Ceapadh chun na Cúirte Achomhairc
- Foilsithe: 13 Meitheamh 2017
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Ag cruinniú Rialtais inniu, d'ainmnigh an Rialtas an tArd-Aighne, Máire R. Whelan S.C. Uasal, lena ceapadh ag an Uachtarán chun na Cúirte Achomhairc.
Folúntas é seo a tháinig chun cinn nuair a d'éirigh an Breitheamh Onórach Garrett Sheehan as i Márta 2017.
Tá na céimeanna riachtanacha glactha ag an Rialtas chun an ceapachán a chur in iúl go foirmiúil don Uachtarán Higgins, de réir nósanna imeachta an Bhunreachta.