Asléamh ar ghlao le hUachtarán na Comhairle Eorpaí, Charles Michel
- Foilsithe: 7 Meitheamh 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Labhair an Taoiseach, Simon Harris, le hUachtarán na Comhairle Eorpaí, Charles Michel inniu.
Phléigh siad dhá chruinniú de chuid na Comhairle Eorpaí a bheidh ar siúl i mí an Mheithimh chomh maith le Cruinniú Mullaigh um Shíocháin san Úcráin a bheidh ar siúl san Eilvéis an 15/16 Meitheamh.
Dheimhnigh an Taoiseach go mbeidh sé i gceannas ar thoscaireacht na hÉireann chuig an gCruinniú Mullaigh um Shíocháin, sula rachaidh sé chuig an gComhairle Eorpach sa Bhruiséil (17/18 Meitheamh).
D’fhreastail an tUachtarán Zelensky ar chomóradh mothúchánach 80 bliain D-Day sa Fhrainc inné agus dúirt Simon Harris gur meabhrú soiléir é sin go bhfuil uafás an chogaidh ag bagairt ar an Eoraip arís.
Phléigh siad freisin an tubaiste leanúnach dhaonnúil sa Mheánoirthear agus an géarghá atá le sos cogaidh agus le gialla a scaoileadh saor.
D'aontaigh Simon Harris agus Charles Michel fanacht i dteagmháil sna seachtainí amach romhainn.