Ceapacháin chuig an gCúirt Dúiche
- Foilsithe: 17 Eanáir 2017
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Ag cruinniú Rialtais inniu, d’ainmnigh an Rialtas Gerard Jones, Uasal, Aturnae, agus Bernadette Owens, Uasal, Aturnae, lena gceapadh ag an Uachtarán chuig an gCúirt Dúiche.
Folúntais iad seo a tháinig chun cinn ó d’éirigh an Breitheamh Bridget Reilly as i mí Lúnasa 2016 agus ó d'éirigh an Breitheamh John O'Neill as i mí na Samhna 2016.
Tá na céimeanna riachtanacha glactha ag an Rialtas chun na hainmniúcháin a chur in iúl go foirmiúil don Uachtarán Higgins de réir nósanna imeachta an Bhunreachta.
Críoch