An teolas is déanaí maidir le tithíocht do chách
-
Ó: Roinn an Taoisigh; An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
- Foilsithe: 24 Aibreán 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Cead tugtha ag an gComh-Aireacht síneadh a chur le tarscaoileadh maidir le tobhach forbartha & le haisíoc na muirear ceangail uisce.
- Cuireadh tús le tógáil 12,000 áras cónaithe i R1 2024, an líon is mó riamh.
- Tá ag éirí thar barr leis an Deontas Athchóirithe do Réadmhaoin Fholamh agus 4,376 iarratas ceadaithe ar fud na tíre.
- Mar thoradh ar an athbhreithniú amhantair a rinneadh ar an bPlean Forbartha Náisiúnta (PFN) leithdháileadh €100 milliún i maoiniú breise a fhágfaidh go gcuirfear breis is 1,000 leaba ar fáil do mhic léinn in UCD, DCU agus in Ollscoil Mhá Nuad.
- Mar thoradh ar Scéim an Chéad Bhaile, tá na mílte de shaoránaigh na tíre ábalta áras cónaithe inacmhainne a cheannach - tá €40m Maoiniú Stáit breise geallta don Scéim.
Tá cead tugtha ag an gComh-Aireacht síneadh a chur le tarscaoileadh ranníocaíochtaí forbartha údaráis áitiúil “alt 48” go deireadh na bliana seo agus le haisíoc muirear ceangail uisce agus fuíolluisce Uisce Éireann go tús Mhí Dheireadh Fómhair.
Rinneadh an fógra nuair a bhí an Taoiseach Simon Harris, an tAire Eamon Ryan agus an tAire Darragh O’Brien ag cur an nuashonrú ráithiúil is déanaí faoi Tithíocht do Chách i láthair, agus leag ceannairí an Rialtais agus an tAire béim ar go bhfuil siad fós diongbháilte maidir lena dtiomantas an móiminteam dearfach reatha i seachadadh áras cónaithe nua a mhéadú.
Cuireadh tús le tógáil nach mór 12,000 áras cónaithe nua sna chéad trí mhí den bhliain seo. Is é sin an figiúr R1 is airde ó cuireadh tús le huimhreacha dá leithéid a thaifeadadh, sin méadú 63% ar an tréimhse chéanna anuraidh. Cinnteofar, mar thoradh ar an gcinneadh síneadh a chur leis an scéim tarscaoilte agus leis an scéim aisíoca, go leanfar de sholáthar áras cónaithe nua a threisiú.
Rinne an Comh-Aireacht athbhreithniú freisin ar Thuarascáil ar Dhul Chun Cinn 2024 faoin bPlean Gníomhaíochta d’Árais Chónaithe Fholmha, ina gcuirtear nuashonruithe ar fáil ar an raon beart atá ar bun chun cuidiú le daoine réadmhaoine folamha agus tréigthe a úsáid arís mar árais chónaithe.
I measc na mbuaicphointí tá:
- Deontas Athchóirithe do Réadmhaoin Fholamh: Tá 7,530 iarratas faighte agus nach mór 60% díobh (4,376) ceadaithe go dtí seo. Tá 265 deontas íoctha le hiarratasóirí de réir mar a cuireadh obair athchóirithe i gcrích.
- An Ciste Athghiniúna agus Forbartha Uirbí (CAFU): Tá €150 milliún curtha ar fáil d’údaráis áitiúla faoi Ghairm 3 den CAFU chun dul i ngleic le hárais chónaithe atá folamh agus tréigthe trí réadmhaoine a fháil le hathúsáid nó le díol ar fud bailte agus cathracha. Tá maoiniú ceadaithe go dtí seo do bhreis is 900 réadmhaoin faoin nGairm seo agus tá 11 baile nua curtha leis an gclár CAFU atá ábalta leas a bhaint as maoiniú faoi Ghairm 3.
- Tá Clár Gníomhachtúcháin um Ordú Ceannaigh Éigeantaigh (OCÉ) Nua seolta chun údaráis áitiúla a spreagadh le cur chuige réamhghníomhach agus córasach a ghlacadh chun dul i ngleic le hárais chónaithe atá folmha agus tréigthe, lena n-áirítear a gcumhachtaí a úsáid chun réadmhaoin a fháil ar bhonn éigeantach nuair is gá.
