English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Buaileann an Taoiseach le hAmbasadóir na Palaistíne chun na hÉireann i dTithe an Rialtais

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 6 Meitheamh 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Bhí cruinniú inniu ag an Taoiseach Simon Harris le hAmbasadóir na Palaistíne chun na hÉireann, an Dr Jilan Wahba Abdalmajid i dTithe an Rialtais.

Ba é an cruinniú seo an chéad uair d’Ambasadóir Palaistíneach a bheith i láthair go foirmiúil in oifig an Taoisigh, mí tar éis aitheantas na hÉireann i leith Stát na Palaistíne.

Ghabh an Dr Abdalmajid buíochas leis an Taoiseach agus le muintir na hÉireann agus dúirt sí gur údar nirt, dóchais agus solais é an t-aitheantas sin, i dteannta na Spáinne agus na hIorua, do mhuintir na Palaistíne agus iad ar chosán na síochána agus gur cuireadh an tír ar leibhéal eile i ndearcadh an domhain.

Dúirt an Taoiseach go raibh polasaí eachtrach na hÉireann á threorú i gcónaí ag an dlí idirnáisiúnta agus ag cearta an duine, agus go bhfacas go raibh géarghá le réiteach dhá stát. Cháin sé Hamas, an t-ionsaí uafásach ar Iosrael agus an choinneáil leanúnach giall.

Labhair an Taoiseach agus an tAmbasadóir faoin iarracht atá ar bun faoi láthair sos cogaidh a bhaint amach agus gialla a scaoileadh saor. Dúirt an Taoiseach go bhfuill dualgas anois ar gach páirtí brú a chur agus dul i ngleic le cúrsaí, in ainneoin aon bhrú inmheánach atá orthu.

Chuir an tAmbasadóir an Taoiseach ar an eolas faoin gcás daonnúil atá ag dul in olcas i nGaza agus faoin ngéarghá atá ann i bhfad níos mó bia agus cabhrach a thabhairt trí thrasnú Rafah ná mar atá ag dul tríd faoi láthair.

Dúirt an Taoiseach nárbh é aitheantas a thabhairt don Phalaistín deireadh an phróisis, ach a thús.

Dúirt sé go gcuirfear leis an obair in Éirinn agus go n-oibreofar le comhpháirtithe Arabacha agus Eorpacha chun tacú le Fís Síochána na nArabach agus le céimeanna praiticiúla chun an réiteach dhá Stát a chur i bhfeidhm. Díreofar láithreach ar shos cogaidh práinneach i nGaza, ar ghialla a scaoileadh gan choinníoll, ar rochtain dhaonnúil iomlán shábháilte gan bhac, agus ar mhéadú tapa agus inbhuanaithe ar chabhair dhaonnúil.