá ríthábhachtach chun dul i ngleic leis an riachtanas tithíochta, agus go bhfuil stoc maith tithíochta á thabhairt chun cinn.

Tá ardú ar na figiúirí i ndáil le gach ceann de na táscairí is tábhachtaí a bhaineann le cúrsaí tithíochta – tús le hobair thógála, deireadh le hobair thógála agus cead pleanála – dea-thuar maidir leis an soláthar san am atá romhainn. Cruthúnas an toradh fónta seo go mbíonn feidhm le plean stuama. Go deimhin, is léir ón tuarascáil Euroconstruct le gairid gur cás eisceachta Éire i measc thíortha na hEorpa - eisceacht shochrach sa chás seo - cé go meastar go rachaidh an obair thógála go foriomlán ar fud 19 dtír san Eoraip ar gcúl i rith na bliana 2024, tá á thuar go mbeidh borradh faoin mbeartaíocht tógála in Éirinn.”

Nótaí d’Eagarthóirí

Tithíocht do Chách

• Is plean tithíochta an Rialtais d’Éirinn suas go dtí an bhliain 2030 é ‘Tithíocht do Chách’. Is féidir é a léamh ag www.gov.ie/housingforall. Is é cuspóir iomlán an phlean ná: ‘Ba cheart go mbeadh rochtain ag gach duine sa Stát ar áras le ceannach nó le fáil ar cíos a bhfuil costas inacmhainne air, atá tógtha ar ardchaighdeán agus atá tógtha san áit cheart agus a chuirfeadh caighdeán ard saoil ar fáil.’

• Is féidir an Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn R4 2023 maidir le Tithíocht do Chách a léamh anseo

CRÍOCH