English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Buaiteoir an Chomórtais Séadchomharthaí Náisiúnta VEID agus SEIF

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 15 Nollaig 2022
  • An t-eolas is déanaí: 16 Eanáir 2023

Bronnadh an coimisiún don chomórtas Séadchomharthaí Náisiúnta VEID agus SEIF ar Anaisa Franco agus ar Michael R. DiCarlo, tar éis comórtas oscailte ina raibh dhá chéim.

Ba é teideal an togra dá gcuid ar éirigh leis ná Embraced Loop agus is ionann é sin agus coincheap a bhaineann leas as leagan teibí den siombail VEID, an ribín dearg, chun cruth paraiméadrach a chruthú ina ndúnann an lúb rópa agus a chruthaíonn barróg den dlúthpháirtíocht.

Tá sé beartaithe an Séadchomhartha Náisiúnta VEID agus SEIF a shuiteáil i bPáirc na nDaoine i bPáirc an Fhionnuisce in 2023. Is é an cuspóir atá leis ná na daoine sin a bhásaigh a thabhairt chun cuimhne agus ceiliúradh a dhéanamh ar a saol agus an méid a chur siad leis an sochaí, agus ag léiriú dlúthpháirtíocht freisin leo sin atá ag maireachtáil le VEID agus a bhfuil tionchar aige ar a saol sa lá atá inniu ann. Beidh an séadchomhartha mar chomhartha ómóis freisin do chairde, do theaghlaigh, do ghrúpaí tacaíochta, do dhochtúirí, d’altraí agus do chúramóirí a chaith cuid mhaith dá saol agus a gcuid oibre ag iarraidh feabhas a chur ar chóireáil maidir le VEID.

Deir an Taoiseach:

”Tá sé ceathracha bliain ó tuairiscíodh VEID agus SEIF den chéad uair in Éirinn agus ardóidh an Séadchomhartha Náisiúnta tiomanta seo feasacht na ndaoine, agus cruthóidh sé spás oiriúnach agus uilechuimsitheach do dhaoine chun teacht le chéile chun machnamh a dhéanamh agus smaoineamh ar a ndaoine muinteartha.”

Deir an Tánaiste:

”Tá ceathracha bliain caite ó tuairiscíodh an chéad chás de SEID in Éirinn. Fágann na feabhsúcháin ollmhóra ar chóireáil ó shin gur tinneas ainsealach é VEID anois nach féidir a aistriú chuig daoine eile seachas tinneas doleigheasta. Mar sin féin, leanann sé a bheith ar cheann de na tinnis sin is mó lena mbaineann stiogma, agus a fhágann ualach ar theaghlaigh agus ar an bpobal. Beidh an Séadchomhartha Náisiúnta ina áit chuimhneacháin atá tiomnaithe dóibh sin a bhásaigh agus tabharfar chun cuimhne gach duine a thugann cúram. Deis a bheidh ann freisin chun feasacht a ardú agus aghaidh a thabhairt ar na stiogmaí sin. Táim an-bhuíoch do Choiste Maoirseachta Séadchomharthaí VEID agus SEIF dá n-obair tiomanta chun buaiteoir comórtais den scoth a roghnú.”

Bunaíodh Coiste Maoirseachta Séadchomharthaí VEID agus SEIF, faoi chathaoirleacht Roinn an Taoisigh in 2021 chun maoirseacht a dhéanamh ar dhearadh agus ar choimisiúnú an tséadchomhartha. D’eagraigh Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) an comórtas agus rinneadar riaradh air thar ceann an Choiste.

I mí an Mheithimh, lorg Oifig na nOibreacha Poiblí Léirithe Suime ó dhaoine aonair agus ó fhoirne tionscadail lena n-áirítear iarratasóirí gairmiúla agus neamhghairmiúla chun Séadchomhartha Náisiúnta VEID agus SEIF a chruthú. Fuarthas 26 aighneacht incháilithe, chuaigh 8 gcinn acu tríd go dtí Céim 2 den chomórtas, agus áiríodh leis forbairt ar maguette.

Rinne Giúiré arna ainmniú ag an gCoiste Maoirseachta VEID agus SEIF moltóireacht ar an 8 gcinn a bhí sa bhabhta ceannais i mí na Samhna 2022 agus dhaingnigh an Coiste Maoirseachta an buaiteoir i mí na Nollag 2022. B’ionann luach airgeadais an choimisiúin agus €200,000.

Bhí 11 ball ar an nGiúiré a bhí comhdhéanta de dhaoine arna n-ainmniú ag VEID Éireann; Grúpa Stiúrtha Fast Track Cities; Cumann Haemaifilia na hÉireann; Togra Drugaí Ana Liffey; Inscne, Claonadh, Sláinte Ghnéis, VEID (GOSHH); an Chomhairle Ealaíon; agus Príomhailtire de chuid Oifig na nOibreacha Poiblí chomh maith le duine a bhí ainmnithe ag na healaíona.

Bhí an Giúiré an-tógtha le hardchaighdeán na n-aighneachtaí, a d’fhreagair go híogaireach don treoir. Bhí an Coiste Maoirseachta ar chomhintinn le baill an Ghiúiré gur chuir Buaiteoir an Chomórtais togra den scoth chun cinn. Tugadh ar aird ‘go raibh an dealbh tarraingteach do chách, go raibh sé uaillmhianach agus go raibh dea-chuma air agus gur léirigh na healaíontóirí tuiscint iomlán ar an treoir a bhí tugtha.’