English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Casann an Taoiseach leis an Uachtarán Juncker sa Bhruiséil do chainteanna faoi Bhrexit

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 23 Feabhra 2017
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Tá an Taoiseach sa Bhruiséil inniu, Déardaoin an 23 Feabhra, do shraith cruinnithe, mar chuid dá rannpháirtíocht leanúnach maidir le hImeacht na Breataine as an Aontas Eorpach.

Beidh cruinniú déthaobhach ag an Taoiseach, an tUasal Enda Kenny, le Príomh-Aire na Beilge, Charles Michel. Míneoidh sé agus tarraingeoidh sé aird ar na hábhair imní atá ag Éirinn ag éirí ó hImeacht na Breataine as an Aontas Eorpach, lena n-áirítear maidir le Tuaisceart Éireann agus an Próiseas Síochána, an Comhlimistéar Taistil, cúrsaí trádála agus geilleagair, agus todhchaí an AE féin, agus malartóidh sé tuairimí leis an bPríomh-Aire Michel maidir leis an bpróiseas idirbheartaíochta atá romhainn. Déanfaidh an dá cheannaire plé chomh maith ar neart na gcaidreamh déthaobhach agus an mhéid mhór trádála a bhíonn idir an Bheilg agus Éire.

Beidh an Taoiseach i láthair ansin ag imeacht gnó ard-leibhéil arna eagrú ag Fiontraíocht Éireann agus Ambasáid na hÉireann, áit a gcasfaidh sé le roinnt príomhtheagmhálaithe gnó agus a ndéanfaidh sé cur síos ar ár dtiomantas láidir do bhallraíocht an AE, ár gcur chuige i leith idirbheartaíochtaí Imeacht na Breataine as an Aontas Eorpach agus ár ndiongbháilteacht díriú ar an mBeilg mar cheann de phríomhmhargaí easpórtála ag Éirinn.

Cabhróidh an t-imeacht le próifíl na hÉireann a ardú tuilleadh agus ár dtaithí fhairsing agus ár gcumas i bpríomhearnálacha cosúil le tógáil, innealtóireacht, airgeadais agus seirbhísí gnó a chur chun cinn.

Casfaidh an Taoiseach le hUachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Jean Claude Juncker chomh maith. Arís, tapóidh sé an deis chun na hábhair imní ar leith atá againn maidir le hImeacht na Breataine as an Aontas Eorpach a leagan amach, agus chun béim a chur ar an tábhacht a bhaineann le próiseas idirbheartaíochtaí eagraithe agus tairbheach a chosnaíonn an AE agus leasanna na hÉireann agus a cheadaíonn dlúthchaidreamh agus caidreamh dearfach sa todhchaí idir an AE agus an Ríocht Aontaithe.

Críoch