- Faoin mBeartas Lár Bailte ar dTús, tá Oifigigh um Athghiniúint Bailte fostaithe ag 26 údarás áitiúil agus tá Pleananna Bailte forbartha. Tá dul i ngleic le hárais chónaithe atá folmha agus tréigthe ina phríomhchuspóir faoi na pleananna seo.
Tugtar léargas sa Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn R1 2024, a foilsíodh inniu, ar an dul chun cinn suntasach atá déanta ó thús na mbliana, lena n-áirítear:
- 809 ceadú tugtha agus 262 áras cónaithe ceannaithe faoi Scéim an Chéad Bhaile in R1 amháin. Tá ceaduithe ardaithe 38% le hais R1 2023. I bhfianaise an rath atá ar an Scéim go dtí seo, tá €40m breise geallta againn di, ag leanúint d’úinéireacht tí inacmhainne do shaoránaigh na tíre a threisiú.
- Anailís nuashonraithe ar mhaoiniú forbartha, a leagann béim ar an tábhacht a bhaineann leis an Stát agus leis an earnáil phríobháideach a bheith ag obair i gcomhar chun árais chónaithe a chur ar fáil ar an scála a theastaíonn sa tír.
- Dul chun cinn ar an mBille um Pleanáil agus Forbairt, a bhfuil Céim an Choiste san Oireachtas críochnaithe ina leith.
- Béim ar Mhodhanna Nua-Aimseartha Tógála (MNT) a ghlacadh níos minice – cuireadh tús le dhá scéim phíolótacha thoirtmhéadracha 3T i Loch Garman agus i gCeatharlach agus rinneadh dul chun cinn leanúnach ar Chlár Seachadta Luathaithe faoina gcuirfear 1,500 áras cónaithe sóisialta nua ar fáil trí úsáid a bhaint as MNT.
- Feachtais fógraíochta, lena n-áirítear an tionscnamh Building Heroes a seoladh an tseachtain seo caite, chun gairmeacha san earnáil tógála a spreagadh.
Aontaíodh freisin €100 milliún de mhaoiniú breise a leithdháileadh ar an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta chun níos mó ná 1,000 leaba lóistín saintógtha do mhic léinn a chur ar fáil in UCD (493), DCU (495) agus in Ollscoil Mhá Nuad (116).
Cuirfear maoiniú stáit ar fáil mar mhalairt ar 30 faoin gcéad de na leapacha nuathógtha a chuirfear ar fáil do mhic léinn i ngrúpálacha tosaíochta an Phlean Rochtana Náisiúnta nó i gcatagóirí mac léinn atá incháilithe do thacaíocht trí SUSI ar ráta cíosa lascainithe ar feadh 30 bliain.
Ag trácht dó ar fhógra an lae inniu, dúirt an Taoiseach, Simon Harris:
“Tá i bhfad níos mó ná a spriocanna bainte amach ag Tithíocht do Chách ó seoladh é in 2021. Cuidíonn an cinneadh síneadh a chur le tarscaoileadh an tobhaigh forbartha agus aisíoc Uisce Éireann linn cur leis na leibhéil tosaigh a chonacthas i R1 chun a chinntiú go leanfaimid orainn ag soláthar níos mó agus níos mó áras cónaithe ar fud na tíre chun freastal ar riachtanais shaoránaigh na tíre.
“Cuirfimid le hacmhainneacht agus le nuálaíocht in earnáil na tógála le linn na bliana 2024 agus muid ag ullmhú do sheachadadh níos láidre fós don bhliain seo chugainn agus ina dhiaidh sin. Meallfaimid agus cuirfimid fáilte roimh infheistíocht phríobháideach chuig ár margadh tithíochta mar a rinneamar riamh, chun a chinntiú gur féidir leis an Stát agus leis an earnáil phríobháideach leanúint de bheith ag obair i gcomhpháirtíocht chun an scála suntasach atá de dhíth orainn ar fud na tíre a bhaint amach.”
