Ceapachán Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí
- Foilsithe: 27 Deireadh Fómhair 2021
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá Catherine Pierse Uasal ceaptha ag an Rialtas inniu chuig post an chéad Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí eile. Tiocfaidh Catherine Pierse Uasal i gcomharbas ar an Stiúrthóir atá ann faoi láthair, Claire Loftus Uasal, nuair a chuirfidh sí a téarma oifige i gcrích ar an 7 Samhain.
Tá taithí fhairsing i réimse an dlí choiriúil ag Catherine Pierse. An post is deireanaí a bhí aici ná Ceann an Rannáin Seirbhísí Tacaíochtaí Ionchúiseamh in Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí. Bhí róil éagsúla aici go dtí seo, lena n-áirítear Ceann Dlí agus Rialachais san Údarás Póilíneachta; Dlíodóir Forfheidhmithe Sinsearach i mBanc Ceannais na hÉireann; Comhairleoir Dlí i gCoimisiún Ombudsman an Gharda Síochána agus roimhe sin bhí sí ina haturnae cosanta coirpeach. Cuireadh oideachas ar Catherine i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh agus in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste agus cháiligh sí ina haturnae sa bhliain 2001.