Is éard a dúirt an Tánaiste, Micheál Ó Máirtín:
““Dúirt mé i gcónaí go bhfuil an soláthar ríthábhachtach chun dul chun cinn a dhéanamh i dtithíocht, agus tá móiminteam ann faoi Thithíocht do Chách, le leibhéil níos airde ná bhí riamh d’árais chónaithe nua á dtógáil, píblíne láidir, agus níos mó ceannaitheoirí céaduaire ag fáil eochracha dá dteach féin.
“Tá na tacaíochtaí ceannaigh inacmhainne ag déanamh difear mór do shaol daoine. Ó seoladh é i mí Iúil 2022, bhain níos mó ná 4,000 duine aonair agus lánúin leas as an Scéim an Chéad Bhaile. Bhí os cionn 800 ceadú i ráithe a haon, méadú beagnach 40% i gcomparáid leis na trí mhí chéanna anuraidh.
“Ina theannta sin, thacaigh an Scéim um Chuidiú le Ceannach le beagnach 2,000 teach a cheannach sna chéad trí mhí den bhliain seo.”
Is éard a dúirt an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus an tAire Iompair, Eamon Ryan:
“Tá dul chun cinn ceart á dhéanamh anois ar fud na tíre maidir le dul i ngleic le hárais chónaithe fholmha agus thréigthe. Fuarthas iarratais ar an Deontas Athchóirithe Réadmhaoine Foilmhe i ngach údarás áitiúil, agus ceadaíodh níos mó ná 4,300 go dtí seo.
“Ní hamháin go gcuireann úsáid a bhaint as seanfhoirgnimh arís brí agus fuinneamh nua i gcathracha, bailte, sráidbhailte agus ceantair thuaithe na tíre. Is forbairt inbhuanaithe í a chuideoidh linn ár gcuspóirí aeráide a bhaint amach.
“Is acmhainn den scoth é an Lámhleabhar nuashonraithe chun Árais Chónaithe a Tabhairt ar Ais, a foilsíodh inniu, dóibhsean ar spéis leo foirgnimh fholmha agus thréigthe a athchóiriú. Leanfaidh an Rialtas de bheith dírithe ar níos mó dul chun cinn a dhéanamh sa réimse seo de réir mar a bheidh muid ag leanúint dár bPlean Tithíochta do Chách a chur chun feidhme.”
Is éard a dúirt an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien freisin:
“Gan amhras, mar thoradh ar an tarscaoileadh ar ranníocaíocht forbartha agus ar an scéim aisíoctha maidir le ceangal uisce Uisce Éireann, tá borradh tagtha faoi thús a chur le hárais chónaithe nua agus lenár bpíblíne soláthair, a bhfuil géarghá leis, agus tús curtha le tógáil 11,956 teach nua sna chéad trí mhí den bhliain seo amháin - méadú 63% i gcomparáid leis an tréimhse chéanna in 2023 agus an chéad ráithe riamh.
“Gan amhras, is phríomhthoisc é go bhfuil an scéim tarscaoilte agus an scéim aisíoctha sealadach agus go mbaineann teorann ama leo maidir le tionchar a imirt ar ghníomhachtú níos tapúla ceadanna pleanála ag forbróirí ó tugadh isteach iad anuraidh, lena n-áirítear ceadanna pleanála a tugadh le roinnt blianta anuas agus nár gníomhachtaíodh.
“Chun a chinntiú go mbainfear an leas is fearr as an mbeart seo, agus go gcuirfear níos mó tithe ar fáil chomh tapa agus is féidir, d'iarr mé ceadú ón gComh-Aireacht síneadh a chur le haisíoc Uisce Éireann go dtí tús mhí Dheireadh Fómhair agus síneadh a chur leis an tarscaoileadh ranníocaíochta forbartha go dtí deireadh na bliana seo - agus fuair mé an ceadú sin. Cinnteoidh sé seo go dtiocfaidh i bhfad níos mó árais chónaithe chun cinn i mbliana agus go dtarlóidh sé níos tréine ná mar a dtarlódh murach sin. Is dea-scéala é sin dóibhsean go léir atá ag lorg áit dá gcuid féin.”
Is éard a dúirt an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Scileanna, Patrick O’Donovan:
“Is fógra suntasach é seo ón Rialtas agus is deimhniú é go bhfuil toradh ar a fhreagra comhaontaithe beartais maidir le dul i ngleic le dúshláin a bhaineann le lóistín do mhic léinn.
“Sa ról nua atá agam, tuigim níos fearr fós gur féidir le costas lóistín a bheith ina dhúshlán do go leor mic léinn agus go bhfágfadh sin nach mbeadh go leor daoine ábalta ardoideachas a bhaint amach.
“Cuideoidh an infheistíocht sin, áfach, leis an soláthar tithíochta do mhic léinn a mhéadú i gcuid de na campais is mó atá againn agus, ós rud é go bhfuil cuid mhór de dírithe orthusan is mó a bhfuil gá acu leis, táimid ag leanúint lenár mbeartas maidir lena chinntiú go mbeidh rochtain ag cách ar an oideachas.”
Nótaí d’Eagarthóirí
Tithíocht do Chách
- Is plean tithíochta an Rialtais d’Éirinn suas go dtí an bhliain 2030 é ‘Tithíocht do Chách’. Is féidir é a léamh ag Item was unpublished or removed Is é cuspóir iomlán an phlean ná: ‘Ba cheart go mbeadh rochtain ag gach duine sa Stát ar áras cónaithe le ceannach nó le fáil ar cíos a bhfuil costas inacmhainne air, atá tógtha ar ardchaighdeán agus atá tógtha san áit cheart agus a chuirfeadh caighdeán ard saoil ar fáil.’
- Is féidir an Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn R1 2024 maidir le Tithíocht do Chách a léamh Item was unpublished or removed
Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn faoin bPlean Gníomhaíochta d’Árais Chónaithe Fholmha & an Lámhleabhar chun Árais Chónaithe a Thabhairt ar Ais
- Is féidir Tuarascáil 2024 ar Dhul Chun Cinn faoin bPlean Gníomhaíochta d’Árais Chónaithe Fholmha a léamh Item was unpublished or removed
- Agus aitheantas á thabhairt don mhéid spéise atá ag an bpobal anois i réadmhaoine folmha a athchóiriú, tá an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ag foilsiú leagan nuashonraithe dá Lámhleabhar chun Árais Chónaithe a Tabhairt ar Ais ina gcuirfear treoir shoiléir ar fáil d'úinéirí réadmhaoine, do dhaoine den phobal, d'údaráis áitiúla agus dóibhsean a bhfuil baint acu le tionscal na tógála maidir leis an gcaoi a mbaineann ceanglais rialála reatha le cineálacha foirgneamh coitianta atá ann cheana féin. Tá an Lámhleabhar nuashonraithe le fáil Item was unpublished or removed
- 11 bhaile nua curtha le Clár CAFU: Leagtar amach i gcinneadh Rialtais an 14 Bealtaine 2018 na critéir incháilitheachta do chathracha agus do bhailte maidir lena ligean isteach i gclár maoinithe CAFU - bailte a bhfuil daonra níos mó ná 10,000 acu nó a bhfuil 2,500 post ar a laghad acu. Cheadaigh an Rialtas liosta na mórcheantar cathrach, na gcathracha agus na mbailte incháilithe ag an am.
I gcinneadh an Rialtais maidir leis an tríú babhta maoinithe faoi CAFU, cheadaigh an Rialtas don Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta na bailte sin a chomhlíonann incháilitheacht CAFU ag eascairt as torthaí dhaonáireamh 2022 a ligean isteach sa chlár.
Rinne aonad gnó CAFU anailís ar thorthaí dhaonáireamh 2022 agus chinn sé go gcomhlíonann 11 bhaile nua na critéir incháilitheachta le haghaidh stádas CAFU. Is iad seo a leanas na 11 bhaile: Cill Dara, Baile Átha Í, Órán Mór, an Caisleán Nua, Carraig Thuathail, Droichead na Bandan, Cloich na Coillte, an Ros, Port Mearnóg, an Caisleán Nua Thiar agus Ráth Tó.
Lóistín do Mhic Léinn
- Tá an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Scileanna i dteagmháil freisin le Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath maidir lena dtionscadal lóistín do mhic léinn chun 358 spás leapa saintógtha do mhic léinn a sholáthar, chomh maith le hOllscoil Luimnigh do 202 leaba, agus tionscadal léasaithe féideartha in Ollscoil na Gaillimhe a sholáthródh 272 leaba.
CRÍOCH